CÚRSAÍ SPÓIRT
Crosbhealach an Spóirt agus na Polaitíochta
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Cíorann Colm Mac Séalaigh gné thiochar an spóirt ar an saol mhór lasmuigh de chúrsaí spóirt. Léirigh mhórlaochra gorma an chéad seo caite, ó Jack Johnson go Muhammad Ali agus eile an tionchar sin.

Íomhá
Jack Johnson, ar dheis
Íomhá
Joe Louis, Donnán na nDorn
Íomhá
Jesse Owens, ar a luaithléim ráis
Íomhá
Tommie Smith agus John Carlos ar an ardán
Íomhá
Shaquille O Neil agus Lebron James
Íomhá
Téagar na Coille

Lá rístairiúil idirnáisiúnta ab ea an cheathrú lá de Shamhain 2008 nuair a toghadh an chéad

fhear de chuid an chine ghoirm, Barack Obama, le bheith ina 44ú uachtarán ar S.A.M ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. De réir gach pobalbhreithe le bliain anuas nach mór, bhí Obama chun tosaigh ar a bheirt chéile comhraic, Hilary Clinton agus John McCain, mar rogha na ndaoine. Bhí sé deacair a chreidiúint suas go dtí an nóiméad deiridh go bhféadfadh sé tarlú go dtoghfadh muintir na Stát Aontaithe fear gorm ina uachtarán orthu féin. Ach ní mar a shíltear bítear ar uairibh.

Agus anailís chuimsitheach á dhéanamh ar fud an domhain ar fheachtas agus ar bhua Obama tá sé luaite, i measc tosca eile, gur dóigh go raibh tionchar ag lucht spóirt an chine ghoirm ar mheon mhuintir Mheiriceá, idir gheal agus ghorm, ar a nglacadh le fear gorm mar eiseamláir. Le tréimhse mhaith blianta anuas is daoine gorma iad cuid shuntasach de shárimreoirí spóirt Mheiriceá i spóirt ar nós na dornálaíochta, na lúthchleasa raoin agus faiche, na cispheile, na leadóige (i measc na mban ar aon nós) agus na peile Meiriceánaí agus ar ndóigh is fear gorm é an galfaire is fearr ar domhan, Téagar na Coille é féin.

An snámh in aghaidh easa

Ach ní raibh an scéal amhlaidh i gcónaí i Meiriceá agus ba mhall agus ba go drogallach a

d’athraigh meon an phobail. Taca an ama seo céad bliain ó shin, bhuaigh Jack Johnson Craobh an Domhain sa dornálaíocht, an chéad fhear de chuid an chine ghoirm a bhain an gaisce sin amach. Ba charachtar conspóideach é Johnson áfach, a raibh féinmhuinín, aigne agus tallann ar leith aige nár thaitin le cuid mhór de mhuintir gheal Mheiriceá ar an ábhar go mba ghormach é. Ar feadh a ré dhornálaíochta ní raibh de dhíth ó chuid mhór i Meiriceá ach go mbuafaí air agus gur fear geal a dhéanfadh é a leagadh anuas é. Ach ina áit sin is amhlaidh gur ciontaíodh i mioneachtra faoi Acht Mann é agus chaith sé tréimhse i bpríosún. Anois, céad bliain tar éis a bhua stairiúil dornálaíochta, tá sé molta ag Teach na nIonadaithe go dtabharfaí Pardún ón Uachtarán do Jack Johnson toisc go raibh ceannfháth ciníochais ag an gcúirt a chiontaigh é in 1920.

Na Naitsithe

Dornálaí gorm eile a bhain barrchéimíocht amach ná Joe Louis nó ‘The Brown Bomber’, curadh trom-mheáchain an domhain agus an dornálaí ab fhearr riamh dar le saineolaithe an spóirt. Bhí taobh polaitiúil ag baint le dhá cheann dá chuid troideanna móra i gcoinne an Ghearmánaigh, Max Schmeling, i 1936 agus 1938. Bhuaigh Schmeling i 1936 agus dar ndóigh bhí Adolph Hitler agus na Naitsithe an-sásta gur léirigh sin go raibh an cine geal níos fearr. Nuair a throid siad arís mar sin i 1938, bhí teannas an chiníochais agus an náisiúnachais ag baint leis an troid. Chuir Louis na faisistigh ina dtost an uair seo. Ar ndóigh rinne an lúthchleasaí gorm Jesse Owens an beart céanna nuair a bhuaigh sé ceithre bhonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i 1936 i mBeirlín. Murab ionann agus Johnson, laochra ab ea Louis agus Owens toisc gur bhain siad bua amach ar son Mheiriceá agus toisc, is dócha, nach rabhadar mí-urramach i leith lucht bán na tíre. Mar sin féin, ceileadh go leor dá gcearta daonna orthu i Meiriceá de thoradh an chiníochais a bhí i réim san am sin.

