AR NA SAOLTA SEO
Cogadh Fada na mBréag i gCoinne Qaddafi
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Míníonn Maidhc Ó Cathail an obair eagrúcháin a thionscain 70 eagraíocht a ghabháil i muinín na bréige faoi Libia, nó a mharaigh c. 50,000 in achar gairid.

Íomhá
Bernard-Henri Lévy, gan a charabhat, i dTel Aviv i mbliana
le Itzike ar Vicipéid
Íomhá
Macasamhail Eitilt 114 faoi bhagairt
le Anynobody ar Vicipéid
Íomhá
Súgán na Breataine, an Rí Idris le Richard Nixon
Vicipéid
Íomhá
Shimon Peres sa Teach Bán
le SAM
Íomhá
LSA Kearsarge sa Mheánmhuir
le SAM ar Vicipéid

Ar an 13 Feabhra i mbliana, d’inis Muammar Qaddafi do dhídeanaithe Palaistíneacha gur chóir dóibh teacht i dtír ar na muirthéachtaí sa Mheánoirthear agus cruinniú ar theorainneacha Iosrael ag léirsiú go síochánta go ngéillfeadh Tel Aviv dá gcearta filleadh ar a bhfód dúchais don chéad uair ó chuir fórsaí na nIosraelach iachall ar thart ar 750,000 acu imeacht i 1948. Ar an 21 Feabhra, dúirt Shimon Peres, Uachtarán Iosrael, gurbh “íoróin na staire” í go raibh an chuma ar an scéal gur in ionad “Meánoirthear gan Iosrael” go bhfeicfí gan móran achair “Libia gan Gaddafi.” Ní raibh sé íoróineach ar chor ar bith, áfach, má chuirtear san áireamh an cogadh fada Iosraelach i gcoinne a sean-namhad Libiaigh agus an ról lárnach a bhí acu i dtonnbhriseadh an tseanghnáthaimh sa deireadh thiar thall.

Is iomaí tuairisc nuachta ar bhás Qaddafi a luaigh Eitilt Pan Am 103 ach ní chloistear focal faoi Eitilt 114 de chuid Aerlíne Arabach na Libia. Agus é ar a bhealach as Tripilí go Caireo ar an 21 Feabhra, 1973 chuaigh an Boeing 727 amú de dheasca stoirm ghainimh. Leag an t-aerfhórsa Iosraelach an t-eitleán tráchtála le lámhach os cionn leithinis Síonáí – faoi fhorghabháil ag na hIosraelaigh ó Chogadh na Sé Lá i 1967 go dtí gur fhág na saighdiúirí Iosraelacha deireanacha é ar an 21 Feabhra, 1974 – ag marú 108 de na 113 daoine a bhí ar bord, cé go raibh sé ag dul anoir ag an am agus é gan ach nóiméad amháin ó theorainn na hÉigipte. Staon na Stáit Aontaithe ó vótáil nuair a cháin an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta Iosrael as an ionsaí, rud a léirigh do cheannaire nua na Libia – a tháinig i gcumhacht ceithre bliana roimhe sin i ndiaidh coup d’état síochánta i gcoinne fhear soip na Breataine, an Rí Idris – fimíneacht an Iarthair Domhain i leith na sceimhlitheoireachta.

Cailleach an Uafáis

Cuireadh an milleán ar Qaddafi, sna hochtóidí, as dúnmharú Constábla Yvonne Fletcher os comhair Ambasáid na Libia i Londain i 1984; as marú beirt shaighdiúirí de chuid SAM i mbuamáil dioscó in Iarthar Bheirlín i 1986; agus as buamáil Eitilt Pan Am 103 os cionn Loch Earbaí, Albain i 1988. Ní léir, áfach, go raibh baint ar bith ag rialtas na Libia le haon cheann acu. Ar an gclár “Murder at St. James’s” ar Chainéal 4 sa Bhreatain, léirigh oifigeach sinsearach balaistíochta de chuid Arm na Breataine nárbh fhéidir an Constábla Fletcher a lámhach ón ambasáid. Dúirt Hans Köchler, breathnóir na Náisiún Aontaithe, gur “iomrall ceartais mórthaibhseach” a bhí sa triail i gcoinne “buamadóir Loch Earbaí.” Agus ba mar gheall ar chleas bradach a d’imir an Mossad ar lucht faisnéise SAM – “Oibríocht Thraíoch” – gur chreid Washington gurbh iad na Libiaigh a bhí ciontach leis an mbuamáil dioscó. (Féach “An fhírinne faoi Loch Earbaí á ceilt” in eagrán mhí Dheireadh Fómhair, 2009.)

Níor leasc le Qaddafi na hIosraelaigh a náiriú ach an oiread. Le linn chruinniú mullaigh an Aontais Afracaigh dhá bhliain ó shin, d’inis sé do thart ar 30 ceannairí Afracacha go raibh Iosrael taobh thiar de chuid mhaith de chogaí acmhainne fuilteacha na hAfraice. Ag cur síos ar an tír mar “drong” a bhaineann leas as cosaint mionlach le haghaidh coimhlintí a chur ar bun, dúirt sé gur chóir gach ambasáid Iosraelach a dhúnadh ar fud na hilchríche. Agus é ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an mhí dár gcionn, thug sé le fios gur mharaigh Iosrael John F. Kennedy mar go raibh an tUachtarán Ó Cinnéide glan in éadan arm núicléach a bheith ag an stát Giúdach. “Cad chuige ar mharaigh Jack Ruby – Iosraelach – Oswald?” a d’fhiafraigh sé den chomhthionól. Cé nár Iosraelach é Ruby – nó Jacob Rubenstein mar a rugadh é – bhí sé ag obair do shindeacáit coireachta Meyer Lansky a bhí ag smuigléireacht gunnaí i bpáirt leis an gcoireacht faoi choim Iosraelach.

