CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Coinnigh Súil ar na Pinginí!
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Leis an ghéarchéim airgeadais faoi lán seoil timpeall orainn, táimid go léir ag tabhairt aire níos mó dos na pinginí. Seo thíos roinnt moltaí ar conas leas a bhaint as áiseanna ar an líon chun cabhrú le do chuid cúrsaí airgid.

Íomhá
Íomhá
  1. Laghdaigh do bhille fón póca: Tabhair cuairt ar www.callcosts.ie – suíomh Gréasáin ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) a chuireann "ar chumas tomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir na costais dhifriúla atá ag gach soláthróir gutháin phóca." Líon isteach an fhoirm atá ar an suíomh le do chuid sonraí úsáide - mar shampla, cé mhéid nóiméad sa mhí a labhraíonn tú ar d’fhón, líon na dteachtaireachtaí téacs a sheolann tú srl. (eolas a bhíonn le fáil ar do bhille de ghnáth). Laistigh de chúpla soicind, molfaidh an suíomh pacáistí leis an luach is fearr ó na comhlachtaí éagsúla. Agus fhad is atá tú ar callcosts.ie, féach an féidir leat teacht ar mhargadh maith do do rátaí líne talún freisin!

  2. Gearr síos ar do chostais bhainc: Coimeád súil ghéar ar do chuntas bainc ar líne, agus mura bhfuil teacht agat ar sheirbhís ar líne do do chuntas bainc, cláraigh le scéim do bhanc láithreach. Tá an méid sin brú ar na bainc agus ar chomhlachtaí eile faoi láthair go bhfuil seans ann go mbeidh na táillí acu ag dul in airde - seiceáil gach dochar díreach agus táille bhainc chun a chinntiú go bhfuil siad i gceart. Má bhíonn siad mícheart nó ró-ard, ná bíodh leisce ort iad a fhiosrú!

  3. Íoc níos lú cáin (más féidir!): Níor thaitin an buiséad a bhí againn le déanaí le mórán daoine agus is léir go mbeidh orainn ar fad níos mó cáin a íoc. Ach déan cinnte de go dtugann tú cuairt ar an suíomh revenue.ie ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a chinntiú go bhfuil na creidmheasanna cánach atá ag dul duit faighte agat. Má íocann tú cáin íoc mar a thuillir ÍMAT cláraigh leis an gcóras "féinseirbhís ÍMAT" atá curtha i bhfeidhm acu toisc go mbeidh tú in ann do chúrsaí cánach féin a bhainistiú ar líne ansin - agus aisíoc a lorg ar do chostais leighis srl.

Agus ar nóta ginearálta, is cúis iontais dom i gcónaí é go mbíonn lacáistí móra le fáil, má chuireann tú ceist bhéasach ar nós "tá sin níos daoire ná mar a cheap mé go mbeadh sé, an bhfuil aon seans go bhféadfadh sibh praghas níos fearr a thabhairt dom?" Tharla go bhfuil cúrsaí airgid ag éirí níos tábhachtaí do gach aon duine is fiú an cheist a chur!

Tá an gramadóir "Ceart" a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú doiciméid Gaeilge a chinntiú go huathoibríoch foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá an leagan Apple Mac de "Ceart" ar fáil cheana féin agus tá an leagan Windows le foilsiú go luath chun dul i bpáirt leis an litreoir GaelSpell (www.gaelspell.com).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.