AGALLAMH BEO
Daniel O’Hara
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

dhuais déag, ina measc ceann ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann ag deireadh na míosa seo caite, buaite ag Yu Ming Is Ainm Dom, gearrscannán Gaeilge leis an stiúrthóir Daniel O’Hara as Baile Átha Cliath. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis faoin scannán seo agus faoin gceann nua atá díreach eisithe, Fluent Dysphasia.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Radharc as an scannán Yu Ming Is Ainm Dom
Íomhá
An t-aisteoir Stephen Rea i radharc n scannán Fluent Dysphasia

Yu Ming is Ainm Dom (2003)

Is scannán é seo faoi fhear óg Síneach (Daniel Wu) a fhoghlaimíonn an Ghaeilge mar gur mian leis bogadh go hÉirinn. Nuair a bhaineann an tír amach, áfach, cuireann iontas an domhain air nach dtuigeann daoine gurb í an Ghaeilge atá á labhairt aige. páirt bheag ag Frank Kelly (as Father Ted) sa scannán seo.

iontach te, agus an ghrian ag spalpadh anuas ar an gcosán. shílfeá gur in Éirinn a bhí ar chor ar bith. Ach nach minic a bhíonn tráthnónta fómhair níos fearr aon i lár an tsamhraidh. Bhíos ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath ag fanacht le Daniel O’Hara, an stiúrthóir óg scannáin agus teilifíse, agus ag baint sásaimh as an ngrian ag an am céanna.

Bhí i mo sheasamh taobh amuigh den Leabharlann Náisiúnta nuair a thug rud éigin ait faoi deara. Grianghrafadóir taobh thiar díom, ceamara mór aige agus lionsa fada air. Cúpla garda in aice liom. Ansin, chonaic carr ollmhór dubh ag teacht go ciúin inár dtreo. Na gardaí ina seasamh chun tosaigh, an grianghrafadóir ag cliceáil go beo. Stop an carr, agus é dorcha rúnda istigh. Splanc bheag de bhándearg, duine ag bogadh. a bhí ann? Osclaíodh an doras. Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, ag tabhairt cuairte ar an Leabharlann. Aoibh an gháire uirthi agus í ag croitheadh lámh, agus ansin ar aghaidh léi isteach san fhoirgneamh.

Cúpla soicind ina dhiaidh sin, tháinig Daniel O’Hara ag siúl i mo threo. go bhfuil neart duaiseanna bainte ag a ghearrscannán clúiteach Yu Ming is Ainm Dom, níl an *Merc *aige go fóill.

Is fear óg réchúiseach é Daniel, agus éide an mhic léinn á caitheamh aige: T-léine dhearg, bríste bánbhuí agus seanbhróga reatha. Spéaclaí gréine ar a cheann, agus cúpla leabhar faoin scannánaíocht agus scripteanna faoina ascaill aige.

féidir liom a go raibh a fhios agam i gcónaí céard ba cheart dom a dhéanamh sa saol. Ba iad na teangacha agus an ealaín na hábhair ab fhearr liom ar scoil, agus bhí ag liom féin gur mhaith liom bheith i mo stiúrthóir scannáin dul ag imirt le hArsenal! Is dócha go smaoiníonn mar sin agus óg - bhíonn a fhios agat.”

Fiafraím de ansin faoina chuid oideachais.

Bhí ar scoil i mBelvedere agus, ina dhiaidh sin, rinne céim i gColáiste na Tríonoide.” Sin an áit ina bhfuilimid anois, inár suí faoin ngrian álainn. Gaeilge Bhaile Átha Cliath atá ag O’Hara; líofa ach sleamhnaíonn cúpla focal Gearmáinise Fraincise isteach ina chuid cainte ó am go chéile.

Mar chuid den chéim - Staidear Gnó le Gearmáinis - chaith me bliain sa Ghearmáin ar scéim Erasmus. Bhí bliain iontach agam thall ansin i Regensburg, an bhliain is fearr i mo shaol, lán de chraic.”

B’ansin a bhlais cultúr eile den chéad uair.

