CÚRSAÍ SPÓIRT
Daithí Ó hEithir: Imreoir Leadóige
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go gcloisfimid ainm Dhaithí Uí Eithir ag teacht chun cinn go mór i gcúrsaí leadóige amach anseo.

Íomhá
Daithí ag ceapadh ceann faoi chlé
Íomhá
Le cúl na láimhe
Íomhá
Ceann maith aimsithe aige
Íomhá
An uillinn cheart
Íomhá
I mbun traenála

Is as Baile an Teampaill i mBaile Átha Cliath do Dhaithí Ó hEithir (nó David O Hare mar is fearr aithne air) agus is imreoir óg leadóige é atá ag freastal ar Ollscoil Memphis i Tennessee, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá scoláireacht spóirt ag Daithí de thoradh an chumais atá léirithe aige i mbun na leadóige ó bhí sé ina ghasúr.

D’fhreastail Daithí ar Scoil Naithí agus ar Choláiste Eoin in ainneoin gur ar scoileanna Béarla an cheantair a d’fhreastail a chuid deartháireacha agus a dheirfiúr atá níos sine ná é. Mhínigh Daithí dom nuair a bhuail mé leis agus é sa bhaile le haghaidh saoire na Nollag cén chaoi ar tharla sé gur chuig Gaelscoileanna a cuireadh é: ‘bhíodh daltaí scoile ón Spáinn ag fanacht tigh mo mhuintire agus iad ag foghlaim Béarla. Bhí go leor ceisteanna acu faoin nGaeilge agus d’iarr siad ar mo mháthair Gaeilge a labhairt leo ach ní raibh sí féin ná aon duine eile den teaghlach in ann. Le teann náire, chinn mo mháthair go rachadh an chéad pháiste eile (mé féin) chuig Gaelscoil agus go mbeadh Gaeilge líofa aige nó aici’.

D’imir Daithí peil le foireann Scoil Naithí agus bhuadar craobh i bPáirc Pharnell. Ach faoin am a ndeachaigh sé chuig Coláiste Eoin, ba é an leadóg an spórt ba mhó a raibh dúil aige ann. Deir sé gur bhain sé an-taitneamh as a sheal i gColáiste Eoin agus gur chuidighpríomhoide na scoile, Seán Ó Leidhin, go mór liom ó thaobh na leadóige mar go raibh cead agam a bheith mall ag teacht isteach ar scoil le linn na hidirbhliana toisc go mbínn ag traenáil in Ollscoil Chathair Átha Cliath gach maidin”.

A Oiliúint is a Oidí

Imríonn muintir Dhaithí uile leadóg agus iad an-tugtha don chluiche sin. D’imir a bheirt deartháireacha agus a dheirfiúr le foireann Laighean. Le club leadóige Theach Mealóg a thosaigh Daithí féin agus chuaigh ar aghaidh uaidh sin go dtí club leadóige Mhic Liam nó Fitzwilliam (atá ar na clubanna is sine ar domhan agus a bunaíodh i 1887) agus is ansin a bhíonn Daithí ag cleachtadh nuair a bhíonn sé sa bhaile. Thosaigh Daithí ag traenáil i gceart ag aois sé bliana déag agus chuaigh sé chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann. Cé gur chaill sé i gcoinne Tommy Murphy, roghnaíodh é ar fhoireann traenála na hÉireann. Spáinneach, Xavier de Castro, a bhí á thraenáil agus léirigh sé suim ann de bharr a chumais. Bhí baint ag an Spáinneach le campa leadóige Carlos Moyá, a bhí ar an imreoir ab fhearr ar domhan i ndiaidh réimeas Phete Sampras i 2002, agus chaith Daithí mí ann ag foghlaim na ceirde ó Charlos.

