CÚINNE NA nEALAÍON
Cloch le Carn Michael Dwyer
Pat Butler Pat Butler

cloch le cur ag Pat Butler le carn Michael Dwyer, a fuair bás ar na mallaibh, sula dtabharfaidh sé géarmheas amach san alt seo ar scannán Peter Jackson, ‘The Lovely Bones’.

Íomhá
Palais des Festival i gCannes (le Filip Maljkovic ar Vicipéid)
Íomhá
Saoirse Ronan (Bubbleleh a tharraing, ar Vicipéid)
Íomhá
Peter Jackson (Natasha Baucas a tharraing ar Vicipéid)

Cailleadh Michael Dwyer, criticeoir scannáin an Irish Times ar an gcéad lá d’Eanáir 2010. Bhain an drochscéal sin na cosa díom. Sinne in ‘Ireland’s Eye’ a sheol Michael ar an dteilifís i dtús na n-ochtóidí. Eisean a chaith súil an léirmheastóra oinigh ar scannáin d’irischlár tráthnóna RTÉ2. Fear óg a bhí seanbhunaithe i gcúrsaí scannáin ab ea an té a tháinig chugainn. Is beag a d’fhoghlaim Michael uainne. Guth foirfe údarásach a thug an Ciarraíoch oilte seo an doras chugainn isteach ón gcéad lá. Bhí idir bhreithiúnas agus tomhas, léamh agus eagna i cineaste óg Thrá Lí. Paisean chomh maith, i dtaca le fuinneamh, crógacht agus pearsanacht mhór nár cheil sé ar a chairde ná ar a phobal. Tá a scéal inste go maith fán dtráth seo. Ní chuirim, mar chloch lena charn, ach a éacht féinig.

Ba é Michael Dwyer a leag síos, don gcéad uair in Éirinn, creatlach tomhais léirmheastóireachta scannáin ar an uaschaighdeán is foirfe amuigh. Bhí ar Michael na caighdeáin sin a thógaint, ina aonair, geall leis, in Éirinn na n-ochtóidí. Bhí grásta eile ag Michael mar bhláth ar an mbua sin – d’aimsigh sé friotal teangan go luath a chuir ar a chumas coincheapanna casta ealaíne a cur i láthair an phobail. Thug a nádúr cuideachtúil an cead isteach i gcroíthe na ndaoine dó.

D’oibrigh mé leis i Mí Aibreán seo caite ar chlár faoi James Bond agus Kevin McClory. Nuair a bhí an jab thart, thosaíomar beirt ag cogaint na mine. Labhair sé faoi Fhéile Cannes, a bhí ina salon cineamúil bliaintiúil aige féin ó 1983 anall. Bhain Michael an-cheo go deo as an aitheantas a thug Poblacht na Fraince dó leis an ngradam Chevalier de l’Ordre des Arts et des Lettres sa bhliain 2006. D’fhiafraigh mé de ar thug sin cead dó a chuid chapall a uisciú sa Seine! Tá biorán beag a théann leis an Chevalieracht atá inchaite go díscréideach go poiblí nuair a fhágtar an slabhra mór oinigh sa bhaile.

‘Is iomaí cóisir ardnósach i gCannes ar oscail an biorán sin an doras dom chuici,’ ar seisean, sult an Chiarraígh sheiftiúil á bhaint aige as an scéal. ‘Tá na Francaigh chomh tógtha le gradaim is atá an Sasanach.’ Bhí an raconteur ann faoi lán tseoil anois. Is ba scéalaí den scoth é.

Seachtain ina dhiaidh sin, d’fhreastail mé ar thaispeáint phreasa don scannán ‘Let the Right One In’. Chas Michael orm ag an deireadh. ‘Bheul, a Phat, caidé do mheas ar sin?’ B’sin an comhrá deiridh againn. Más ann do Neamh, go raibh cathaoir iumbó dá chuid féin sa phictiúrlann shíoraí ag Michael, beannaithe i measc lucht na ceallalóide.

D’éalaigh an chuid eile againn amach fá bhun na fallainge aonaraigh a chaith Michael Dwyer ón tús le stíl. Gura i mbaclainn na sinsear anocht thú, a chomhghleacaí.


Léirmheas na Míosa

The Lovely Bones’ le Peter Jackson

In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘The Lovely Bones’. Agus sin in ainneoin na heilimintí uilig a fhaigheann Peter Jackson díreach ceart, ar an ábhar go bhfuil níos mó fós anseo a shleamhnaíonn uaidh, is baolach. Agus sí an teip is mó díofasan uilig ná teip bhunúsach scripte agus físe.

Is ar a bealach chun na bhFlaitheas atá Saoirse Ronan ar feadh dhá dtrian den scannán, í gafa leath bealaigh idir neamh agus talamh, í fós ag iarraidh a bheith rannpháirteach lena teaghlach, ach scartha uathu ar ndóighin; í fós ag iarraidh a Daid a threorú chun rún an dúnmharfóra a scaoileadh; í fós scriosta le cumha mar nach mblaisfidh sí riamh anois an chéad phóg sin a bhí geallta lena grágheal sa suntasán ar an Mall.