Ardeaglais ón 10ú céad, an Danube ag sníomh tríd an gcathair - bhí an ceantar go han-deas. Ar an drochuair, bhí an ollscoil í féin cosúil le UCD: foirgnimh mhóra a tógadh sna seascaidí! Bhí timpeall 20,000 mac léinn ann - daoine ó gach áit ar domhan. Thaitin gach rud go mór liom ansin agus raibh an oiread sin brú orainn.”

Neart taistil

Ó Dheireadh Fómhair 1995 go Meán Fómhair 1996 a bhí O’Hara lonnaithe i Regensburg, agus rinne neart taistil agus é ansin.

raibh Prág ach ceithre uair ar shiúl ar an traein. Bhí cairde agam timpeall na hEorpa, i Maidrid, sa Róimh, i mBeirlín, i Salzburg, ar an scéim chéanna ag foghlaim teangacha eile. Sa Ghearmáin, ticéad speisialta ann do dhaoine óga a chuireann ar a gcumas taisteal ar chostas íseal ag an deireadh seachtaine. Deutschemarks a bhí i gceist ag an am sin, ach níor chosain an taisteal mórán.

Nuair a bhain mo chéim amach, agus tar éis dom samhradh a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, chuir isteach ar obair le comhlachtaí teilifíse in Éirinn agus i Sasana. Chuir iarratas isteach chomh maith leis an Dioplóma Iarchéime i Léiriúchán Scannán a dhéanamh in DIT [Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath] agus ghnóthaigh áit.”

Thosaigh O’Hara ansin i 1997 ar chúrsa a mhair ar feadh bliana acadúla, agus a dhírigh ar ghnéithe éagsúla den scannánaíocht.

Athraíodh an cúrsa go cúrsa bunchéime ceithre bliana ansin, cúrsa níos leithne i scannáin, físeáin, raidió agus iriseoireacht, measaim. Bhí an t-adh liom go raibh an cúrsa iarchéime ann domsa ag an am - ach, fós féin, raibh mórán oibre le fáil ina dhiaidh.”

Tháinig post, áfach, as an obair a rinne gan phá le linn bhliain an dioplóma.

Bhí ag cabhrú le *Podge and Rodge *[clár grinn a bhíonn le feiceáil ar RTÉ 2] le linn chéad séasúr an chláir, agus sheas sin liom. Fuair an taithí oibre sin trí chol ceathrar de mo chuid, agus bhí an t-ádh liom go bhfuair post le Double Z Enterprises [lucht déanta an chláir] i 1998.

Bhí ormsa féachaint i ndiaidh na héadaí agus na propanna a cheannach agus mar sin de. D’oibrigh leo go dtí an ceathrú séasúr de Podge and Rodge, so bhí bainteach le Dustin, agus Zig and Zag chomh maith. Bhí na scríbhneoirí agus na stiúrthóirí an-fhláithiúil go deo liom maidir le comhairle agus áiseanna. Thug siad ceamara digiteach dom ar iasacht nuair nach raibh in úsáid acu, agus chleacht leis aon deireadh seachtaine a bhí in ann. Bhí sin go hiontach dom, mar raibh aon DV, ach scannán, déanta agam in DIT.

Lig siad dom cúpla mír DV a scannánú do Podge and Rodge. Fuair mo chéad phost mar stiúrthóir DV as, le clár siamsaíochta, *It’s a Family Affair *[Green Inc. Productions]. Mise ag dul go teach teaghlaigh chun píosaí beaga a thaifeadadh a taispeánadh mar mhíreanna le linn an chláir sa stiúideo. Sin an fhuinneog, más maith leat, a osclaíodh dom mar stiúrthóir.”

Níl tar éis bheith ag obair go leanúnach ó shin, áfach.

Bíonn deacair postanna fadtéarmacha a fháil sa tionscal seo, go háirithe nuair atá ag tosú,” a adhmaíonn O’Hara. “Bíonn an-chuidbearnaí’ i saol an tsaorstiúrthóra. Níl aon mhaith duit bheith ag fanacht - caithfidh tusa glaoch ar dhaoine agus seó-ríl mhaith a chur le chéile. Fuair roinnt cleachtaidh air sin le bannaí ceoil agus ag lorg oibre leis an gceamara DV.”

San earnáil teilifíse atá an chuid is chuid oibre faighte aige go dtí seo.

