TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Daltaí na Gaeilge
Liam Guidry Liam Guidry

Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Liam Guidry, Daltaí na Gaeilge (Na Stáit Aontaithe).

  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise Rúnaí/Cisteoir na heagraíochta. Tá mé sa bpost sin le sé bliana anuas.
  2. Cathain a bunaíodh Daltaí na Gaeilge (DnaG) agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Daltaí na Gaeilge i 1981. Is í Ethel Brogan a bhunaigh é.
  3. Cén fáth ar bunaíodh é? Rugadh agus tógadh Ethel Brogan i gCathair Ard Mhacha i dtuaisceart na hÉireann. Nuair a bhí sí ina cailín óg, bhí sí sáite sa chultúr Gaelach - b’in an uair a thit sí i ngrá leis an nGaeilge. Chuaigh sí ar imirce go Meiriceá sa mbliain 1946 ach ní dhearna sí dearmad riamh ar an gcultúr Gaelach, go háirithe an teanga. Thosaigh sí ag múineadh rang Gaeilge ar mhaithe lena comharsana Meiriceánacha. Ní raibh na ranganna ar siúl aici ach oíche amháin sa tseachtain, áfach, agus gan mhoill thug Ethel faoi deara go raibh an-deacracht acu an teanga a fhoghlaim ar an gcaoi sin. Chuimhnigh sí go ceanúil ar an mbealach ar fhoghlaim sí féin an Ghaeilge. Chaitheadh sí mí iomlán gach samhradh sa nGaeltacht ag déanamh staidéir ar an teanga, gan focal Béarla a labhairt. Bhí sé chomh héasca, chomh nádúrtha an teanga a fhoghlaim mar sin, dar léi. Chinn Ethel ar an deis chéanna a thabhairt dá cuid mac léinn agus d’eagraigh sí an chéad Deireadh Seachtaine Gaeltachta i mí an Mhárta 1981.
  4. Cén obair a dhéanann DnaG anois? Socraíonn muid cláracha Gaeilge i rith na bliana (ceithre dheireadh seachtaine; cúrsa ocht lá sa samhradh; ceardlann do mhúinteoirí; Lá Gaeilge; deireadh seachtaine lán-Ghaeilge - le haghaidh daoine líofa amháin). Tá suíomh gréasáin mór millteanach againn ar an idirlíon chomh maith. Freastalaíonn muid ar a lán feiseanna Gaelacha sa samhradh chun an focal a scaipeadh - faoin teanga, faoi Dhaltaí na Gaeilge agus faoi na ranganna Gaeilge i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada. Déanann muid an t-uafás rudaí eile chomh maith, beag agus mór.
  5. An bhfuil ceangal láidir agaibh le hÉirinn? Tá an-cheangal againn le hÉirinn, go háirithe le hOideas Gael agus le Liam Ó Cuinneagáin.
  6. Cén áit a bhfaigheann sibh maoiniú gach bliain? Faigheann muid maoiniú ónár mbaill (táillí) agus ónár gcairde (bronntanais). Ní fhaigheann muid airgead ó Rialtas Mheiriceá, ach fuair muid cúpla punt ó Rialtas na hÉireann uair nó dhó (blianta ó shin) chun múinteoir a thabhairt isteach le haghaidh ár gCeardlann Múinteoirí.
  7. An bhfuil an maoiniú sin sásúil nó an bhfuil gá le tuilleadh airgid? Bíonn gá le tuilleadh airgid cinnte, ach tá an maoiniú atá againn faoi láthair sásúil.
  8. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach ag DnaG? Tá, go deimhin. Ach bíonn smaointe nua ag daoine i gcónaí - agus an t-uafás oibre le déanamh againn dá bhrí sin.
  9. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Na laigí

Easpa ama. Easpa airgid.

Na láidreachtaí

Daoine díograiseacha. Teanga agus cultúr álainn.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag DnaG faoi cheann cúig bliana.

Oifig bhuan. Foireann lánaimseartha. Maoiniú cinnte.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Táim dóchasach fúithi. Tá sí ag déanamh dul chun cinn sna meáin chumarsáide anois (TG4, Raidió na Gaeltachta, an t-idirlíon, etc.). Beidh sí ar fáil má bhíonn suim ag daoine inti agus ceapaim féin go bhfuil an méid suime atá á léiriú inti ag méadú chuile lá.

Tá eolas breise le fáil faoi Dhaltaí na Gaeilge ag: http://www.daltai.com/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.