Cuireadh dul chun cinn agus pleananna Dhaithí ar gcúl áfach de bharr gortú láimhe agus d’fhill sé ar Choláiste Eoin chun staidéar a dhéanamh don Ardteistiméireacht. Bhí sé aclaí arís agus bhí ar ais ag imirt leadóige faoi cheann bliana. Chuaigh sé chun na Beilge tar éis na scrúduithe le traenála in éineacht le Justine Henin a bhí mar Uimhir a hAon i measc imreoirí ban in 2003. Chaith sé sé mhí ag taisteal agus ag imirt i gcomórtais phroifisiúnta éagsúla ina dhiaidh sin. De bharr torthaí maithe sna comórtais sin, tairgeadh scoláireacht ó Ollscoil Memphis dó agus is ann atá sé le bliain go leith anuas ag imirt leadóige agus déanamh staidéir ar Aclaíocht agus Spórt i measc ábhar eile.

Cé go raibh beagán uaignis ar Dhaithí ar dtús agus gur bhraith sé uaidh bia blasta a mháthar, taitníonn Memphis agus saol na hollscoile leis: “bíonn an aimsir go breá agus níl mórán brú ná strus ag baint leis an saol ann”. Ní hé an t-aon eachtrannach i measc lucht na leadóige ná lucht spóirt an choláiste i gcoitinne ach a mhalairt i ndáiríre. Tá siad ann ó thíortha go leor, deir sé, agus ní bheidh aon Mheiriceánach ar fhoireann leadóige an choláiste an bhliain seo chugainn. Ionad mór spóirt é Ollscoil Memphis agus tá lucht leanúna an-mhór ag foirne an choláiste, go háirithe i gcás na peile, na cispheile agus an chluiche chorr. D’fhéadfadh 20,000 duine a bheith i láthair ag cluiche cispheile. Is lú go mór an lucht tacaíochta atá ag an bhfoireann leadóige ach bíonn roinnt céadta ag na cluichí mar sin féin.

Gafa go Mór

Tá a shaol féin bunaithe den chuid is mó ar leadóg. Bíonn traenáil nó cleachtadh ar an gcúirt leadóige gach Luan, Máirt agus Aoine ó 12.30 go 4pm. Bíonn seisiún sa halla gleacaíochta Dé Máirt agus Déardaoin ó 7 go dtí 8.30 am, agus bíonn uair go leith leadóige tráthnóna Déardaoin. Tá riachtanais fhisiceacha na leadóige go maith ag Daithí– sithiúlacht, luas, neart, comhordú, scil agus teicníc. Tá sé ard freisin, sé troithe, ceithre horlaí, tá freastal láidir aige agus, mar a deir sé féin, “tá mé ionsaitheach san imirt”. Is é an ghné is mó den chluiche a bhfuil ar Dhaithí feabhas a chur air dar leis, gné na hintinne: “tá aigneolaí spóirt ar fáil do lucht spóirt an choláiste agus cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom a bheith ar mo shuaimhneas agus roghanna maithe a dhéanamh nuair a thagann an crú ar an tairne le linn cluiche”.

Chomh maith le togha na traenála, bíonn deiseanna ag Daithí cleachtadh le himreoirí gairmiúla. Mar shampla, bhí sé ina páirtnéir traenála ag Fernando Verdasco, a bhí sa seachtú háit ar domhan in 2009, nuair a bhí Verdasco ag glacadh páirte i gcomórtas i Memphis (féach grianghraf). Tá Daithí mar uimhir a haon ar fhoireann an choláiste agus ciallaíonn sé sin go mbíonn sé ag imirt i gcoinne na n-imreoirí is fearr ag na coláistí eile. Is cúram trom é sin air agus is deacair an bua a fháil go minic ach deir sé go bhfuil sé ag imirt go maith agus go bhfuil sé ag feabhsú an t-am go léir. Bhí bua maith aige le déanaí ar Marcelo Arevalo a bhí sa seachtú háit ar domhan faoi 18 cúpla bliain ó shin.

Tá sé mar aidhm ag Daithí Ó hEithir áit a bhaint amach ar fhoireann na hÉireann a bheas ag glacadh páirte i gcomórtas idirnáisiúnta Chorn Davis. Tá cuireadh faighte aige dul ag imirt le club sa Ghearmáin i rith an tsamhraidh seo chugainn. D’fhéadfadh sé suas le €800 a thuilleamh in aghaidh an chluiche má éiríonn go maith leis. Tá aidhmeanna agus cuspóirí soiléire aige agus tá rud éigin á rá liom go gcloisfear tuilleadh faoin bhfear óg seo amach anseo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.