Rinne píosaí do Househunters *[Coco Television] agus *Breaking Ball *[Setanta Sport], ach an chéad sraith iomlán a fuair mar stiúrthóir *The Soccer Show, a léirigh an FAI [Football Association of Ireland] agus a craoladh ar SkySports. Bhí an-áthas orm bheith ann don tsraith iomlán, agus bhí stiúrthóir eile ag obair liom.”

An dátheangachas

Agus duine ag lorg oibre san earnáil teilifíse in Éirinn sa atá inniu ann, is buntáiste éigin é a bheith dátheangach. Dála go leor den dream nua atá ag déanamh scannán, scríobhann O’Hara scripteanna i mBéarla agus i nGaeilge, ionas go mbeidh seans níos fearr aige coimisiúin a fháil ó TG4 agus RTÉ.

Níor úsáid an Ghaeilge ón am a d’fhág an scoil. Thosaigh uirthi arís i samhradh 2002, mar bhí orm cur isteach ar scéimeanna cláracha de chuid TG4. Ar ndóigh bhí foclóir agam an t-am ar fad, agus bhí ar dhuine eile na hiarratais a léamh sular seoladh isteach iad.”

Taitníonn an drámaíocht agus cláracha faisnéise le O’Hara ach deir gur fearr leis an drámaíocht.

níos suime agam i scéalta ( go mbíonn scéal i gceist le clár fáisnéise chomh maith). Is breá liom bheith in ann rud a chruthú ón tús, an smaoineamh féin. bhíonn le script díreach ag an tús.”

Mar sin, an bhfuil níos deiseanna sa teilifís sna scannáin, dar leis?

Go gearrthéarmach, ba mhaith liom oibriú ar chláracha teilifíse, agus bheadh fadscannáin níos faide síos an líne. Faoi láthair táim ag cur isteach iarratas chuig comhlachtaí a léiríonn drámaí, anseo agus i Sasana. Ar ndóigh, sásamh le baint as sraith teilifíse, ach is é an fadscannán an bhrionglóid.”

gurbh fhearr leis bheith ag stiúradh bheith ag scríobh, is é tuairim O’Hara gur cheart go mbeadh script chruinn ann.

Is cuma liom scríobhaim féin é scríobhann duine eile é, thaitníonn an script liom, oibrím air. Ach rud amháin a chaithfidh a : féidir script a aistriú. oibríonn .”

Le Yu Ming is Ainm Dom, a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige ar fud an domhain, bhí spriocanna faoi leith ag O’Hara.

Bhí trí rud le cur in iúl agam ansin, agus an chéad rud an teanga a chur os comhair an phobail i slí cineál glic. Smaoinigh ar an dara rud mar daoine ann nach bhfuil cuma Éireannach orthu - ach siad chomh hÉireannach leatsa liomsa. Is tír ilchiníoch í seo anois agus is ábhar áthais dom é sin. An tríú rud an mothúchán a bhuaileann nuair atá in áit eachtrannach, uaireanta -iasc as uisce”, mar a deirtear. Chuaigh go dtí an tSeapáin agus Saipan le linn Chorn an Domhain in 2002, agus is cuimhin liom féachaint ar na biachláracha gan bheith in ann tada a thuiscint. Thaitin Fraincis agus Gearmainis liom ar scoil - ach is féidir foclóir a úsáid leosan. raibh aibítir na Seapáinise ar eolas agam fiú! Bhí ag iarraidh an mothú sin a chur in iúl sa scannán.

Go dtí gur glacadh le *Yu Ming Is Ainm Dom *sna féilte, níor fhreastail riamh ar fhéile scannán ar bith, ach amháin ceann Bhaile Átha Cliath, leis anscannán rúnda. Braithim anois gurbh iad na féilte an taithí is fearr a bhí agam taobh amuigh den scannán féin a dhéanamh. Gaillimh ar dtús - an tslí a ndeachaigh i bhfeidhm ar an lucht féachana. Bhí ansin ag faire agus ag liom féin, ‘Céard a cheapfaidh siad? Sin an fáth a ndéanann an scannán. An rud eile a bhí go hiontach domsa gur cuireadh m’ainm in intinn daoine nár chuala riamh fúm. Sin an rud is fearr a thagann as na féilte.”

