CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Daonlathú na nuachta
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Míníonn Diarmaid Mac Mathúna an tslí a raibh deis ag gnáthdhaoine cur le tuairiscí nuachta na meán cumarsáide tar éis bhuamáil Londan an mhí seo caite, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Is de réir a chéile a thuig daoine go raibh rud éigin mór as an ngnách ag tarlú ar chóras iompair Londan le déanaí. Ar dtús, ní raibh an BBC in ann ach cúpla líne eolais a fhoilsiú ar an suíomh nuachta ar líne acu. Ní raibh níos mó fíricí acu ag an am. Ach in ionad an scéal a fhágáil mar sin, chuir siad foirm speisialta idirghníomhach ag bun an leathanaigh ag lorg tuairiscí ón bpobal. “An bhfuil níos mó eolais agatsa faoin scéal seo?” an cheist a bhí á cur ar chuairteoirí go dtí an suíomh. Cúpla uair an chloig ní ba dhéanaí bhí pictiúr soiléir agus uafásach curtha le chéile ó na tuairiscí ar fad – bhí Londain faoi ionsaí arís. Léirigh na heachtraí uafásacha seo i Londain go bhfuil an teicneolaíocht nua chumarsáide tar éis an tslí ina scaipeann scéalta nuachta a athrú as cuimse. Tá an t-idirlíon agus gutháin siúil tar éis an iriseoireacht a dhéanamh daonlathach - agus tá siad tar éis uirlisí nua a thabhairt do na póilíní freisin. Tá go leor cosúlachtaí idir an cur chuige idirghníomhach a bhí ag an BBC sa chás seo agus an blogging a bhíonn ar siúl ag go leor daoine ar líne. Cuireann blogs *ar chumas daoine cineál de nuachtlitir a scríobh ar líne agus bíonn sé suimiúil tuairiscí ar *blogs a léamh ó am go ham in áit suíomh eile nuachta. Go minic bíonn nuacht “úr” iontu – ach bíonn sé deacair bheith cinnte faoin eolas atá úr céanna. An ráflaí agus tuairimíocht atá á bhfoilsiú i blogs nó fíricí? Bhí am ann gur cheap roinnt daoine go gcuirfeadh blogs deireadh le heagraíochtaí móra nuachta ach is léir anois nach dtarlóidh sé sin. Tá gá le córas lárnaithe nuachta chun na tuairiscí ar fad a scagadh agus chun iarracht éigin a dhéanamh na fíricí a chinntiú – cé go mbeidh spás ann i gcónaí do thuairimíocht agus claonadh polaitiúil ar scéalta. Ach b’fhéidir go mbeidh na heagraíochta nuachta traidisiúnta in ann foghlaim ó na *blogs *chun guth a thabhairt don phobal agus a seirbhís féin a fheabhsú. Léirigh cur chuige an BBC gur féidir le heagraíochtaí nuachta leas a bhaint as daonlathú seo na nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil. Ceann de na slite ba shuntasaí inar chabhraigh an pobal leis na craoltóirí ná nuair a sheol siad íomhánna de na heachtraí isteach chucu. Bhí rud éigin an-láithreach agus an-drámata sna híomhánna dorcha ar fad ó cheamaraí ar ghutháin siúil a bhí le feiceáil ar an nuacht. Thaifead roinnt daoine físeáin ghairide agus iad ag éalú ó thraenacha freisin – físeáin a léirigh go díreach an t-uafás a bhain le bheith sáinnithe faoi thalamh. Thóg sé cúpla lá ar na póilíní luach na n-íomhánna sin ar fad a thuiscint – ach anois tuigeann siad go bhfuil a lán fianaise luachmhaire iontu. Tá seoladh ríomhphoist speisialta cruthaithe acu anois chun gur féidir leis an bpobal íomhánna a sheoladh chucu. Agus b’fhéidir gur sin an léiriú is láidre ar an gcumhacht atá an teicneolaíocht tar éis a thabhairt don phobal: tá an pobal féin in ann cabhrú leis na póilíní teacht ar na sceimhlitheoirí a d’ionsaigh iad.

Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie). Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus pacáistí CD-ROM do raon leathan eagraíochtaí in Éirinn agus thar lear. Lena chois sin, foilsíonn sé GaelSpell, tá seiceálaí litrithe Gaeilge foilsithe aige do Microsoft Word agus Office ar Windows ar an suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.