TEANGA AGUS CULTÚR
Cur chuige nua ag teastáil i bhfoclóireacht na Gaeilge
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Beidh sé roinnt blianta sula bhfeicfidh an foclóir nua Béarla - Gaeilge solas an lae. Measann Brian Ó Broin gur cheart tabhairt faoi obair eile idir an dá linn le déanamh cinnte go bhfuiltear ag freastal ar lucht léite agus scríofa na Gaeilge.

Íomhá
Íomhá

Cúig fhocal ó eagrán de chuid Beo! agus cúig cinn ó úrscéal Gaeilge: Aeróbaíocht. Aosoideachas. Brabhsálaí. Facs. Idirlíon. Abail. Bogtha. Cabúnach. Daile. Geantrach. An rud atá i gcoiteann ag na deich bhfocal seo ná nach bhfuil siad le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill, foclóir údarásach na Gaeilge. Foilsíodh an foclóir seo i 1977, cúig bliana is fiche ó shin. Ag an am sin, b’éacht é foclóir mar seo a fhoilsiú, ar ndóigh. Gan ríomhairí, ar bheagán airgid agus ag obair le foireann bhídeach, tháinig Niall Ó Dónaill i gcomharbacht ar an Athair Pádraig Ó Duinnín, a scríobh an foclóir deireanach údarásach i 1904.

Foclóir iomlán nua a d’fhoilsigh an Dálach. Idir 1904 agus 1977 bhain Éire neamhspleáchas amach agus d’ainmnigh an Ghaeilge go bunreachtúil mar an chéad teanga náisiúnta. Leasaigh an stát nua seo litriú agus gramadach na teanga. Bhunaigh sé scoileanna, údaráis áitiúla, amharclanna, stáisiúin raidió agus nuachtáin a raibh an Ghaeilge mar theanga oibre iontu. Domhan nua a bhí ann, agus foilsíodh foclóir Uí Dhónaill chun déileáil leis.

Ach is mó athrú atá tagtha ar an domhan ó bhí 1977 ann: géinteicneolaíocht; an t-idirlíon; físteicneolaíocht; teileafóin shoghluaiste. Leis an mborradh mór sna meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa, tá sé doiligh do scríbhneoirí agus do léitheoirí Gaeilge coimeád suas leis na hathruithe atá tagtha ar an saol. Nuair a bhíonn iriseoir Gaeilge ag scríobh ailt faoi fhorbairt teicneolaíochta sa ríomhaireacht, cá bhfaigheann sé a chuid focal? Agus nuair a léann léitheoirí a alt, cá bhfaigheann siadsan aistriúcháin ar na focail seo?

Tionscadal nua

Ba cheart go mbeadh fíoráthas orainn mar sin gur bheartaigh Foras na Gaeilge tamall siar foclóir nua Béarla-Gaeilge a fhoilsiú agus iarchathaoirleach an Fhorais, Mícheál Ó Gruagáin, a chur i mbun cúnta sa tionscadal. Tugaimis faoi deara, ámh, gur earcaíodh é ar chonradh cúig bliana. Má chloíonn an tionscadal leis an gclár ama seo, féadann muid talamh slán a dhéanamh de nach bhfeicfidh muid an foclóir foilsithe go ceann bliain nó dhó i ndiaidh na gcúig bliana sin, nach mbeidh foclóir nua Béarla-Gaeilge againn roimh 2006 ar a luaithe - beagnach in am do chomóradh leathchéad de Bhaldraithe (an foclóir Béarla-Gaeilge a foilsíodh i 1959)! Go deimhin, ná deinimis dearmad ar an Dictionary of the Irish Language a thosaigh Acadamh Ríoga na hÉireann in 1852 agus a críochnaíodh i 1975!

Chomh dona céanna atá cúrsaí san fhoclóireacht Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla. Céathrú céid i ndiaidh fhoilsiú fhoclóir Uí Dhónaill, níl aon trácht ar athnuachan na foinse tábhachtaí seo. Tá foclóirí beaga tagtha amach ó Collins, Oxford agus araile, ach tá stop iomlán tagtha ar an obair ar an bhfoclóir mór Gaeilge-Gaeilge a gheall Acadamh Ríoga na hÉireann dúinn fiche bliain ó shin, gan oiread is focal amháin foilsithe go fóill.

Tá ár ndóthain de “bhailiúcháin focal” agus “cnuasaigh nathanna” foilsithe anois. Ar ndóigh, is maith ann iad na leabhráin seo, ach is é an fhadhb is mó a bhaineann leo ná go mbeadh ar dhuine fiche nó tríocha imleabhar éagsúla a cheannach chun fanacht suas leis an méid foclóireachta Gaeilge atá déanta le déanaí, agus is cosúil nár deineadh iarracht ar bith na leabhair seo a thiomsú in aon imleabhar amháin go dtí seo. Mar bharr air seo, is cinnte go bhfuil na céadta cnuasach focal ann a thiomsaigh scoláirí Gaeilge, béaloideasóirí, aistritheoirí, iriseoirí agus údair. Tá baol mór ann go gcaillfear iad mura bhfoilsítear iad.

Tá sé in am anois gach uile fhoclóir Gaeilge atá foilsithe go poiblí nó cuimsithe go príobháideach a chur le chéile ar ríomhaire agus iad a fhoilsiú mar imleabhar amháin. Agus gléasanna scanála againn anois a léifidh téacsanna dúinn, níl leithscéal ar bith ann gan foclóir cuimsitheach a thiomsú ón ábhar atá againn cheana féin, é a fhoilsiú, agus é seo uilig a dhéanamh go fíorluath ar bheagán airgid. Níl de dhíth ach foilsitheoir toilteanach, eagarthóir díocasach, agus dea-thoil na ndaoine sin a bhfuil an chuid is mó den obair - an bailiú - déanta acu cheana féin.

Tá teangacha ag athrú chomh tapaidh anois (an Ghaeilge san áireamh) gur féidir linn glacadh leis go mbeidh foclóir ar bith as dáta bliain nó dhó i ndiaidh a fhoilsithe. Ba cheart dúinn breathnú ar fhoclóir nua Gaeilge mar thionscadal leanúnach; ba cheart é a leasú, a nuashonrú, agus eagrán nua a fhoilsiú gach cúpla bliain. Seachas luí isteach ar mhórthionscadal le spriocdháta foilsithe amháin, ba cheart cúpla spriocdháta foilsithe eatramhacha a bheith leagtha síos. Má dhíríonn muid go hiomlán ar sprioc amháin, cúig nó sé de bhlianta uainn, tá an baol ann nach bhfeicfidh muid an sprioc sin go deo.

Tosaímis le mionsprioc - leis an ábhar atá againn cheana féin. Cuirimis i gcló sin faoi chlúdach amháin, agus feicimis foilsithe gan mhoill é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.