AR NA SAOLTA SEO
Ceithre Dhúshlán an Nuachtáin Nua
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá claíocha arda le caitheamh ag an bhfoilseachán nua idirlín, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
Seachtain ar an bhfód
Íomhá
Foras na Gaeilge
Íomhá
An an mbealach ar ais, GOITSE
Íomhá
Leagan bunaidh Foinse
Íomhá
Na Laetha a bhí
Íomhá
An Gaodhal, 1883
(Vicipéid)

Dúshláin éagsúla atá roimh an dream a n-éireoidh leo an deontas €300,000 sa bhliain a mhealladh ón bhForas chun nuachtán nua Gaeilge ar líne a chur ar fáil. An chéad cheann ná dúshlán na muiníne. Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo?

An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta. Deis caillte a bheas ann muna gcuirtear foilseachán ar bun a bhaineann lánúsáid as láidreachtaí an mheáin féin. Tuigim go gcaithfear cloí leis na bunriachtanais a leagfaidh an Foras síos – agus beidh taibhsí na nuachtán clóite a chuaigh roimhe ag guairdeall thart faoi chaolachaí an tí – ach is mar fhoilseachán ilmheáin go príomha ar cheart breathnú air. Sa chomhthéacs sin, tá an tairiscint ag teacht ag am atá thar a bheith cinniúnach. Tá a fhios agam go bhfuiltear ag rá le blianta go bhfuil na meáin ar fad ag teacht le chéile, agus nach mbeidh aon bhrí a thuilleadh leis na coincheapa ‘stáisiún teilifíse’, ‘nuachtán’ ná ‘stáisiún raidió’ nuair is féidir leat pacáiste comhtháite le fís, fuaim agus focail a sholáthar le chéile ar shuíomh idirlínar áis soghluaiste. Ach tá fianaise áirithe ann go bhfuil clochmhílte ar leith ar an mbóthar sin bainte amach againn le gairid, agus go bhfuil muid ag an bpointe diamhair úd nach bhfuil aon dul siar anois air.

Na hIlmheán

Beidh díolachán suntasach ar theilifíseáin ghlice an Nollaig seo (is fearr liom an aidiacht ‘glic’ sa chás seo seachas an gnáththéarmacliste’; an féidir le gléas a bheith cliste i ndáiríre?). Tá go leor cainte ar Google Glass agus an chaoi go mbeidh daoine in ann gach a bhfeiceann siad a thaifeadadh agus a chraoladh agus iad ag siúl síos an bóthar. Ach ’sí eochair na réabhlóide i ndáiríre ná YouTube Live, atá ag tarlú go ciúin cheana féin ach a bheas ina scéal mór millteach an bhliain seo chugainn.

Le YouTube Live, tig le duine ar bith a bhfuil 100 síntiúsóir aige fís a chraoladh beo ar an idirlíon. Níl aon chostas air.

Ciallaíonn sin gur féidir le hiriseoir físe – nó tú féin, a léitheoir dhil – dul chuig seimineár éigin, ceamara beag a chur ar siúl agus imeachtaí an lae a chraoladh beo ar an idirlíon ar an bpointe (má tá ceangal leathanbhanda ar fáil san ionad); freastal ar an ócáid agus nótaí a ghlacadh; alt anailíse ar ábhar an tseimineáir a scríobh an oíche sin; agus pacáiste iomlán leis an alt, nasc chuig taifead den chaint, agus grianghraf a chrochadh ar do bhlag (nó a sholáthar do nuachtán idirlín) an mhaidin dár gcionn. Éasca péasca. Agus tá impleachtaí móra aige seo d’aon nuachtán nua a bheas ag teacht ar an bhfód.

