CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Comhéadán nua Word an-chasta
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tar éis triail a bhaint as an leagan nua de Word a bheas ar an margadh gan mhoill, Diarmaid Mac Mathúna den tuairim go gcuirfidh an comhéadan nua atá forbartha ag Microsoft mearbhall ar go leor daoine.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Beidh an spásaire Neil Armstrong i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo chun cabhrú le Microsoft na bogearraí is nua acu a sheoladh. Ach an coiscéim mhór chun tosaigh atá sna bogearraí nua seo an bhfuil siad á n-athrú ar mhaithe le margaíocht agus poiblíocht? go gcuireann an clár ríomhaireachta Microsoft Word as do dhaoine ó am go ham is cinnte gur pacáiste iontach úsáideach atá ann agus go bhfuil tar éis an tslí ina gcuireann daoine doiciméid de gach saghas le chéile a athrú. go leor daoine i dtaithí air anois agus ciallaíonn sin gur féidir le daoine feidhmiú ar ríomhairí éagsúlaidir ríomhairí Windows agus cinn Apple Macgan traenáil nua. Cén fáth mar sin, a bhfuil leagan nua á fhoilsiú ag Microsoft?Chun iarracht a dhéanamh teacht ar fhreagra na ceiste sin, bhain triail as an leagan Beta ( dréacht-leagan) de Microsoft Office nuaMicrosoft Office System 2007 mar a thugtar air. an pacáiste sin á sheoladh ag an am céanna le Windows Vista (http://www.microsoft.com/windowsvista/), leagan nua den chóras oibriúcháin mór le .

Ar ndóigh, an chéad rud atá le tabhairt faoi deara faoin bpacáiste nua seo go bhfuil an comhéadan go hiomlán éagsúil. Tógann go leor ama dul i dtaithí ar an gcur chuige nua atá i bhfeidhm. Mar shampla, níl aon roghchlár "File" ann a thuilleadh agus na roghanna is coitianta ar nós "Oscail" agus "Sábháil" faoi cheilt taobh thiar de chomhartha ildaite sa chúinne is airde ar chlé. Cuireann an tréith seo ríomhairí Apple i gcuimhne dom mar go leor roghanna úsáideacha faoi cheilt taobh thiar den úll gorm ar na ríomhairí sin. go bhfuil an comhéadan nua seo cliste, is cinnte go gcuirfidh as do dhaoine atá i dtaithí ar Word faoi mar atá faoi láthair toisc gur dóibh córas nua a fhoghlaim agus dul i dtaithí ar chomhéadan nua. Ach cúpla tréith nua faoi cheilt taobh thiar den chomhéadan nua casta seo agus an ceann is fearr liom féin gur féidir comhaid PDF a chruthú go héasca laistigh de Word brath ar chláir ó chomhlachtaí eile chun é sin a dhéanamh. comhaid PDF ar fheabhas agus an-úsáideach nuair atá cáipéis le scaipeadh go forleathan agus nuair atá tábhachtach go mbeadh an chuma chéanna ar an gcáipéis sin ar ríomhairí éagsúla. Microsoft ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus an iomaíocht le Office 2007. Agus is iomaíocht an-láidir atá acu i bhfoirm OpenOffice.org, pacáiste bogearraí atá ar fáil saor in aisce agus atá beagnach chomh snasta agus cumhachtach leis na leaganacha de Word atá in úsáid faoi láthair (féach http://www.openoffice.org). Anois, Office 2007 go hiomlán éagsúil le OpenOffice.orgach is cinnte go mbeidh an comhluadar de ríomhchláraitheoirí a chuir OpenOffice.org le chéile ag foilsiú leagan nua atá in ann dul in iomaíocht le Microsoft amach anseo.Straitéis Google

níos iomaíochta ag teacht ó Google anois freisin. Bhí iontas ar go leor daoine tamall ó shin nuair a cheannaigh Google comhlacht beag a bhí ag forbairt

próiseálaí focal beag nua. Ach anois straitéis Google ag éirí soiléir áis nua curtha ar fáil acu ar líne chun doiciméid a chruthú ag http://docs.google.com. Go deimhin, is próiseálaí focal simplí ach cumhachtach atá i gceist agus is féidir é a úsáid go hiomlán ar líne. Ciallaíonn seo gur féidir aon ríomhaire le ceangal idirlín a úsáid chun eagarthóireacht a dhéanamh ar cháipéis. Agus is féidir cuireadh a thabhairt do do chomhghleacaithe an cháipéis chéanna a fhorbairt thar an idirlíon. Sin an prionsabalníl an córas ag feidhmiú 100% go fóill. an t-alt seo á scríobh agam ag úsáid GoogleDocsar ríomhaire Apple, agus go bhfuil rudaí ag feidhmiú go sásúil anois, bhí fadhb dhó agam á chur ag oibriú i dtús báire.Is áis shuimiúil é GoogleDocsfaoi láthair agus amach seo gach seans ann go mbeidh chomh snasta agus chomh cumhachtach le Wordach b’fhéidir go mbeidh daoine ina gcónaí ar an ngealach faoi am go dtarlóidh sin agus go mbeidh muid ag úsáid earraí Microsoft idir an linn. an líonfaidh OpenOffice an bhearna?

Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie) agus foilsíonn an blag sciencecommunication.blogspot.com.

bogearraí foilsithe aige i bpáirt le Kevin Scannell agus GaelSpell, mar aon leis an ngramadóir nua Gaeilge, Ceart, ar fáil anois ón suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.