Agus chun an leas is fearr a bhaint astu, is duit bheith i láthair acu. Níor bhain sin pioc as an stiúrthóir óg seo, ar maith leis bheith ag taisteal ar fud an domhain.

Bhíos i Montréal anuraidh ag an bhféile Just For Laughs. Faraor géar, féidir dul chuig chuile fhéile, de cheal airgid! Chuaigh chuig Aspen, Colorado, i Aibreáin agus raibh ach 58 scannán ar siúl ag an bhféile ansin. Mar sin, bhí deis bualadh le gach duine agus seans maith go raibh do ghearrscannán feicthe acu. Faigheann roinnt mhaith teachtaireachtaí ríomhphoist tar éis féilte mar sin, agus is bealach áisiúil iad i gcónaí chun dul i dteagmháil le léiritheoirí.”

Dar ndóigh, níos fearr fós in ann a le daoine go bhfuil tionscadal nua idir lámha agat. An bhliain seo chugainn, O’Hara ag iarraidh dul ar ais go Colorado mar go bhfuil i gceist acu DVD a chur le chéile ansin.

éiríonn leat scannán a fháil isteach sna féilte seo, cabhraíonn go mór leat. súil agam go dtiocfaidh obair eile as. suim mhór agam bheith ag taisteal. Ceapaim go bhfuil an t-ádh leat bunáit agat i dtír amháin agus seans agat taisteal. Ba bhreá liom oibriú sa Ríocht Aontaithe sna Stáit Aontaithe.”

Agus an fonn sin air, cén fáth a ndéanann gearrscannáin i dteanga, an Ghaeilge, nach dtuigtear i gcuid mhaith den domhan, nuair atá ceann eile aige atá le fáil níos forleithne?

níos i gceist na focla. Féach ar Hector [Ó hEochagáin]. thuigeann gach éinne sa bhaile na focla atá á aige, bíodh siad i Spáinnis i nGaeilge, ach tuigeann siad é mar sin féin agus taitníonn leo. ‘Is cuma muna dtuigim, ag baint suilt as a bhfuil le feiceáil agam.

fhaca scannán Gaeilge ar bith, gur cuimhin liom, ach amháin Lipservice [Brother Films, 1998]. Chuaigh sin i bhfeidhm orm mar bhí an Ghaeilge ann go réadúil agus bhí sothuigthe. Bhí gach éinne in ann é a thuiscint. B’fhéidir gur chuir sin ag smaoineamh . Níl an Ghaeilge do na Gaeltachtaí amháin - agus níl an dualgas ar mhuintir na Gaeltachta í a mhúineadh do mhuintir na Galltachta. daoine ann nach bhfuil sa Ghaeltacht, agus Gaeilge de shaghas éigin acusan freisin. Mar phríomhtheanga de chuid na tíre, níl go leor á dhéanamh di faoi láthair. Cheap go raibh cúrsaí aibí chun scéal a scríobh.”

Féith an ghrinn

féith ghrinn O’Hara le feiceáil sna tionscadail atá déanta aige go dtí seo.

Is ea, taitníonn cláracha grinn liom, ar nós *Only Fools and Horses, Blackadder, Fawlty Towers *- bíonn siad i gcónaí ar siúl ar an mbosca inár dteach.”

Faoi láthair O’Hara i mbun scripteanna a fhorbairt do TG4 le Paddy C. Courtney (aisteoir agus fear grinn ar oibrigh leis cúpla uair roimhe seo) do shraith ghrinn.

an chéad script scríofa, agus imlínte do na cláracha eile againn, ach caithfear iad a phlé tuilleadh.” Beidh an tsraith suite i mBaile Átha Cliath, agusag dul níos faide leis an dátheangachas.”

Ó thaobh scannán níos dáiríre de, luann cúpla ceann a thaitníonn leis.

An deireadh seachtaine seo caite, cheannaigh dhá DVD: Chinatown agus Rosemary’s Baby. meas agam ar Roman Polanski, dar ndóigh.”

Measann gur cheart scannán a fheiceáil ar an scáileán mór, chun an éifeacht is fearr a fháil.

