CÚRSAÍ SPÓIRT
Cuid éileamh chumann na n-imreoirí Gaelacha
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Féachann Colm Mac Séalaigh ar an méid atá á éileamh ag cumann na n-imreoirí, an GPA, ó Chumann Lúthchleas Gael.

Íomhá
Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael, Nicky Brennan
Íomhá
Kieran McGeeney, Rúnaí an GPA

Ceann de na dátaí ba shuntasaí i gcúrsaí spóirt in Éirinn le tamall anuas ab ea an 23 lá Aibreán 2006. Cén fáth sin, a deir tú? An Mhumhain v Laighin i gCorn Heineken an rugbaí? B’fhéidir, ar an lá féin, ach sa bhfadtéarma ba é insealbhú Nicky Brennan mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (CLG) an rud ba thábhachtaí a tharla an lá sin. Is é an fáth go ndeirim sin ná go bhfuil dúshláin mhóra roimh an Uachtarán nua mar atá:

Páirc an Chrócaigh: ní oscailt na páirce atá i gceist agam, ach b’fhéidir dúnadh na páirce sa chás nach bhfaigheann Cumann Rugbaí na hÉireann (an IRFU) cead pleanála chun páirc Bhóthar Lansdún a athnuachan. Todhchaí na hiomána: bíonn sé sin ar an gclár ag gach uachtarán. GPA: níl siad chun imeacht, is cosúil.

Tá (1) agus (3) thuas in ann tionchar an-mhór a imirt ar éiteas, ar dhéanmhas agus ar chultúr an chumainn go ceann na mblianta fada. Ar bhealach, is tábhachtaí an GPA, is é sin cumann imreoirí na gcluichí Gaelacha, ná aon ábhar eile faoi láthair. Ní hé seo an chéad uair dom scríobh faoin eagraíocht seo. Tá sé cúig bliana ó scríobhas cheana fúithi agus, má bhí sé tráthúil an uair sin, is tráthúla fós é i bhfianaise ráiteas éagsúil a rinneadh le déanaí.

Scríobh mé freisin tráth a ghlac CLG leis an gcinneadh in 2005 Páirc an Chrócaigh a “oscailt” don sacar agus don rugbaí gurb é an GPA an chéad cheist mhór eile a bheadh le réiteach ag an gcumann. Go gairid i ndiaidh do CLG a fhógairt go mbeadh Páirc an Chrócaigh in úsáid le haghaidh cluichí idirnáisiúnta sacair agus rugbaí in earrach na bliana 2007 (agus tá conspóid faoi sin freisin), labhair Dessie Farrell thar ceann an GPA faoin scéal. Go bunúsach, thug sé le fios gurb é dearcadh an GPA ná go mbeadh an eagraíocht ag súil go gcaithfí cuid den ioncam ó na cluichí idirnáisiúnta sin ar imreoirí na gcluichí Gaelacha ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Níor thaitin an ráiteas sin le cuid daoine taobh istigh de CLG.

Cúig bliana ó shin, seans gur shíl cuid againn nach mbeadh an GPA fós ann in 2006. Rinneadh iarrachtaí cheana imreoirí a eagrú agus cumann a bhunú chun roinnt gearán a bhí ag imreoirí a ardú agus a chur faoi bhráid na n-údarás. Ach níor éirigh le haon ghrúpa roimhe seo mórán dul chun cinn a dhéanamh. B’fhéidir nach raibh an tacaíocht acu ó dhóthain dá gcomhimreoirí nó b’fhéidir nach raibh a gcuid aidhmeanna sách soiléir.

Is cinnte, áfach, go bhfuil ag éirí i bhfad níos fearr leis an ngrúpa atá ann faoi láthair agus le roinnt blianta anuas. Is cosúil go bhfuil bonn láidir faoin eagraíocht atá anois ann agus go mbeidh siad ann go ceann tamaill eile ar aon nós. Ach is deacair a thuar cé chomh fada is a mhairfidh an eagraíocht muna ndéanann sí an saghas dul chun cinn atá ar intinn aici. Fiú má bhaineann an GPA a gcuid aidhmeanna amach ach gan íocaíocht ar son imeartha ina measc, an mbeidh suim ag an chéad ghlúin eile d’imreoirí sa chúis?

Cibé scéal é, tá uachtarán nua-tofa CLG ag tabhairt le fios go bhfuil sé féin an-dáiríre faoin mbagairt, mar a fheiceann sé é, ón GPA maidir le himreoirí ag fáil íocaíochta as ucht imirt dá gcontae. Cé go bhféadfaí a rá gur “rith” Seán Ó Ceallaigh, iar-Uachtarán CLG, ón troid a bhí i gcontúirt tarlú leis na himreoirí sna míonna roimh dó éirí as a phost, is léir nach féidir le Nicky Brennan an rud céanna a dhéanamh. Beagnach an chéad abairt as béal Nicky tar éis a thofa ná nach mbeadh aon cheist faoi íocaíocht nó pá a thabhairt d’imreoirí as ucht imirt dá gcontae chomh fada is a bheidh sé féin ina uachtarán.

