AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Cogadh na Teorann, an Cogadh Séanta
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Roghnaítear idir chuimhní agus dhíchuimhní nuair is gar don chnámh a théann an scéal agus mar sin atá leagan coitianta staire na hAstráile dar le Bearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
Cathy Freeman a shnámh in aghaidh easa
(An Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trachtála ar Flickr)
Íomhá
Slaughterhouse Creek 1852
(le Godfrey Mundy, Cuimhneachán Cogaidh na hAstráile, Vicipéid)
Íomhá
Trugernanner, an Tasmánach folláin deiridh sa bhliain 1866
(ar Vicipéid)
Íomhá
'Scrimisc' ag Casla Creen 1876
(le Ebenezer & David Syme ar Vicipéid)
Íomhá
Forgotten War le Henry Reynolds

Tógadh Iarsmalann Astrálach na gCogaí i gcorplár Canberra, an phríomhchathair, le hurraim a thabhairt dóibh siúd a bhí ar fiannas ar son na tíre i gcogaí éagsúla thar lear, ach go háirithe don 102,000 Astrálach a thit sa ghleo iontu. Aisteach le rá, níl aon tagairt inti do chogadh amháin inar cailleadh na mílte Astrálach agus a mhair breis is céad bliainCogadh na Teorann.

Bhí an cogadh do-aithnid seo ar siúl idir 1788 agus luathbhlianta an chéid seo caite, thart ar na teorainneacha mallghluaiste idir na ceantair a bhí sealbhaithe ag na coilínigh Eorpacha agus dúichí an mhuintir dhúchais. D’aistrigh na teorainneacha agus na coilínigh ag brú ní b’fhaide intíre ón gcósta diaidh ar dhiaidh. Bíodh is nach bhfuil aon agó ach go raibh foréigean fuilteach i gceist, tá an cogadh ina mhurdar dearg idir na staraithe. Táthar ann ina measc a dhiúltaíonn scun scan glacadh leis an bhfocal ‘cogadh’ le cur síos ar an bhforéigean. B’fhearr leo an focal ‘scrimiscí’ a thabhairt uirthi, le spior spear a dhéanamh de. Diúltaíonn siad an focal ‘ionradh’ le cur síos ar theacht an fhir ghil, mar go maíonn siad go raibh coilíniú na tíre suaimhneach den chuid ba mhó agus go raibh an mhuintir dhúchais fulangach lena linn.

Leabhar Reynolds

D’eisigh an staraí iomráiteach, Henry Reynolds, an leabhar, Forgotten War, ar na mallaibh a tharraing aird nua ar an gcogadh. Tá saothar Reynolds bunaithe ar thaighde atá ar siúl le blianta fada anuas ar cháipéisí éagsúla, poiblí agus príobháideacha, a scríobh na coilínigh le linn ré na coilíneachta, idir 1788 agus tús an fichiú haois. Tháinig na taighdeoirí ar thagairtí go leor sna cáipéisí don ‘chogaíocht’ agus don ‘chogadh’ le cur síos ar an bhforéigean idir na coilínigh agus an mhuintir dhúchais. Ba léir gur chreid údair na gcáipéisí seo go raibh cogadh i gceist agus iad ag plé leis na slite is fearr le dul i ngleic leis an bhfadhb, nó fiú, le moráltacht an chogaidh.

Ba é ab’ aite faoi na tagairtí don chogadh gur ghlac cuid de na húdair seo leis go raibh ionradh i gceist le coilíniú na hAstráile agus go raibh an ceart ar fad ag an muintir dhúchais a thír féin a chosaint dá bharr. Ní dhearna na húdaráis Bhriotanacha aon iarracht conradh a shíniú le húinéirí traidisiúnta na tíre agus níor thairg siad aon chúiteamh as an talamh a ghlac siad seilbh uirthi - lig siad orthu go raibh terra nullius i gceist, tír gan daonra. Mhaígh cuid de na húdair go raibh sé de dhualgas ar an muintir dhúchais troid ar son a dtíre, mar a bheadh sé ar na coilínigh dá ndéanfaí ionradh ar a máthairthír. Mhol cuid acu crógacht na bhfear dúchasach gaithleannach a sheas an fód in éadan na saighdiúirí Briotanacha faoi iomlán airm.

Tús Fuilteach Leath an Chogaidh

Cuireadh tús leis an gcogadh beagnach a luaithe is a chuir na coilínigh fúthu in Sydney i mí Eanáir 1788, nuair a mharaigh muintir na háite beirt fhear geal. Chuir céad Ghobharnóir na coilíneachta, Arthur Phillips, díorma agartha le chéile agus scaoil na saighdiúirí aon duine den mhuintir dhúchais a dtáinig siad air sa cheantar, beag beann ar inscne nó ar aois. Ba ghránna an mhaise dóibh a leithéid a dhéanamh, ach, mar a scríobh Phillips ag an am, bhí an t-ár riachtanach…to infuse an universal terrorle cos a bhualadh ar fhrithsheasmhacht an mhuintir dhúchais.

Mhair an patrún seo i rith an chogaidh. Beagnach gach uair a dhéanadh an mhuintir dhúchais ionsaí ar choilínigh nó ar a ngabháltais sa treallchogaíocht, d’eagraítí díorma agartha le díoltas a bhaint amach, díoltas a bhíodh as compás agus neamhairdiúil den chuid ba mhó. Measann na taighdeoirí gur cailleadh tuairim is 3,000 coilíneach sa chogadh agus gur maraíodh 30,000 ar a laghad den mhuintir dhúchais.

An Fíor-Athmhuintearas

Tá feachtas ar siúl le corradh is fiche bliain anuas abhus le hathmhuintearas a shnaidhmeadh idir muintir dhúchais agus daoine eile na hAstráile, ach ní dóigh liom go mbeidh fíor-athmhuintearas ann go dtí go bhfuilimid go hiomlán ionraic faoinár stair. Léiríonn an taighde a scagann Reynolds ina leabhar go raibh ionradh crólinnteach agus cogadh fíochmhar i gceist le coilíniú na hAstráile. Is scrín bheannaithe í Iarsmalann na gCogaí thuasluaite a thugann urraim chuí do na hAstrálaigh a cailleadh i gcogaí éagsúla i bhfad i gcéin, saighdiúirí bundúchasacha ina measc. Nach mithid an urraim chéanna a thabhairt san iarsmalann do na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo i gCogadh na Teorann agus iad ag iarraidh an Astráil a chosaint in éadan na ngabhálaithe eachtrannacha?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.