Feallmharú ceannaire

Tríocha bliain níos déanaí bhí an duine gorm fós in umar na haimléise go heacnamaíoch agus go

sóisialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí an Dr. Martin Luther King ina cheannaire agus ina urlabhraí ar son chearta an chine ghoirm, ach lámhachadh agus maraíodh é i mí Aibreán 1968 i Memphis, Tennessee agus cuireadh siar fuascailt na nGormach le blianta. Níos deireanaí an bhliain chéanna ag na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Mheicsiceo, bhuaigh Tommie Smith agus John Carlos bonn óir agus bonn cré-umha ar son Mheiriceá sa rás 200 méadar. Rinne an bheirt lúthchleasaí gorm agóid dhrámata i gcoinne an chiníochais i S.A.M. ag ócáid bhronnta na mbonn. Lean an cáineadh agus an fionraí a ngníomh ach chuaigh a ngotha i bhfeidhm ar dhaoine ar fud an domhain. Thuig daoine nach raibh cuid ar a laghad den phobal sásta glacadh lena staid sa saol gan agóid. Seans go mba é sin an chéad ghníomh polaitiúil ar ócáid phoiblí a rinne iomaitheoirí spóirt de chuid an chine ghoirm, cé go bhféadfaí a rá gurb é Muhammad Ali an chéad phearsa spóirt de chuid an chine ghoirm a ghlac seasamh polaitiúil. Dúirt seisean ina bheathaisnéis gur chaith sé an bonn Oilimpeach a bhuaigh sé i 1960 amach in abhainn an Ohio mar agóid nuair diúltaíodh cead isteach i mbialann dó.

Céim chun cinn

Ach, d’imigh sin agus tháinig seo go bhfuil fear gorm i gceannas ar SAM agus cuid mhór den phobal faoina dhraíocht aige. Tréith amháin de chuid Bharack Obama a thaitníonn le daoine ná gur breá leis an spórt, an chispheil go háirithe, agus go dtugann sé tacaíocht dá fhoireann áitiúil, na Chicago White Sox. Ar ndóigh, cuid mhór de shárimreoirí na cispheile is fir ghorma iad - leithéidí Magic Johnston, Michael Jordon agus Shaquille O’Neil. Rí na cúirte faoi láthair ná ‘King James’ mar a thugtar ar Lebron James, sárimreoir óg de chuid na Cleveland Cavaliers, agus a bhuaigh bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i 2008 le foireann cispheile S.A.M. Ar nós formhór a chomhleacaithe spóirt, deamhan mórán suime a bhí aige i gcúrsaí polaitíochta, ach chuaigh Obama i bhfeidhm chomh mór sin air gur thosaigh sé féin ag obair in éineacht le himreoirí móra eile i rith an fheachtais ar son Obama chun daoine óga gorma a mhealladh chun vóta a chaitheamh sa toghchán. Dar le James bhí bua Obama ‘dochreidte’ agus ‘lá mór de chuid na staire’ ab ea é dar leis.

Mar sin le fada an lá i Meiriceá bhí lucht spóirt an chine ghoirm faoi scáth na héagothroime agus an chiníochais. Tharraing a gcine agus a ndath aird a bhí bagrach agus naimhdeach go minic. Údar dóchais é bua agus gradam Bharack Obama go dtiocfaidh deireadh leis an saol sin sula i bhfad. I bhfocail Lebron James: ‘Is féidir linn a rá lenár bpáistí anois gur féidir leo rud ar bith a dhéanamh lena saol. Ní chaithfidh tú a bheith i do imreoir cispheile. Is féidir leat a bheith i do Uachtarán ar na Stáit Aontaithe’.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.