CÚRSAÍ SPÓIRT
Cúrsaí iománaíochta
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag an gCumann Lúthchleas Gael an córas atá acu maidir le comórtais a athrú ó bhonn.

Íomhá
Íomhá

Anois an t-am is fearr den bhliain do chluichí iománaíochta ag gach leibhéal. Tá an talamh crua go maith, an féar glas agus gearrtha, an t-aer éadrom agus an lá fada. An t-am den bhliain le dul chuig páirc na himeartha, na camáin a luascadh agus a thástáil, an sliotar a thiomáint ó cheann ceann na páirce, fán talamh agus go hard san aer. Na huaireanta a chloig a chaitheamh i mbun báire, ag cleachtadh le comhghleacaithe, nó cluiche dian a imirt in aghaidh foirne eile, sin é an pléisiúr is mó ag an iománaí díograiseach. Is cuma ógánach nó sinsear, Roinn A nó Roinn D, níl aon chluiche ná spórt in Éirinn inchurtha leis an iománaíocht.

Seo an t-am den bhliain do na cluichí móra freisin agus na himreoirí móra-le-rá a fheiceáil i mbun comhraic. Ach céard atá ar siúl ag iománaithe an Chláir, Chorcaí, Laoise, Phort Láirge, Uíbh Fháillí agus Átha Cliath? Tada is cosúil, nó tá deireadh tagtha le rannpháirtíocht na bhfoirne sin i gcomórtais oifigiúla Chumann Lúthchleas Gael go dtí am éigin an bhliain seo chugainn.

Córas aisteach

Nach aisteach an córas atá ag an CLG? Leath nó mar sin de na foirne is fearr sa tír (níl ach dhá cheann déag i gceist - ábhar díospóireachta eile) a bheith caite i leataobh as an bpríomhchomórtas in achar cúpla seachtain. Do lucht leanúna na gcontaetha sin, tá an bhliain thart, agus níl aon ní le déanamh acu anois ach suí siar agus breathnú ar na contaetha eile dul san iomaíocht lena chéile. Ach maidir le Seáiní Mac Mathúna, Jamsey Ó Conchubhair agus imreoirí cróga an Chláir, Pól Ó Floinn agus gaiscígh eile Phort Láirge, Joe Déin agus iománaithe sciliúla Chorcaí agus iliomad imreoirí iontacha eile, ealaíontóirí an chluiche is fearr in Éirinn, ní fheicfear iad i mbun imeartha lena gcontaetha go ceann bliana eile.

Ceart go leor, beidh siad ag imirt lena gcuid clubanna áitiúla agus tá an t-ádh ar an lucht leanúna a fheicfidh iad i mbun imeartha an chuid eile den samhradh seo. Ach is ar an stáitse mór i nDúrlas, Corcaigh, Cill Chainnigh agus i bPáirc an Chrócaigh is cóir dóibh a bheith le feiceáil arís is arís eile, as seo go deireadh an tsamhraidh.

Cineál “Corn Domhanda” a theastaíonn, sé sin grúpaí de cheithre fhoireann, iad ag imirt in aghaidh a chéile ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile i rith mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh, gach foireann ar aghaidh ansin chuig cluiche ceathrú ceannais A nó B i mí Iúil, ag brath ar a gcuid torthaí sna réamhbhabhtaí. Cluichí leathcheannais agus ceannais A agus B as sin go deireadh Lúnasa nó Meán Fómhair.

Sé mhí iomána do na foirne contae, idir ceithre agus sé chluiche mhóra ag gach contae. Deireadh le sraithchomórtas. Deireadh le Craobh Laighean agus Craobh na Mumhan (ach amháin más maith leo iad a reáchtáil idir Meán Fómhair agus Aibreán). Bíodh dátaí socraithe do na clubanna freisin, mar shampla idir Meán Fómhair agus Aibreán, móide tréimhse anseo is ansiúd sa samhradh.

Sin iad na moltaí atá agamsa agus tús le haois nua agus le ré nua i stair na hiománaíochta.

Tar éis tarraingthe ar ócáid speisialta, beo ar TG4

Roinn 1 Roinn 2 Roinn 3 Roinn 4

Corcaigh Tiobraid Árann Cill Chainnigh Gaillimh

An Clár Loch Garman Luimneach Uíbh Fhailí

Baile Átha Cliath Laois Aontroim Port Láirge

An Dún Doire An Mhí An Iarmhí

Réamhbhabhtaí: Bealtaine, Meitheamh Cluichí Ceathrú Ceannais A agus B: mí Iúil Cluichí Leathcheannais A agus B: mí Lúnasa Cluichí Ceannais A agus B: mí Mheán Fómhair

D’fhéadfadh an córas seo a bheith ar fheabhas, le Gaillimh, Aontroim, Doire, etc. i measc na “mbuachaillí móra” agus chuile fhoireann ar aon dul lena chéile ón tús. Sprioc insroiste ag gach foireann, cluichí móra don lucht leanúna, cuid díobh in ionaid nua, mar shampla Páirc Bhreifni (Aontroim i gcoinne Luimnigh, cuir i gcás). Tar éis an tsaoil, nach í aidhm an CLG an cluiche a scaipeadh ar fud na tíre agus an t-aos óg a spreagadh chun í a imirt, nó an ea?

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.