Beo! (freagraí ar: Ceithre Dhúshlán an Nuachtáin Nua) http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments Tá claíocha arda le caitheamh ag an bhfoilseachán nua idirlín, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill. ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 19 Dec 2013 15:38:53 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Donncha http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments Tá an tuairisc chríochnúil ar an anailís a deineadh ar thorthaí an phróisís chomhairliúcháin maidir leis an nuachtán Gaeilge ar fáil anois ar shuíomh idirlíon Fhoras na Gaeilge ó inné (18 Nollaig). Tugtar le fios sa tuarascáil, atá curtha le chéile ag Regina Uí Chollatáin agus Róísín Ní Mhaolchallann, nach bhfuil ach 17%, nó duine as gach seisear, ar son nuachtán seachtainiúil ar líne amháin. Tá 43% ar son nuachtán náisiúnta clóite agus 24% ar son meascán den dá rud. Sa tuarascáil tugadh le fios go mbeadh 85% sásta íoc as nuachtán Gaeilge.

Sa chonchlúid deirtear go bhfuil sé ‘róluath le bheith ag dul i dtreo an idirlín amháin’ agus go mba mhaith le pobal na Gaeilge ‘go mbeadh nuachtán clóite ar fáil’ chomh maith le nuachtán ar líne.
Thu, 19 Dec 2013 15:38:53 GMT Concubhar Ó Liatháin http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments Ní doigh liom go bhfuil Donncha ag maireachtain sa bhfíor shaol in aon chorr. Má cheapann sé nach gocosnódh sé €10,000 in aghaidh na seachtaine Gaelscéal a chló. Ní mór a chur san áireamh freisin má chlóbhuailtear nuachtán go gcaithfear é a dháileadh. Ar fuaid na tíre thuaidh is theas. De réir an fhoráil atá ag Foras na Gaeilge sa treoir do na h-iarratasóirí don chonradh nua, is rogha breise é coip crua a chur ar fáil agus ní hionann sin agus roinnt míle coip den 'nuachtán' nua a chló. Is mise duine de na daoine a chaith go leor de mo shaol oibre ag obair go dian ar son nuachtán chlóite agus is go trom chroíoch a deirim go bhfuil an ré sin caite.
Maidir le cúrsaí ilmheáin is mar sin de, is doigh liom gur cheart díriú ar ábhar den scoth a chur ar fáil le léamh agus sa chás go bhfuil sé éasca agus áisiúil corr phíosa ilmheáin ach i bhfirinne creidim go bhfuil go leor ábhar físe is fuaime ann cheana féin.
Sun, 15 Dec 2013 12:23:42 GMT Donncha http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments Seans go bhfuil an cheart a't, Fearn, agus is ag iarraidh freastal ar an dream sin atá Foras na Gaeilge, ní ar an dream a léann nuachtán!
Wed, 11 Dec 2013 17:13:31 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments Ritheann sé liom gurb é an dream is éasca acu an teicneolaíocht fhorásach is lú léamh nuachtán
Wed, 11 Dec 2013 14:08:46 GMT Donncha http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments 'Dúshlán do dhream éigin in Éirinn', a deireann Uinsionn. Ní hea ach dúshlán don dream a fhaigheann an conradh, sé sin más mian leo an uasmhéid leitheoirí a shroisint.

Dála an scéil, is deachair a chreidiúint go raibh "€10,000 á chaitheamh ag Gaelscéal ar an gcostas clódóireachta gach seachtain". Ba bhreá liom an fhoinse a fháil don figiúr sin, mar níl sé ag tíocht ar chor ar bith leis na praghasanna atá ag clódóirí i láthair na huaire! D'fhéadfadh sé tarlú gur sin a bhí á ghearradh ar Gaelscéal, ceart go leor agus más é, míníonn sé go leor agus ardaíonn sé ceist nó dhó chomh maith.

Tá an figiúr sin €10,000 in aghaidh na seachtaine ag cruthú miotais go mbeadh sé ró chostasach nuachtán a chlóbhuaileadh, rud a chreideann go leor leor iriseoirí ag an bpoinnte seo, is cosúil. Bhí an rud céanna á rá aimsir feachtas na teilfíse, sé sin go gcosnódh sé an iomarca: b'shin an leithscéal a bhí ag rialtas Haughey ar feadh i bhfad gan tada a dhéanamh faoi.

Óna praghasanna atá cloiste agam creidimse go bhféadfaí nuachtán a chlóbhuaileadh ar chomhchaighdeán le Gaelscéal ar thart ar €1 an chóip. Níor cheart go mbeadh sin mar bhac ar na foilsitheoirí nua an nuachtán seachtainiúl Ghaeilge a chur ar fáil i bhfoirm clóite dona léitheoirí a mb'fhearr leo é sin: smaoinigh i bpróiséas comhairleacháin Fhoras na Gaeilge faoin gceist gur roghnaigh 75% dena freagróirí nuachtán chlóite de chineál éicint nó meascán den dá rud, clóite agus ar líne.
Fri, 06 Dec 2013 18:05:55 GMT Uinsionn Mac Dubhghaill http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments Tá pointe ag 'Cé sin amuigh' maidir leis an achar ama a thógann Magcloud, ach an pointe a bhí mé féin ag iarraidh a dhéanamh ná go bhfuil an teicneolaíocht ar fáil chun rud mar sin a dhéanamh... ba cheart go mbeifeá in ann é a chur amach i bhfad níos scioptha ná sin dá mba ghá. Dúshlán do dhream éigin in Éirinn?
Fri, 06 Dec 2013 16:16:09 GMT Ruth http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments ábhar machnaimh thuas
Wed, 04 Dec 2013 13:54:15 GMT Cé sin amuigh? http://www.beo.ie/alt-ceithre-dhushlan-an-nuachtain-nua.aspx#comments "Ar an gcéad dul síos, beidh ar an nuachtán leagan clóite a chur ar fáil ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, fiú amháin muna bhfuil sin leagtha síos mar bhunchoinníoll ag an bhForas" - bhur mbarúil an fíor é sin?

Tá an fhéinfhoilsitheoireacht inmholta i bprionsabal, ach ní áis nuachta é An Gael. Tá Magcloud, cuir i gcás, go maith, ach de réir suíomh s'acu féin thógfadh sé coicís idir an t-ordú a chur isteach is an nuachtán ag teacht isteach an doras agat. Níl sin maith go leor i gcás fhoilseachán chúrsaí reatha.
Wed, 04 Dec 2013 13:02:05 GMT