AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Comhairle an Eacnamaí Eagnaí
Balor Balor Balor

Cuireann Balor, an tEacnamaí Eagnaí, comhairle orthu siúd a bhfuil na milliúin punt sterling le hinfheistiú acu.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Sceimhlitheoir bocht eile amuigh faoi doineann
Íomhá
Múrphictiúir de chuid an UDA, lucht cosanta Íosa Mhic Ghiolla Mháire

“Tá siad i dteideal pinsean a bheith acu,” a mhaíonn Balor an Baothán, agus é ag tagairt do lucht an IRA nach mbeidh teacht isteach ar bith acu níos mó má bhíonn cead a chinn ag Micí Mar Is Dual. “Níl tuigbheáil ar bith ag Micí do shaol an sceimhleitheora bhoicht,” dar le Balor an Bastún. “Is furasta dó sin bheith ag gearán nuair nach raibh sé féin riamh ar an ghannchuid, agus nach mbeidh. Pinsean breá mór a bheas aige, agus gan a dhath ar bith le caitheamh as gach seachtain ach praghas paicéad brioscaí *Marietta *do na gardaí sicíní a bheas ag coinneáil theach úr an Aire ar bhruach an locha thiar slán ó ruathar fomhuireáin.”

“Agus é ag caitheamh anuas ar lucht an IRA bíonn sé ag tarcisniú sceimhlitheoirí bochta a chaith oíche i ndiaidh oíche amuigh faoin doineann, iad sioctha ag an sioc agus leathbháite ag an fhearthainn fhuar, i bhfad óna dteaghlaigh agus óna dteallaigh, ag pleanáil robáil an bhainc le go mbeadh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir; í ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith; agus na meirligh a bheith ní hamháin Gaelach ach saor chomh maith. Tá súil agam nach bhfeicfidh Mar Is Dual aon chuid de riamh, agus tá mé cinnte go gcaithfear gach aon phingin rua den chreach sin go céillí agus go ciallmhar agus ar son na cúise.”

Tá Balor sásta comhairle a chur ar na robálaithe maidir le cúrsaí infheistíochta, nó is saineolaí de chineál é féin i ndiaidh dó fortún a dhéanamh as na pinginí a shaothraigh sé ó Beo Ar Éigean le cúpla bliain anuas a shuncáil i bhfuillimh éagsúla. Na dot coms *is mó a thaitin le Balor agus é i mbun a chéad mhilliún a chur le chéile. Is fiú do na sceimhlitheoirí súil a choinneáil ar dhul chun cinn www.hotair.com, scaifte atá níos éifeachtaí agus níos saibhre go mór anois ná Ryanair fiú. Éamon Ó Caoimhnis agus Bertie Ahem atá mar chomh-phríomhfheidhmeannaigh ar an chomhlacht seo, cuideachta a bhfuil sé mar chuspóir acu tithe, scoileanna agus láithreacha oibre na tíre a théamh leis an aer te a ghineann an bheirt acu gach uair a ligeann siad orthu go bhfuil siad ag freagairt ceiste. *(Níl sé i gceist ag Balor go sílfeadh duine ar bith nach bhfuil scoileanna na tíre sa chuntas aige mar láithreacha oibre. Dearbhaíonn sé go mbíonn daltaí ag obair go dian sna scoileanna.)

Molann Balor do Laochra na Poblachta cúpla milliún a chur isteach i www.foraoisnagaeilge.com. Is i sterling, agus sa cheantar sterling, a bhronnann an fhoraois mórán dá cuid deontas. “Sterling stuff!” a mhaíonn Joe Mac Dunno, an príomheejit gach uair a thagann iarratas isteach ó eagraíocht as an cheantar sin. Tá na heagraíochtaí Gaeilge ar fad ar an taobh ó dheas den teorainn ag troid leis an fhoraois ach, ina ainneoin seo, tá Rí na Foraoise fós gan locht i súile mhuintir na Gaeilge. B’fhiú go mór do na meirligh ligean do Joe an Leon aire a thabhairt dá gcuid airgid. Má thiteann an lug ar an lag, is é an rud is measa a tharlóidh go bhfaighidh siad é ar ais i bhfoirm deontais. “Éire go brách agus Joe go deo!” a scairteann Balor.

Comhlacht eile nár chuir cos amú riamh is ea www.íosamhicghiollamháire.com agus is fiú na billiúin anois é. Is é an t-aon aiféala atá ar Bhalor i dtaca leis an chuideachta seo nach raibh sé ábalta níos mó airgid a chur isteach ann (a bhuí sin le heagarthóir Beo ar Éigean, Éamonn Flúirsín Ó Doornail). Chaith Íosa Mhic Ghiolla Mháire seacht mbliana ag mealladh aontachtaithe na sé chontae ach bhí na náisiúnaithe agus na poblachtaigh go hiomlán i ngrá léi i rith an ama. Throid sí le hArdeaspag Bhaile Átha Cliath, agus cad é a rinne an t-easpag an chéad uair eile a casadh an bheirt acu ar a chéile? Rug sé barróg uirthi agus leag póg ar a pluc!

Dúradh ar na mallaibh gur mhaslaigh sí Protastúnaigh an tuaiscirt, agus cé a tháinig amach á cosaint os comhair an tsaoil ach ceannairí an UDA - na superprods! Má tá duine ar bith socair agus slán sábháilte go ceann tamaill eile is í Íosa Mhic Ghiolla Mháire an duine sin; agus má tá airgead sterling ag duine ar bith le cur i dtaisce níl áit níos sábháilte le é a chur. Níl ann ach fainic bheag bhaoideach amháin - is dócha ná a mhalairt go ndéanfaidh sí féin an sterling a ath-infheistiú in áras pobail Protastúnach inteacht in Oirthear Bhéal Feirste. Ach, cén dochar é sin? Gach seans gur ó cheantar mar sin a tháinig an t-airgead an chéad lá riamh.

I measc na gcomhlachtaí eile ar fiú súil a choinneáil orthu, fiú mura bhfuil agat ach an t-aon súil nimhe amháin i lár chlár d’éadain, tá www.oideasgael.com. Ach is féidir go bhfuil infheistíocht déanta ag na meirligh cheana féin in Oideas Gael, nó tá sé tugtha faoi deara acu siúd a thugann rudaí mar sin faoi deara go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin ag tairiscint cashback i nótaí sterling *Northern Bank *do gach duine a úsáideann cárta creidmheasa le háit a chur in áirithe ar chúrsaí na bliana seo. “Maith thú, a Leamh! Coinnigh ag gabháil! Ní fada go mbeidh tú réidh leo!” a deir Eacnamaí Eagnaí na liarlóige seo.

Fuarthas ochtó míle punt den chreach i bhfolach in áras spóirt na bpóilíní i mBéal Feirste. Bhí Sinn Féin ag maíomh gurbh iad a ghoid an t-iomlán. Bhí na póilíní ag maíomh gurbh iad an IRA a chuir i bhfolach ann é, leis an péas a framáil. Dar ndóigh níor chreid duine ar bith an argóint dheiridh. Tá daoine eile i bhfad Éirinn níos inchreidthe ná sin má tá framáil le déanamh - Balor mar shampla! Maíonn sé anseo é, os comhair an tsaoil, go bhfuil sé sásta a bheith framáilte am ar bith! Aon robálaí a bhíonn riamh ag iarraidh creach a chur i bhfolach ní gá ach fios a chur ar www.balor.com. Tabharfaidh sé aire mhaith dó. Slán.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.