tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 6 Samhain 2011, 23:04 GMT
Le scagadh is cíoradh , tiocfaidh an fhirinne ina háit cheart
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 24 Samhain 2011, 12:28 GMT
Eitilt 114 gan trácht air?

Cad mar gheall ar sn eachtra seo? Ionsaí na nIosraelach ar long spioradóireachta SAM

http:/​/​en.wikipedia.org/​wiki/​USS_Liberty_incident
tabhair freagratabhair freagra #3 Seosamh 27 Samhain 2011, 10:50 GMT
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 27 Samhain 2011, 12:34 GMT
Á, an tIosraelach: Ní sheasann éinne ina shlí, fiú a "chairde".
tabhair freagratabhair freagra #5 Maidhc Ó Cathail 27 Samhain 2011, 13:10 GMT
Labhair mé le Phil Tourney, fear lách a tháinig slán as an ionsaí sin, ar a chlár raidió le gairid. Dála an scéil, d’admhaigh bean John McCain i ríomhphost chuig cara le Phil, James Morris, gur cuma léi faoi bhásanna 34 Meiriceánach ar an USS Liberty.
tabhair freagratabhair freagra #6 Fearn 27 Samhain 2011, 20:38 GMT
> , d’admhaigh bean John McCain... gur cuma léi faoi bhásanna 34
> Meiriceánach ar an USS Liberty.

Tuige a bhfuil tromas lena barúil?
tabhair freagratabhair freagra #7 Maidhc Ó Cathail 28 Samhain 2011, 11:38 GMT
Bhí baint mhór ag a hathair céile, an t-Aimiréal John S. McCain, i bhforcheilt an ionsaithe ag an am. Agus is beag nach raibh a fear céile ina ardcheannasaí ar fhórsaí míleata SAM cé nach bhfuil sé de mhisneach aige an fhírinne a rá faoin ionsaí ach an oiread. Mar sin féin, is iomaí Meiriceánach nach bhfuil eolach ar an scéal suarach seo a chreideann gur gaiscíoch atá ann.
tabhair freagratabhair freagra #8 Fearn 28 Samhain 2011, 12:26 GMT
> Bhí baint mhór ag a hathair céile, an t-Aimiréal John S. McCain, i
> bhforcheilt an ionsaithe ag an am. Agus is beag nach raibh a fear céile
> ina ardcheannasaí ar fhórsaí míleata SAM cé nach bhfuil sé de mhisneach
> aige an fhírinne a rá faoin ionsaí ach an oiread. Mar sin féin, is iomaí
> Meiriceánach nach bhfuil eolach ar an scéal suarach seo a chreideann gur
> gaiscíoch atá ann.

Seans go bhfuil sí ag rá amach, más fíor, an rud a bhí ar chroí a hathair chéile, ach ar an dara láimh seans nach bhfuil eolas thar chách aici ach é seo a barúil dílis fhéin.

Ar aon nós, nach dóigh gur ordú polaitiúil a bhí sa cheilt? Atmasféar an chogaidh fhuair, agus gan misneach a thabhairt don namhaid bhuan. Mar is eol dúinn fosta, is beag locht mór ár gcarad i dtaca le locht beag ár namhaid.

Agus, is beag fíric garbh a thagann idir rialtas agus polasaí rialtais nuair a bhéas leasanna eile le choinneáil.

Ach i ndiaidh sin, bíonn rialtaisí beo ar bhréaga cuma ag an Iosraelach iad, nó Geadaifí, nó cibé.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!