CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Cuma níos réadúla ag teacht ar dhomhan na gcluichí
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.

Íomhá
Radharc as Grand Theft Auto
Íomhá
Radharc foréigneach as Urban Chaos, cluiche de chuid Havok

cluichí ríomhaireachta ag athrú agus, creid é creid, an fhisic anois lárnach iontu.

Roimhe seo bhíodh tús, lár agus deireadh leis anscéali gcluichí ríomhaireachta. Bhíodh aidhm faoi leith ag an imreoir ag an tús agus nuair a bheadh an aidhm sin bainte amach bheadh deireadh leis an leibhéal sin den chluiche. Mar shampla, bheadh rás carranna buaite bheadh na heachtráin ar fad dúnmharaithe.

Ach anois gluaiseacht ann i dtreosaoirse”, is é sin, gur féidir le himreoirí a rogha rud a dhéanamh sa chluiche agus nach bhfuil aon aidhm faoi leith i gceist. An t-aon aidhm atá ag imreoirí taitneamh a bhaint as an gcluiche. dóibh an bua a bheith acu i rás carrannais féidir leo tiomáint timpeall i gciorcal siad ag baint taitnimh as! Fuair daoine blaiseadh ar an saghas seo cur chuige leis an gcluiche Grand Theft Auto, agus rudaí tar éis fás agus forbairt ó shin i leith.

Anois glúin nua de chluichí á himirt thar an idirlíon. Tugtar MMOs ar na cluichí nua seotagann na litreacha sin ón ainmMassively Multiplayer Online”. Sna cluichí MMO seo is féidir le daoine imirt i ndomhan nua atá cruthaithe ar líne agus bualadh le daoine eile atá ag imirt an chluiche ag an am céanna. Ar ndóigh, cruinnithe cairdiúla iad seo de ghnáthmar aon le cluichí ríomhaireachta eile go leor foréigin i gceist le roinnt MMOs.

An rud tarraingteach faoi na cluichí seo go dtugann siad saoirse do dhaoine dul ar aistear tríd an domhan nua-chruthaithe saorga seo. go mbeidh margadh ann i gcónaí do chluichí ina bhfuilscéalceart, margadh nua ag fás do chluichí inar féidir le do charachtar rudaí randamacha a dhéanamh. Rudaí ar nós léim isteach san fharraige gan choinne rud éigin a phiocadh suas agus a chaitheamh (i dtreo do naimhde ar ndóigh).

Cruthaíonn na féidearthachtaí seo dúshláin mhóra do na daoine a bhíonn ag forbairt na gcluichí seo. Níl aon srian leis na rudaí gur féidir le himreoirí a dhéanamh anois. Is anseo a thagann an fhisic i gceist i gcluichí ríomhaireachta. na cláraitheoirí ríomhaireachta in ann rudaí bunúsacha mar dhomhantarraingt a athchruthú laistigh do dhomhan saorga, is féidir leo déileáil leis an gcaoi a bhfuil rudaí á gcaitheamh timpeall, mar shampla. Is anseo a bhuaileann cluiche ríomhaireachta le hinsamhladh ar ríomhairí.

Bogearraí cumhachtacha

Ar ndóigh níl éasca fiú amháin domhantarraingt bhunúsach a chur i bhfeidhm i ndomhan atá cruthaithe laistigh de ríomhaire. le bogearraí cumhachtacha agus casta chun déileáil leis na foirmlí matamaitice atá i gceist le domhantarraingtagus éiríonn rudaí níos casta fós nuair atá sreabhadh uisce á athchruthú. an comhlacht Havok (http://havok.com/), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, lárnach sa réimse seo agus a mbogearraí in úsáid sa chluiche Half-Life 2, mar shampla, agus úsáideadh bogearraí gcuid fiú amháin chun roinnt radharc a chruthú sa scannán The Matrix.

Ach iomaitheoirí ag Havok, agus roinnt de na bogearraí a chuireann fisic i bhfeidhm i gcluichí anois á gcur ar fáil mar chártaí grafacha crua-earraí. na foirmlí matamaitice ar fad cruashreangaithe ar na cártaí seo. Ciallaíonn seo go bhfuil siad iontach tapa agus is féidir leis an gcéad cheann atá ar an margadh (an BFG Ageia PhysX) déileáil le 20 billiún treoir gach soicind. Ar ndóigh Havok ag troid ar ais i gcoinne na hiomaíochta seo, agus siad tar éis earra ar a dtugtar Havok FX a chruthú a bheidh i gcártaí grafacha de chuid comhlachtaí ar nós Ati agus Nvidia. Cuirfidh an teicneolaíocht seo ar chumas foilsitheoirí domhain shaorga níos réadúla a chruthú le, mar shampla, uisce a shreabhann i gceart agus deatach a scaipeann go réalaíoch.

Beidh an-suimiúil féachaint mhéad foilsitheoir a bhainfidh leas as teicneolaíocht seo na fisice seomar gan cluichí maithe a úsáideann an teicneolaíocht bheidh aon mhargadh ann do na cártaí grafacha nua. Ach an cheist is : An gcreidfidh daoine gur féidir taitneamh a bhaint as an bhfisic?!

Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie) agus foilsíonn blag, sciencecommunication.blogspot.com, chomh maith. bogearraí foilsithe aige i bpáirt le Kevin Scannell agus GaelSpell, mar aon leis an ngramadóir nua Gaeilge, Ceart, ar fáil anois ón suíomh *www.cruinneog.com.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.