CÚINNE NA nEALAÍON
Cuairt Ghairid ar an Róimh
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá Ciara Nic Gabhann faoi dhraíocht na hailtireachta agus na staire i ndiaidh di cuairt a thabhairt ar an chathair shíoraí, an Róimh.

Íomhá
Baisleac Naomh Peadar 1731 le Giovanni Paolo Panini
Vicipeid
Íomhá
An Ordóg Chasta (maraigh é) le Jean-Léon Gérôme 1872
Vicipéid
Íomhá
Urnaí Dheiridh na Mairtíreach Críostaí le Jean-Léon Gérôme 1883
Vicipéid

Bheadh sé deacair ag cuairteoir chun na Róimhe gan a bheith faoi dhraíocht ag an chathair ársa álainn seo. Chuirfeadh brath láidir fairsing staire agus saibhreas saíochta na cathrach meadhrán ort go luath sa turas. In ainneoin an claonadh a bheadh ort gach rud a fheiceáil ag an aon am amháin, is dócha gur fearr i bhfad roinnt rudaí ar leith a roghnú le déanamh agus an méid sin a fheiceáil ar do shuaimhneas. I ndiaidh teacht amach as cuairt ar Choláiste na nGael, b’fhéidir, nó as Séipéal San Pietro i Montorio mar a bhfuil cnámha na nGael, Ruairí Ó Domhnaill agus Aodh Ó Néill, na príomhionaid ar cheart a áireamh ar do liosta? Cén áit a dtosófá?

Seasann an tSean-Róimh gualainn ar ghualainn leis an domhan nua-aoiseach agus caitheann muintir an tseansaoil órga sin a scáth ar Rómhánaigh an lae inniu agus iad ag lúbadh a mbealaigh isteach is amach tríd na sráideanna plódaithe spleodracha.

tírdhreach na Róimhe breac le saibhreas oidhreachta ó na hImpireachta, ón Athbheochain agus ón Ré Bharócach ar aghaidh. Aitheanta mar phríomhchathair an domhain Chríostaí, tagann na mílte oilithreach ar thuras ann gach bliain le hómós a thabhairt agus iontas a dhéanamh d’ailleacht agus de niamhracht Bhaisleac Naomh Peadar agus de na céadta ardeaglais eile atá scaipithe thart timpeall na cathrach. Tá saothair na n-ardmháistrí ealaíne agus ailtireachta is cáiliúla ar domhan le feiceáil ann a thabharfaidh pléisiúr don tsúil agus a chuirfeas gliondar ar an chroí.

“Cuireann sibh gliondar croí orm, sibhse a thógann le go mbeadh an Róimh buan marthanach.” Agustus Caesar.

Seo roinnt bheag moltaí don atá ag brath seal beag ama a chaitheamh sa Chathair Shíoraí

An Pantheon

Is cinnte go mbeadh An Pantheon ar bharr an liosta mar cheann de na foirgnimh is áille, ón ré àrsa, atá ina sheasamh go fóill. Is é an tImpire Marcus Agrippa a d’ordaigh a thógáil sa chéad áit mar theampall do dhéithe na Sean-Róimhe - tagann an t-ainm Pantheon ón Ghréigis a chiallíonn ‘do gach Dia’. Le cruinneachán ar a bharr a osclaíonn amach mar oculus chun na spéire, níl ceann ar bith eile chomh mór leis ar an domhan atá déanta ina iomlán as coincréit neamhthreisithe. Feidhmíonn sé sa lá inniu mar eaglais chaitliceach ar a nglaoitear Cruinnteach Santa Maria.

An Forum

Tá an chuid is mó den Fhóram, a bhí mar airmheán, nó mar chroílár, ag an tSean-Róimh, scriosta le fada ach ina ainneoin seo is fiú go mór an tsiúlóid a dhéanamh ar na sráídeanna duirlinge le blas a fháil ar sheanghlóir na hImpireachta. Bhí an Fóram ina duirleogacha=cobbled">="gloss" title="market garden">fhaiche mhargaidh chomh maith le bheith ina cheantar ghnó/chathartha agus bhíodh teampaill, teach seanaid agus cúirteanna dlíthe ann fosta.

