TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Coláiste na nGael
Dónal Kelleher Dónal Kelleher

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dónal Kelleher, Coláiste na nGael, Sasana.

  1. Cén ról atá agat féin i gColáiste na nGael agus cén fhad atá tú sa phost?

Cabhraím leis an riarachán a bhaineann le himeachtaí Choláiste na nGael. Tá m’uimhir ghutháin agus mo sheoladh ríomhphoist ar fáil sna páipéir Éireannacha sa Bhreatain, i *Saol *agus ar an idirlíon. Tá an obair seo ar siúl agam ó 2000.

  1. Cathain a bunaíodh an eagraíocht agus cé a bhunaigh í?

Bunaíodh Coláiste na nGael in 2000. Ba iad Cathal Ó Beirne agus Christy Evans a d’aithin go raibh lena leithéid.

  1. Cén fáth ar bunaíodh an eagraíocht?

Fuaireadar amach go raibh daoine ann go raibh suim acu Gaeilge a fhoghlaim ach nach raibh ranganna ar fáil dóibh ina gceantair féin. Chomh maith leis sin bhí foghlaimeoirí ag freastal ar ranganna Gaeilge a bhí ag lorg níos mó ná cúpla uair in aghaidh na seachtaine

  1. Cé mhéad duine atá bainteach leis an eagraíocht?

Tá timpeall 1,200 ar ár liosta seoltaí. Ar an liosta sin tá daoine a d’fhreastail ar ár gcúrsaí agus daoine eile go bhfuil suim acu inár n-imeachtaí.

  1. Cén obair a dhéanann sibh ó mhí go mí?

Tá ranganna ar siúl againn i Londain agus in Essex. Bíonn an obair a bhaineann le cúrsaí a chur ar fáil ar siúl i gcónaí. Mar shampla, beimid ag dul go hOileán Mhanann ag deireadh mhí an Aibreáin agus go hOllscoil Lincoln 7-9 Iúil. Chun áiteanna deasa a fháil, bíonn orainn na socruithe a dhéanamh timpeall bliain roimh ré. Téann Christy Evans chun na háiteanna a scrúdú. Faoi láthair tá sé ag socrú imeachtaí na bliana seo chugainn, mar shampla an Eden Project sa Chorn.

Tugaimid tacaíocht do ghrúpaí beaga ar fud na tíre atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, b’fhéidir gan múinteoir acu, mar shampla i Sheffield agus i Southampton. Tá Astrálach i Singapore a ghlaonn orm chun a chuid Gaeilge a chleachtadh.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an eagraíocht? An leor iad?

Is cumann deonach é Coláiste na nGael. Thug Foras na Gaeilge deontas dúinn anuraidh. Soláthraíonn Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael múinteoirí dúinn agus thug sé dhá sparánacht dúinn fosta. Faighimid airgead ó Chraobh Nollaig Uí Chonaill de Chonradh na Gaeilge i Londain freisin. Táimid fíorbhuíoch d’ár mbronntóirí uilig. Chomh maith leo siúd bíonn aontaí leabhar agus crannchuir againn.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

gréasán de Ghaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre ann anois. Bhí grúpaí Gaeilgeoirí ann cheana ach ní raibh mórán ceangail eatarthu. Bhí grúpa amháin i Nottingham agus ní raibh a fhios acu go raibh grúpaí eile mórthimpeall na tíre, ag foghlaim Gaeilge fosta.

Chruthaíomar go raibh éileamh ann do chúrsaí cónaithe.

Foilsímid *Iris na Gaeilge *trí huaire in aghaidh na bliana. Tá sí le feiscint ar an suíomh gréasáin www.macginley.com. (Cliceáil ar “irishcambridge” chomh maith le sonraí mar gheall ar ár n-imeachtaí a fháil.)

Ní bhíodh mórán faoin Ghaeilge sna páipéir Éireannacha sa Bhreatain ach tá feabhas tagtha ar an scéal anois. Tar éis píosa san Irish Post le déanaí, fuair mé deich nglao ag lorg ranganna Gaeilge. Bíonn píosaí fúinn go rialta i Saol agus ó am go ham in Foinse agus .

Bhíomar faoi agallamh ag Raidió na Gaeltachta ar chláracha éagsúla i rith na bliana seo caite. Léiríonn sé seo go bhfuil an gréasán ag méadú ní hamháin ar fud na tíre seo ach le Gaeilgeoirí na hÉireann freisin.

Tá tús maith déanta againn le Gaeilgeoirí na hEorpa fosta mar chuamar go dtí an Ollainn dhá uair agus chuig an Bhriotáin anuraidh.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Coláiste na nGael?

Tá duine proifisiúnta, lánaimseartha de dhíth orainn chun an obair atá tosaithe againn a chomhordú, a chur chun cinn agus a leathnú mórthimpeall na hEorpa agus níos faide.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Coláiste na nGael faoi cheann cúig bliana.

Go mbeadh foghlaim na Gaeilge eagraithe go proifisiúnta ar fud na Breataine agus múinteoirí óga nua dá múineadh. Go mbeadh na meáin chumarsáide Éireannacha sa tír seo tar éis glacadh le tábhacht na teanga. Go mbeadh maoiniú buan éifeachtach ar fáil don Ghaeilge.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge?

Ba mhaith liom go mór go mbeadh gach Éireannach bródúil as an Ghaeilge agus ábalta úsáid agus taitneamh a bhaint aisti agus go mbeadh níos mó scríbhneoirí in ann slí bheatha lánaimseartha a bhaint amach sa Ghaeilge.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.