Na nithe atá ag teastáil ón GPA

Céard tá ag teastáil ón GPA ar aon nós? Tar éis ollchruinniú éigeandála den eagraíocht i bPort Laoise agus i mBéal Feirste i mí Aibreáin seo caite, d’eisigh eagraíocht na n-imreoirí idirchontae de CLG preasráiteas. Seo iad na rúin a dúirt siad ar glacadh leo:

Glacann an t-ollchruinniú seo le héilimh áirithe i dtaobh leas imreoirí. Cuirfear an liosta seo chuig na baill ar fad lena gcomhaontú a fháil. Reáchtálfar ballóid i measc bhaill an GPA chun údarás a thabhairt don bhuanchoiste maidir le plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm a rachaidh chomh fada le aistarraingt “seirbhíse” (i. imirt i gcluichí) muna nglacann Páirc an Chrócaigh leis na héilimh.

Na héilimh atá i gceist ná:

Go nglacfaidh CLG le scéim deontais an Rialtais d’imreoirí idirchontae agus go gcuirfidh CLG brú ar an Rialtas an scéim a chur i bhfeidhm láithreach. Go gcuirfeadh údaráis CLG córas iniúchta ar bun chun ceisteanna maidir le leas na n-imreoirí a scrúdú láithreach, go háirithe.

Scéim árachais feabhsaithe d’imreoirí club agus contae. “Cearta” níos fearr d’imreoirí. Áiseanna traenála agus imeartha níos fearr. Glacadh le moltaí ón tascfhórsa i dtaobh Bás Cairdiach Obann. Áiseanna agus feitheoireacht mhíochaine níos fearr ag ionaid traenála agus imeartha. Eolas agus oideachas suas chun dáta i leith polasaí frithdhópála.

Aitheantas foirmeálta ó Pháirc an Chrócaigh don GPA agus plé a thosú maidir le cómhargaíocht idir an dá thaobh. Airgeadú don GPA le theacht as sruthanna ioncaim Chumann Lúthchleas Gael. Go dtabharfaidh údaráis Pháirc an Chrócaigh aird ar leith ar an easpa suime is léir a bheith ag Coistí Chontae áirithe i leith na hiomána agus go n-imreofaí babhtaí de Choirn Nicky Rackard agus Christy Ring in éineacht le cluichí Grád A. Go gcaithfidh CLG i gcomhar leis an GPA aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhaineann le líon na gcluichí atá le himirt ag imreoirí, idir chluichí club agus chluichí contae. Go n-ardóidh CLG an cosc ar “Club Energise” láithreach agus glacadh le polasaí comhoibriú tráchtála le cumann na n-imreoirím, mar shampla, i gcás Playstation, leabhair agus ar uile.

Réasúnta go leor

Ní fhéadfaí a rá dar liom go bhfuil formhór na n-éileamh thuasluaite míréasúnta nó neamh-inghlactha. B’fhéidir go mbeadh deacracht anseo is ansiúd lena gcur i bhfeidhm, ach sin eile. Tá cuid mhaith bainte amach cheana féin. Seo cuid de na cinn ar glacadh leo ag Ard-Chomhairle CLG in 2002:

Rátaí míleáiste le híoc le imreoirí maidir le taisteal chuig traenáil, etc. Béile tar éis seisiún traenála. Fearasbuataisí, lámhainní, camáin agus araile. Éadaí – le haghaidh traenála agus gnáthchaithimh. Geansaithe – le coinneáil i ndiaidh cluichí craoibhe agus craobhchomórtas. Stocaí agus brístí. Clogaid d’iománaithe. Ticéid – méid áirithe ticéad saor in aisce agus le ceannach le haghaidh cluichí idirchontae, cluiche ceannais na hÉireann san áireamh.

In 2003 glacadh leis ag leibhéal Ardchomhairle CLG go raibh gá le feabhas ó thaobh seirbhísí agus aire d’imreoirí chontae ach go raibh íocaíocht i leith imeartha as an gceist ar fad. In 2006 tá a leithéid céanna á rá ag an Uachtarán nua, Nicky Brennan.

Is mar seo atá an staid i láthair na huaire faoi mar a fheicimse é maidir le cumann na n-imreoirí. Tá éilimh ag an GPA atá réasúnta go maith tríd is tríd, ach tá aidhmeanna ag an eagraíocht nó ag cuid de bhaill na heagraíochta nach bhfuil chomh hinghlactha sin ag Cumann Lúthchleas Gael. Dar liom, tá an ghairmiúlacht ar an gclár,. cé go bhfuil sé ráite nach bhfuil. Tuigeann an GPA nach féidir íocaíocht ar son imeartha a éileamh faoi láthair ach tá siad ag obair i dtreo na sprice sin. Tuigeann siad gur gá aitheantas oifigiúil mar aonad dlisteanach taobh istigh de CLG a fháil don GPA ar dtús agus ansin is féidir an doras a bhrú ar oscailt de réir a chéile go dtí go nglacfar le prionsabal na híocaíochta i bhfoirm éigin. Ach ní ghéillfidh CLG go bog air sin agus sin an fáth gur labhair Nicky Brennan chomh diongbháilte faoi ag tús a uachtaránachta.

D’fhéadfadh an choimhlint seo a bheith “salach” fós. Tá súil agam nach mbeidh.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.