Is cuimhin liom an chéad scannán bhfaca riamh sa phictiúrlann, Snow White and the Seven Dwarves (agus níorbh é sin an chéad uair a tháinig amach!) Is ea, sin scannán a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Bhí an-óg an an am - thart ar a trí, b’fhéidir.”

Lean an spéis sin sa bheochan, mar le linn a chuid taithí oibre agus é fós sa mheánscoil, chuaigh ag obair le Sullivan Bluth Studios i mBaile Átha Cliath.

Bhíos san idirbhliain ag an am. An jab a bhí agam pictiúirí na n-ealaíontóirí a fhótachóipeáil, agus seoladh ansin iad chuig an gCóiré le bheith aistrithe ina gcillíní agus le bheith péinteáilte. An tionscadal a bhí idir lámha acu ag an am sin Stanley’s Magic Garden *(a eisíodh faoin teideal *A Troll in Central Park).”

Agus céard faoi thionchar na scannán Eorpach?

Thaitin *Run Lola Run *[1998] go mór liom, go háirithe mar gur thuig an chuid is raibh á acu sa Ghearmáinis. Ach measaim nach dtagann chugainn anseo ach fíorbheagán de na scannáin a dhéantar san Eoraip. fheicimidne ach na cinnmhaithe’, is dócha.”

Scannán nua

Taispeánadh scannán nua O’Hara, Fluent Dysphasia, ag Féile Scannán Chorcaí an mhí seo caite agus bhuaigh gradam an lucht féachana don ghearrscannán is fearr Éireannach. Téann Fluent Dysphasia *níos faide fós *Yu Ming, is dócha, le téama an dátheangachais.

Fear a chailleann teanga atá i gceist anseo agus déarfaidh aon rud eile faoi mar le teacht amach go gairid agus níor mhaith liom an scéal a loit.” Scéal faoin gcairdeas agus an teagmháil idir athair (Stephen Rea) agus iníon sna déaga (Jayne Stynes) atá i gceist ann.

Rinneadh an gearrscannán seo, atá 16 nóiméad ar fhad, a thaifeadadh taobh istigh de cheithre agus, ar nós Yu Ming, *Fluent Dysphasia *suite sa phríomhchathair den chuid is , ach amháin an radharc deireanach.

habair cén áit - is rún é, as a mbainfidh an lucht féachana sult.”

Thaitin an taifeadadh le O’Hara, go raibh brú ama ar gach éinne.

Aisteoirí den scoth a bhí ann; measaim gur cheart súil ghéar a choinneáil ar Jayne Stynes; níl ach cúig bliana déag d’aois agus fíormhaith.”

Bhí cúpla duine sa chriú a raibh seanaithne ag O’Hara orthu, mar shampla na deartháireacha Fergal agus Fiachra O’Hanlon ar an gceamara agus ar an bhfuaim faoi seach, beirt a bhíodh ag obair ar Podge and Rodge, agus lucht *Yu Ming *chomh maith.

Bhí an fhoireann ar ais le chéile agus d’oibríomar go han-mhaith lena chéile,” arsa O’Hara, agus meangadh gáire ar a aghaidh. “Bhí Gráinne O’Carroll agam arís mar léiritheoir, agus rinne Juniper Calder an eagarthóireacht. Chum Donnacha Costello, a sheinneann ceol leictreonach, an ceol dúinn, agus oireann go maith don scéal.”

An dóigh leis go gcruthóidh an teideal fadhbanna litrithe do roinnt iriseoirí agus lucht priontála chláracha na bhféilte?

raibh teideal agam ar dtús. Bhí ag caint le cara liom a oibríonn i Lárionad Leighis agus, nuair a chuala scéal na scripte, dúirt liom go raibh galar ann darbh ainmFluent Dysphasia’. D’fhéach san fhoclóir leighis agus léigh faoi agus d’úsáid é mar mar theideal.”

cinnte, dála Yu Ming Is Ainm Dom, go gcloisfear go leor faoin scannán seo agus faoi shaothair eile de chuid an stiúrthóra chumasaigh seo sna blianta atá amach romhainn.

Is as Contae na í Ruth Nic Giolla Iasachta. Bhog go Páras an fómhar seo, tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.