An Colosseum

Tógadh an umamharclann ubhchruthach seo idir 70i.c. agus 80i.c. agus ba é an ceann ba mhó riamh é a tógadh san Impireacht. Suite i lár na Róimhe, tugann sé léargas ar an saineolas a bhí ag na Rómhánaigh ar an innealltóireacht agus ar an ailtireacht ag an am. Bhí áit ann ag aon am amháin do 50,000 de lucht féachana, a thagadh le hamharc ar chomórtais ghliaireachta, céasú daoine agus ar mhórthaispeántais phoiblí. In ainneoin an dochar a rinne crith talún agus creachadóirí ar an fhoirghneamh, maireann sé go fóill ina chomhartha de chumhacht Impireacht na Róimhe.

An Vatacáin agus An Séipéal Sistíneach

Is í An Vatacáin an stát neamhspleách is lú ar domhan, le hoifig poist dá cuid féin, stáisiún traenach agus seirbhís póilíní. Ina croilár, tá Baisleac Naomh Peadar le feiceáil agus é aitheanta mar an eaglais is mó tábhacht sa domhan Chaitliceach. Creidtear go bhfuil feart Naomh Peadar díreach thíos faoi bhun na haltóra agus tá cuid de na píosaí ealaíne is áille, a tháinig anuas chugainn tríd na céadta le feiceáil ann – ina measc An Pieta le Michelangelo. Tógadh ag deireadh na hAthbheochana é agus tá an taobh istigh níos mó ná eaglais Chriostaí ar bith eile ar domhan. Tógadh an Séipéal Sistíneach i 1484 le bheith ina hionad tionóil do na cairdinéil agus istigh ann tá ceann de na saothair is iomráití do chuid Michelangelo le feiceáil ar an tsíleáil. Rinneadh é idir 1508 agus 1512 mar choimisiún de chuid an Phápa Julius II ag léiriú radharcanna éagsúla ón Bhíobla, ina measc, An Breithiúnas Deiridh. Chuir an obair olc ar Michelangelo mar shíl sé nach raibh ann ach baois a bhí bunaithe ar uabhar agus ar fhéinghlóir an Phápa, ach maireann sé inniu mar cheann de na seoda is loinnrí den Athbheochain. Sa deireadh…..

Trastevere

Is cathair bheo bhríomhar í an Róimh agus is fiú am a aimsiú le do scith a ligean agus d’anáil a tharraingt. Tá an ceantar Trastevere, ar an taobh theas den Vatacáin agus é líonta le sráideanna duirleogacha agus tithe meánaoise. Is áit suimiúil é le braon caife a ól agus le ham a chaitheamh ag amharc ar an saol ag dul thar bráid. Seanáitreabh Éatrúscach a bhí ann i dtosach agus ina dhiaidh sin, ina áitreabh iascairí - ciallaíonn an t-ainm, trasna ón Tiber. Inniu is áit é atá lán de bheáranna agus de bhialanna beaga deasa chomh maith le margaidh laethúla.

Campo de’ Fiori

Tá Campo de’ Fiori (a chiallíonn ‘cluain bláthanna’) ina mhargadh torthaí, glasraí, bia agus bláthanna ón 18ú céad i leith. Suite i lár na cathrach, tagann muintir na háite ann gach maidin le bia blasta a cheannach agus le dreas beag comhrá a dhéanamh. Coinníonn an fuarán ársa ansin ‘La Terrina’ (an babhla anraithe) na bláthanna úr i rith na maidne agus scríofa air tá ‘Fa del ben e lassa dire’ (déan an mhaith agus lig dóibh labhairt)

Muna dtig leat gach rud ar an liosta seo a fheiceáil le linn do chuairte, glac misneach ó fhocail Robert Underwood Johnson:

In tears I tossed my coin from Trevi’s edge,
A coin unsordid as a bond of love -
And with the instinct of the homing dove,
I give to Rome my rendezvous and pledge.

Robert Underwood Johnson, Italian Rhapsody

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.