TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Cúpla Focal
Gearóid Ó Maelearcaidh Gearóid Ó Maelearcaidh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Gearóid Ó Maelearcaidh, bainisteoir an tsiopa leabhar Cúpla Focal, Bré, Co. Chill Mhantáin.

  1. Cén ról atá agat féin sa chomhlacht agus cén fhad atá tú sa phost?

Is mise an bainisteoir. Táim sa phost le cúig mhí anuas.

  1. Cathain a osclaíodh Cúpla Focal agus cé a chuir tús leis?

Osclaíodh é ceithre bliana ó shin. Liam Ó hOisín agus Pádraig Ó Fearaíl a chuir tús leis.

  1. Cén fáth a raibh gá leis? Nach bhfuil go leor siopaí leabhar ann cheana?

Chun freastal ar na Gaeil trí mheán na Gaeilge i gContae Chill Mhantáin, áit nach raibh a leithéid de shiopa cheana. Anois tá sprioc nua againn: freastal trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla orthu siúd atá ag lorg leabhar Gaeilge áit ar bith ar domhan, iadsan atá ag foghlaim na Gaeilge san áireamh.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag an siopa anois?

Tá duine amháin ag obair go lánaimseartha agus duine eile go páirtaimseartha.

  1. Cén obair a dhéantar sa chomhlacht ó lá go lá?

Ag díol leabhar; ag plé le horduithe na gcustaiméirí; ag cur comhairle ar dhaoine maidir le leabhair agus cúrsaí; ag meas leabhar nua; ag freagairt comhfhreagrais agus teachtaireachtaí ríomhphoist. Chomh maith leis sin, déanaimid roinnt foilsitheoireachta (An Dialann Obair Bhaile *agus *An Dialann Póca). Bíonn orainn déileáil freisin leis na horduithe a fhaighimid ón suíomh gréasáin atá againn. Bíonn teagmháil againn go minic leis na Gaelscoileanna áitiúla faoina gcuid riachtanas - leabhair, póstaeir bhalla, téipeanna, etc.

  1. An mbaineann sibh mórán úsáide as an teicneolaíocht?

Bainimid úsáid as an idirlíon, agus as bogearraí éagsúla ar nós Excel, Access, Word agus Outlook.

  1. An bhfaigheann sibh aon mhaoiniúdeontas ón stát?

Ní fhaigheann.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Roinnt mhaith. Tá fás mór tagtha ar an ngnó le ceithre bliana anuas ach fós féin ba mhaith linn cur leis an bhfoilsitheoireacht agus freastal níos fairsinge a dhéanamh air na Gaeil agus ar na Gaelscoileanna.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an chomhlacht?

Tá níos mó ná 2,000 leabhar as Gaeilge againn anois ach níl an spás sa siopa chun iad a thaispeáint i gceart. Go hidéalach tá siopa le dhá oiread spáis de dhíth orainn. Tá an teicneolaíocht atá againn teoranta chomh maith agus, dá bharr seo, tá sé deacair freastal ar an éileamh atá ann. Tá sé i gceist againn, áfach, infheistiú i gcóras nua, is é sin Córas Díolacháin Leictreonaigh ag an Díolphointe (Electronic Point of Sale System nó EPOS).

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Cúpla Focal faoi cheann cúig bliana.

Duine sa bhreis a fhostú go lánaimseartha, breis ábhair a chur i gcló, agus a bheith mar ionad eolais agus mar ionad spreagtha, ní hamháin do Ghaeil Chill Mhantáin ach do mhuintir na Gaeilge uilig.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Feicim an spéis sa Ghaeilge ag fás sa Ghalltacht agus thar lear, ach san am céanna deirtear go bhfuil fíor-Ghaeilge na nGaeltachtaí ag meath. Má thagann muintir na Gaeltachta faoi anáil an spioraid nua seo atá sna bailte móra san oirthear, feicim gach seans, ní hamháin go sábhálfar an teanga mar theanga phobail ach go dtiocfaidh méadú ar na Gaeltachtaí.

Tá níos mó eolais le fáil faoi Cúpla Focal ag:

www.cuplafocal.ie;

siopa@cuplafocal.ie;

(01) 276-5120

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.