Seasann nó titeann an scannán seo ar an mbealach ina fhísítear an domhan ósréalaíoch seo ina bhfuil sórt liombó, ar a nglaíonn Susie, caractar Saoirse, ‘an t-idirshaol’ air, agus an ‘neamh’ a aimsíonn sí ar deireadh. Más maoithneach, cáisiúil, nó, úsaidim an focal breá Meiriceánach sin ‘hokey’, más mar sin an domhan ósréalaíochta sin, cailltear an scannán. Agus is baolach gur sin díreach a tharlaíonn sa chás seo.

Tá dóthain cáise, maoithneachais agus ‘hokiness’ sa domhan iarbháis sin a chruthaíonn Jackson chun fonn urlacain a ghiniuint. Ní ina haonar ach oiread a bhaineann Susie ‘neamh’ amach ar deireadh – ach í i gcuideachta ochtar eile cailíní óga a dhúnmharaigh ár ndúnmharfóir sraitheach sceimhliúil béal dorais, carachtar Stanley Tucci. Iad ‘saortha’ faoi dheireadh le chéile ar bhánta ildaite Elysium.

Drochleid á Chraobhscaoileadh

Bhíos thar a bheith míchompórdach faoin dtuairim go n-iomlánaítear ar neamh cailíní a dúnmharaítear faoi gháirsiúlacht bhreoite leithéid de dhuine agus carachtar Stanley Tucci, agus níos míchompórdaí fós, b’fhéidir, go mbeidís le chéile go síoraí sna flaithis, buíon íobartach, sainmhínithe de bharr oilc a ndúnmharfóra! Mo leithscéal, a chairde, ní thagann maith riamh ón olc agus tá sé contúirteach agus mífhreagrach an tuairim sin a chraobhscaoileadh. Tá ár ndóthain lucht buailte cloiginn amuigh ansin gan leid fochomhfhiosach a thabhairt dóibh siúd ar imeall a slánchéille gur mithid dóibh dul agus cailíní óga a ‘shaoradh’, is a sheoladh ar neamh!

Fuair Peter Jackson an gig seo de bharr a éacht oibre ar na fantasaíochtaí ‘Lord of the Rings’ agus ‘King Kong’. Níorbh é Peter an té chuige seo, faraor géar. Fuaireas ‘liombó’ agus ‘neamh’ Jackson saorga, áiféiseach. D’éirigh i bhfad Éireann níos fearr lena chuid iarrachtaí ‘ar thalamh’. Láimhseáiltear an teannas go máistriúil – an mbéarfar ar mo dhuine sara maraíonn sé deirfiúr óg Susie atá éirithe amhrasach, imníoch faoi?Ach níl ‘ar thalamh’ iomlan sásúil ach oiread. Is leantóir gan chosaint mé ó mhealltacht Susan Sarandon de ghnáth. A thiarcais, ba ghearrthóg steireitipiciúil d’alcólaí mná méanaosta í i bpáirt na seanmháthar – teip scripte agus léirithe: níor tugadh aon réimse ceart d’ábhar don mbean eile sin a leanaim, ar giorranáil go hiondúil, máthair Susie, Rachel Weisz. Teip scripte agus léirithe eile ina cás sise.

Is é éacht Saoirse Ronan ná gur chruthaigh sí rud álainn anseo agus ba cheart dúinn go léir dul chun í d’fheiscint, fiú i scannán atá lochtach ar an iliomad bealaí eile. Tá grásta, gile, leochaileacht, soineantacht, éirim, agus nádúr éasca fírinneach ag an ngirseach shláintiúil seo. Réalta mór domhanda, fiú anois í, gan aon agó. Bean óg gan teora. ’Sí Saoirse Ronan aisteoir mná mór domhanda scannán Éireann faoi láthair. Nach deas an mhaise di tallann dá leithéid.

Ní féidir liom an scannán seo a shamhlú ina héagmais. Cé eile ach í a choinneodh ar an scáileán é? Sin a héacht. Tá chuile gradam agus aitheantas a ghnóthóidh ‘The Lovely Bones’ do Saoirse Ronan tuillte aici agus a chonách sin uirthi.


ROGHA NA BLIANA 2009

  1. Das weisse Bande Michael Heneke2. Il Divo Paolo Sorrentino3. Let the Right One In Tomas Alfredson4. Broken Embraces Pedro Almodóvar5. Bright Star Jane Campion6. Voy a Explotar Gerardo Neranjo7. Looking for Eric Ken Loach8. Inglourious Basterds Quentin Tarrantino9. The Limits of Control Jim Jarmusch10. Ché Steven Soderbergh

Pat.Butler@Beo.ie


Naisc do Michael Dwyer: http://www.youtube.com/watch?v=SNIOH1qzjlghttp://en.wikipedia.org/wiki/OrdredesArtsetdesLettreshttp://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2010/0102/breaking1.htm do The Lovely Bones: An blaiseadh - http://www.youtube.com/watch?v=tc4BFI-U6-4&feature=relatedAn leabhar - http://en.wikipedia.org/wiki/TheLovely_Bones

Naisc

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.