tabhair freagratabhair freagra #1 taimín ronnach 6 Eanáir 2014, 16:02 GMT
Stair san Astráil a Bhearnaí an ea? Tá an bholscaireacht oifigiúil ann gan náire ar bith le fáil sa Iarsmalann (Iarsmalann na gCogaí i gCanberra ) agus sna RSL's ar fud na tíre atá agus a bhí claonta go tréan le Impireacht na Breataine agus Stair na gCoilineach de bhunadh na Breataine.Caol sheans go nglacfar go deo go h-oifigiúil leis an fhírinne de réir Reynolds ná Pilger. Is deacair a thuiscint ná a chreidiúnt fiú inniu níl aitheantas oifigiúil ag na bundúchasaigh i mbunreacht na h-Astráile
tabhair freagratabhair freagra #2 taimín ronnach 6 Eanáir 2014, 16:08 GMT
"nach bhfuil aitheantas oifigiúil ag na bundúchasaigh i mbunreacht na h-Astráile" ba chirte a scríobh.
Is ar éigin atá siad luaite sa réamhrá!
tabhair freagratabhair freagra #3 Bearnaí 8 Eanáir 2014, 22:19 GMT
Is dóigh liom, a Thaimín, a chara, go n'éireoidh an bholscaireacht a luaigh tú thuas i bhfad níos measa agus an ceiliúradh céad bliain Anzac ar na bacáin ag na húdaráis abhus.
Maidir le haitheantas ag an mhuintir dhúchais sa bhunreacht, tá an príomh-aire reatha ag iarraidh "comhrá náisiúnta" a chothú leis an athrú sin a bhaint amach. An éireoidh leis?
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 9 Eanáir 2014, 11:38 GMT
Níl sé soiléar ó do chu ntas, a Bhearnaí, an deach na taighdeoirí ag lorg taobh na mbundúchasach den scéal ina seanchas béil má tá a leithéid ann.
Ceist chigilteach cinnte, nó le iomlán ionrachais, le ceartas, bheadh ar shliocht na gcoilíneach casadh ar a gcois agus dul ar ais chuig tíortha a sinsir. Aon seans oraibh?
Tarlóidh mar a tharla san SAM, is dóigh, i ndiaidh slad agus sléacht na mbundúchasach, agus goid a dtalún, agus alcólaigh agus fíorghéillsínigh gan chrích a dhéanamh astu, déanfar figiúir románsacha astu.
tabhair freagratabhair freagra #5 Bearnaí 9 Eanáir 2014, 21:52 GMT
Tá a fhios agat féin, a Fhirn, a chara, lucht na staire. Mura bhfuil fianaise inghlactha - sé sin scríofa - is féidir leo a mhaíomh nach bhfuil i gceist ach barúlacha. Mar sin b'éigean do Reynolds agus a chomghleacaithe dul i muinín an méid a scríobhadh le linn ré na coilíneachta agus faraor ní raibh scríobh ag an mhuintir dhúchais.
tabhair freagratabhair freagra #6 Fearn 9 Eanáir 2014, 23:12 GMT
> Tá a fhios agat féin, a Fhirn, a chara, lucht na staire. Mura bhfuil
> fianaise inghlactha - sé sin scríofa - is féidir leo a mhaíomh nach bhfuil
> i gceist ach barúlacha. Mar sin b'éigean do Reynolds agus a
> chomghleacaithe dul i muinín an méid a scríobhadh le linn ré na
> coilíneachta agus faraor ní raibh scríobh ag an mhuintir dhúchais.

GRMA a Bhearnaí. Ní ag ceasacht ar Reynolds a táim, ach , i ndáirire, níl i "stair" ach barúlacha. scríofa nó de bhéil.
tabhair freagratabhair freagra #7 taimín ronnach 10 Eanáir 2014, 21:53 GMT
A Fhirn a chara sa chás sin ní raibh ach fíor bheagán a rugadh in Éirinn san Astráil riamh.Go dtí an bhliain 1971 de réir staitiscí an ABS ( Australian Bureau of Statistics) an daonaireamh ofigiúil rugadh gach Éireannach sa UK agus cláraíodh mar sin iad ar fad.Cé go bhfuil a fhios againn gur rugadh gar de 80% de mhuintir Victoria i lár an 19ú in Éirinn níl aon atheantas oifigiúil acu sna staitisticí oifigiúla in aon chor.
tabhair freagratabhair freagra #8 taimín ronnach 10 Eanáir 2014, 21:54 GMT
an 19ú aois déag
tabhair freagratabhair freagra #9 Fearn 11 Eanáir 2014, 15:34 GMT
> A Fhirn a chara sa chás sin ní raibh ach fíor bheagán a rugadh in Éirinn
> san Astráil riamh.Go dtí an bhliain 1971 de réir staitiscí an ABS (
> Australian Bureau of Statistics) an daonaireamh ofigiúil rugadh gach
> Éireannach sa UK agus cláraíodh mar sin iad ar fad.Cé go bhfuil a fhios
> againn gur rugadh gar de 80% de mhuintir Victoria i lár an 19ú in Éirinn
> níl aon atheantas oifigiúil acu sna staitisticí oifigiúla in aon chor.

Ní thuigim do phointe, a thaimín!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!