CÚINNE NA nEALAÍON
Corpáin ina Seasamh
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

An féidir na mairbh a chéasadh? Ar mhaith leat go ndéanfadh dream daoine eile i gcomhlacht a dtairbhe saibhris as do chorp a léiriú i dtaispeántas ar neamhchead do thola féin? Ar éigean é. Is ‘diabhalta’, le gach brí an fhocail sin, an taispeántas a chonaic Ciara Nic Gabhann in Amharclann an Ambassador. Seachain nach ‘am bàsadair’ (i nGaeilg na hAlban) a bhí ann.

Íomhá
Léaráid don 'taispeántas'
Íomhá
Ollscoil Dalian Jilaotong
Íomhá
Harry Wu
Íomhá
Gunther Von Hagens

Ag siúl thart ar Amharclann an Ambassador, na seomraí lasta ag solas bog suaimhneach, titeann mo shúil ar fhear a bhfuil a chorp casta mar a bheadh lúthchleasaí de chuid na sean-Ghréige ann, a chuid matán ag lúbadh go teann. Amharcann sé go bhfuil sé ar tí teitheadh ach... cá háit a rachadh sé? Beidh an Síneach gan ainm seo reoite mar seo go deo mar is marbhán é, cosúil leis an cheathrar déag eile atá le feicéail sa taispeántas scáfar seo.

Tugann an taispeántas ‘Bodies’, atá a reáchtáil ag an chomhlacht Mheiriceánach, Premier Exhibitions, léargas cuimsitheach dúinn ar fheidhmeanna an choirp ó thaobh dhearcadh an leighis air. Tá an taispeántas mar chuid de shraith a thosaigh amach i bhFlorida i 2005 agus atá ag mealladh na sluaite daoine ar fud an domhain ó shin i leith.

Tá 200 sampla de bhaill choirp le feiceáil ann chomh maith leis na marbháin, iad nocht ar bhealach a bhainfeas geit asat – is beag craiceann atá orthu gan trácht ar éadaí – agus iad ris, faoi réir don lucht féachana fiosrach. Tá beagnach gach marbhán cóirithe ar bhealach a léiríonn gníomh éigin – ceann amháin ag tabhairt speiche do liathróid, ceann eile ag cromadh siar le liathróid leadóige a bhualadh – is mar sin is fearr a léirítear feidhmeanna na gcnámh agus na matán.

Déanann an taispeántas scagadh cuimsitheach ar an chorp agus tú ag bogadh ó sheomra go seomra, ag tosú leis an chreatlach, na matáin, an córas lioga, an córas fola, díleá, análú, fual agus an córas athghiniúna. I measc na samplaí coirp, tá suthanna ó thréimhse iompair 9- 32 seachtain le feiceáil ann agus iad ar fad leasaithecaomhnaithe, chomh maith le gach rud eile, trí chóiriú ar a dtugtar ‘leasú polaiméireach - polymer preservation’ nó ‘plaistiniú - plastination’.

An Spéis ina Leithscéal

Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.

Deir Premier Exhibitions go léiríonn an fhíorshuim seo atá ag an phobal go bhfuil fonn láidir ar dhaoine tuiscint níos fearr a bheith acu ar oibriú an choirp agus go ndíríonn a gcuid oibre aird ar chúrsaí sláinte – tá, mar shampla, cuid den taispéantas dírithe ar na scamhóga agus an tionchar a bhíonn ag toitíní orthu.

Ní hiontas é nach mbíonn na taispeántais gan chonspóid agus cuireadh brú ar Premier Exhibitions an áit as a dtáinig na marbháin a dheimhniú agus an dóigh a bhfuair siad bás sular chriochnaigh siad reoite os comhair an tsaoil mhóir ina gcodanna de thaispeántas poiblí.

Níor thoiligh aon duine de na mairbh a bheith páirteach sa taispéantas de réir cosúlachta agus cuireann sé seo, chomh maith leis an stair atá ag an tSín maidir le sárú cearta a cuid saoránach agus nódú baill choirp ó chimí básaithe, fíormhíshuaimhneas ar dhaoine.

Deir Premier Exhibitions go raibh na marbháin gan aitheantas agus go ndearnadh gach iarracht na gaolta a aimsiú sular tugadh do na póilíní iad agus ansin chuig Ollscoil Leighis Dalian (pairtnéirí Premier Exhibitions), áit a ndearnadh teascadh, nó sceanairt agus plaistiniú orthu.

Tá 10 n-ionad nua a dhéanann leasú ar chorpáin i ndiaidh theacht chun cinn sa tSín agus tá saineolas sa tír sin ar dhioscadh coirp nach bhfuil le fáil i mórán tíortha eile. Spreagann sé seo imní agus uafás ar go leor daoine a deir go bhfuil na taispeántais marbhán ag tacú leis an tionscal faoi thalamh seo agus nach bhfuil aon smacht ag an rialtas air.

Deir an t-easaontóir Síneach, Harry Wu, a chónaíonn i Washington DC, go bhfuil an bheatha ‘iontach saor’ sa tSín agus go bhfuil sé furasta corp marbháin a fháil as an charcair nó as an otharlann agus iad a úsáid mar ‘earraí’.

Von Hagens agus Body Worlds

Ba é an t-eolaí Gearmánach Gunther Von Hagens, an chéad duine a d’úsáid an próiseas leasaithe plaistiniú sna 1970í. Chuir van Hagens an chéad taispeántas marbhán, Body Worlds, ar bun sna 1990í agus rinneadh cuid mhór gearán as an dóigh mhaslach dhímheasúil a rabhthar ag plé leis na daoine marbha seo.

Tá an taispeántas Body Worlds le feiceáil go fóill ach cuirtear béim mhór ann ar chúrsaí eolaíochta anois agus maítear anois chomh maith go bhfuil na corpáin á dtaispeáint le cead na mbronntóirí.

An teacht i dtír ar dhaoine tragóideacha bochta atá sna taispéantais seo nó an áis iontach foghlama iad? An ag deánamh beag is fiú d’urraim don duine ar mhaithe le hairgead a shaothrú nó an bhfaigheann daoine tuiscint níos fearr ar an bheatha dhaonna agus níos mó measa dá réir uirthi i ndiaidh Bodies a fheiceáil?

Rinne clár nuachta ABC, 20/20, fiosrúchán ar an ‘trádáil rúnda’ i gcorpáin Síneacha agus mhaígh go raibh na marbháin ar díol ar an mhargadh dhubh ar $300 an ceann. Spreag an clár sin fiosrúcháin rialtais chomh maith le fiosrachán ag Ard-Aighne Nua-Eabhrac agus mar gheall air seo, b’éigean d’Arnie Geller, príomhfheidhmeannach Premier Exhibitions éirí as a phost.

B’fhéidir i ndeireadh na dála, go mbeidh ceart is cóir le fáil ar shlí na mbréag do na truáin atá imithe romhainn ar shlí na fírinne.

Tá tuilleadh eolais faoin taispeántas seo le fáil ar: www.bodiestheexhibition.com ; Féach fosta www.nobodies4profit.org

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.