Tuigim go gcuirfidh an chaint seo as do dhaoine áirithe. Bhí sé an-soiléir ag an seimineár ar na meáin chlóite a reachtáil Beo le linn an Oireachtais go raibh daoine míshásta nach mbeidh nuachtán clóite seachtainiúil á mhaoiniú ag an bhForas feasta. Agus údar maith acu. Faoi mar a dúradh ag an seimineár, tá stádas ar leith ag nuachtán clóite nach bhfuil ag suíomh idirlín, agus bíonn sé an-éasca ag suíomh idirlín dul i bhfolach i measc na gcéadta míle suíomh eile atá amuigh ansin. Agus thar aon rud eile, is cuid thábhachtach, dhílis agus luachmhar den phobal beag léitheoireachta atá ann na daoine sin atá ag dul in aois agus a bhfuil scoth na Gaeilge acu - agus faisean acu freisin a bheith ag léamh sa teanga, rud nach bhfuil coitianta faraor i measc na n-óg. Botún mór a bheadh ann neamhaird a thabhairt ar an aicme sin.

Dúshlán an Ghobadáin

Beireann sin mé go dtí an tríú dúshlán atá roimh lucht an ‘pháipéir’ nua. Tugaim dúshlán an ghobadáin air: cé go ndeir an seanfhocal nach féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal sin é go díreach a bheas le déanamh acu. Ní hamháin an dá thrá, ach an tríú agus an ceathrú ceann freisin. Ar an gcéad dul síos, beidh ar an nuachtán leagan clóite a chur ar fáil ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, fiú amháin muna bhfuil sin leagtha síos mar bhunchoinníoll ag an bhForas. ’Sé an múnla is fearr a d’fheilfeadh, dar liom, ná múnla na féinfhoilsitheoireachta (nó an fhéinordaithe) faoi mar atá in úsáid ag an iris An Gael.

Faoin múnla sin, ordaíonn tú agus íocann tú as cóip ar leith ar an idirlíon, agus tagann sé chugat sa phost. Leis an teicneolaíocht chlódóireachta atá anois ann (leithéide Mag Cloud a chuireann Hewlett Packard ar fáil) tá tú in ann cóipeanna aonair a chlóbhualadh ar chaighdeán ard agus ar chostas íseal, rud nach bhféadfaí a dhéanamh dornán blianta ó shin. D’fhéadfadh lucht an nuachtáin féin roinnt scórtha cóipeanna a chlóbhualadh agus a chur ar díol in áiteanna ar leith: Club an Chonartha i mBleá Cliath, Áras na nGael i nGaillimh, An Chultúrlann i mBéal Feirste, roinnt siopaí leabhar, na hollscoileanna, an Caifé Liteartha sa Daingean agus mar sin de. Agus ar ndóigh beidh tábhacht ar leith le síntiúsóirí a cheannóidh díol bliana in aon turas amháin.

Téagar sa Táirge

Bhíodh thart ar €10,000 á chaitheamh ag Gaelscéal ar an gcostas clódóireachta gach seachtain. Tá sé sin iomlán craiceáilte sa lá atá inniu ann. Airgead amú é nuair nach mbíodh ach cúpla míle cóip clóbhuailte á ndíol in aghaidh na seachtaine. Anois nach mbeidh an costas sin ann, beidh níos mó airgid ag an eagarthóir le caitheamh ar scríbhneoirí agus ar iriseoirí físe, rud a chuirfidh téagar breise sa táirge.

Agus sin an ceathrú dúshlán: dúshlán an ábhair. Éireoidh leis an nuachtán nua má tá tuiscint cheart ag na daoine a bheas ina bhun ar na margaí éagsúla – agus ar na pobail éagsúla – ar a bhfuil siad ag brath, agus má tá siad sásta airgead a chaitheamh chun ábhar fiúntach a choimisiúnú don nuachtán, agus píosaí físe agus fuaime a chuireann luach breise leis an iomlán. Ní éireoidh le foilseachán éadrom atá dírithe go príomha ar fhoghlaimeoirí, nó a fhoilsíonn baothchaint ar son na cúise i leaba iriseoireacht cheart neamhspleách a théann faoin gcraiceann. É sin ráite, níl aon chall orainn a bheith éadóchasach faoi thodhchaí na meán (iar)chlóite Gaeilge. A mhalairt atá fíor i ndáiríre. D’fhéadfadh muid bheith inár seasamh ar thairseach ré órga nua, ach an machnamh agus an phleanáil chuí a dhéanamh i dtosach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.