Aithint an Mhóraimh

Cé gur féidir leis na hIosraelaigh scigmhagadh a dhéanamh faoi líomhaintí mar sin mar “theoiric chomhcheilge fhrith-Ghiúdach” – beag beann ar na fíricí – rinne Qaddafi rud éigin níos luaithe sa bhliain sin a chuir isteach go mór orthu. In eagarfhocal sa New York Times ar an 21 Eanáir, mhol ceannaire na Libia réiteach don choimhlint idir iad agus na Palaistínigh: “In absolute terms, the two movements must remain in perpetual war or a compromise must be reached. The compromise is one state for all, an ‘Isratine’ that would allow the people in each party to feel that they live in all of the disputed land and they are not deprived of any one part of it.” Cheapfá ó na litreacha feargacha a cuireadh chuig an Times go raibh sé i ndiaidh Uileloscadh a bhagairt. Suimiúil go leor, scríobh Jeffrey Goldberg, iriseoir Meiriceánach a bhfuil an-tionchar aige i ndiaidh a bheith ina gharda príosúin san arm Iosraelach le linn an chéad Intifada, ar an 25 Lúnasa: “Now that Muammar Qaddafi, perhaps the most prominent proponent of the so-called one-state solution for Israel and Palestine – the solution being the elimination of Israel and its replacement by an Arab-majority state – has other things to worry about, such as staying alive until sunset, how about we put this ridiculous and offensive idea to rest?”

Eagraíochtaí Mírúin Iompar na Bréige

Ar ndóigh, ba mar gheall ar lucht Iosrael go raibh rudaí eile le bheith buartha faoi ag Qaddafi. Ar an 21 Feabhra, an lá céanna go raibh Shimon Peres ag magadh faoi chruachás Qaddafi, chuir 70 eagraíochtaí neamhrialtasacha litir chuig Uachtarán Obama, Ard-Ionadaí an AE Catherine Ashton, agus Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ban-ki Moon ag éileamh go gcuirfí dúnghaoisFreagracht chun Cosanta” (nó “R2P” i mBéarla) i bhfeidhm maidir le Libia bunaithe ar fhianaise chlostráchta ón gComhairle Idirthréimhseach Náisiunta (CIN) go raibh Qaddafi ag déanamh áir ar a mhuintir féin. De réir an Jerusalem Post, ba é UN Watch a d’eagraigh na heagraíochtaí chun an litir a shíniú. Níor luadh san alt, áfach, go bhfuil UN Watch comhcheangailte go foirmeálta leis an gCoiste Giúdach Meiriceánach, cuid lárnach den bhrúghrúpa Iosraelach i Meiriceá, nó gur bunaíodh é le leas Iosrael a chur chun cinn.

Ó thús go deireadh, bhí lámh na nIosraelach le feiceáil ag spreagadh na hidirghabhála “daonnúla” seo de chuid ECAT. Ba é Bernard-Henri Lévy, an “fealsúnaí” Francach, a chuir ina luí ar Nicolas Sarkozy an CIN a aithint mar ionadaí dlisteanach phobal na Libia ar an 10 Márta i ndiaidh dó casadh leo in Benghazi. Ar an 2 Meitheamh, tuairiscíodh gur inis BHL do Benjamin Netanyahu go raibh “ceannaircigh na Libia” sásta aitheantas a thabhairt don stát Giúdach – rud nach ndearna Qaddafi riamh. Ba iad Joe Lieberman agus a leathbhádóir John McCain, ar na páirtínigh Iosrael is láidre ar Chnoc an Chaipeatóil, a chuir rún faoi bhráid Seanad SAM maidir le limistéar faoi chosc eitilte a chur i bhfeidhm os cionn na Libia. Agus nuair a bhí an Chomhdháil ag smaoineamh i lár an tsamhraidh ar mhaoiniú an chogaidh a ghearradh, chuir “saineolaithe” ar bheartas eachtrach – leithéidí William Kristol, Robert Kagan agus Paul Wolfowitz, iad go léir ina dtacadóirí móra le rá do chogaí ar mhaithe le hIosrael – litir oscailte chuig Poblachtanaigh an Tí ag impí orthu gan éirí as go mbeadh athrú réimis curtha i gcrích.

Ar fhaitíos go gceapfadh muintir na Libia go raibh Iosrael ag tacú leis na ceannaircigh, cuireadh amach scéal bréagaisnéise i nuachtán Eabhraise ag tabhairt le fios go raibh Tel Aviv ag seoladh saighdiúirí tuarastail chun cabhrú le deachtóir na Libia an t-éirí amach a chur faoi chois. Ní fada go raibh an scéal áiféiseach seo á scaipeadh ag lucht cáinte Iosrael – idir mhacánta agus mhímhacánta. D’éirigh chomh maith leis an mbréagaisnéis dallamullóg a chur ar dhaoine go ndearna an Jerusalem Post magadh fúthu siúd nár thuig gur “namhaid aicsímiteach” don stát Giúdach a bhí in Qaddafi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.