TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Carna
Máirtín Ó Catháin Máirtín Ó Catháin

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Máirtín Ó Catháin ar Charna i gConamara.

Bhí na rataí ag damhsa in Óstán Chuan Charna i gConamara san oíche Dé Sathairn seo caite. Glórtha na n-óg ag dul go spéir. Bhí comórtas peile buaite ag an gcumann aitiúil. Cluiche amháin eile agus bheadh siad i ngrád na sinsear i nGaillimh. Má éiríonn leo, is é an chéad uair riamh é ag cumann an cheantair sa ngrád sin. Stádas mór a bheadh ansin i gcontae mór peile. Beidh glór na n-óg níos gliondraí fós má bhaintear an cuspóir sin amach.

Ceathrú míle ó láthair an cheiliúrtha mhóir seo, tá obair ar bun a thabharfaidh tearmann agus ciúnas do ghlúin eile daoine sa bpobal. Tá na rataí fáiscthe anois ar an teach altranais nua do dhaoine aosta an cheantair. Ní fada go mbeidh barr slaicht dá chur ar an bhfoirgneamh breá seo a thabharfaidh ciúnas agus tearmann do dhaoine atá ag teannadh amach sna blianta. Dúradh sa gceantar le fada go raibh teach altranais ar an ní ba mhó uilig a theastaigh i gCarna. Tá sé ann anois. Beidh spás do leathchéad duine ann. Tabharfaidh sé áit scíthe do dhaoine aosta agus cuirfidh sé postanna ar fáil do ghlúnta níos óige. Óg agus aosta fite fuaite i sruth nua forbartha i gceantar Charna mar sin? Sea, ar go leor bealaí.

Ach, sula gcíorfaidh muid an cheist sin níos grinne, caithfidh muid súil ar an léarscáil, agus súil ar chúlra na háite seo atá suite ar imeall an Atlantaigh i nGaeltacht Chonamara. Paróiste amháin é Carna agus Cill Chiaráin. Tugtar paróiste Charna ar an gceantar go hiondúil, ach de réir sheanreacht na hEaglaise, is é paróiste Mhuighrois é. Tugtar Iorras Aithneach ar an gceantar go minic freisin. Pé ar bith ainm a thabharfar ar an gceantar, is é an leithinis is faide siar é i nGaeltacht Chonamara.

Tá na mílte acra sléibhe sa bparóiste, agus tá formhór an daonra ina gcónaí ar chiumhais na mara - tuairim is 1,800 acu. Tá an daonra ag laghdú le 100 bliain anuas agus tuilleadh. Tá ceantar Charna istigh sa scéim Clár, rud a chiallaíonn go bhfuil laghdú 50% ar an daonra le 75 bliain anuas. Ach, tá an daonra fanta réasúnta láidir, i dtéarmaí pobail tuaithe, le scór bliain. Ina dhiaidh sin féin, bhí laghdú 23% ar an líon gasúr sa 6 bhunscoil sa gceantar sna blianta 1990 - 2000. Timpeall is 200 dalta atá sa meánscoil i gCarna, Pobalscoil Mhic Dara. Ach, ceaptar go mbeidh lagan ar na huimhreacha sin amach anseo. Ar ndóigh, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil na teaghlaigh leath chomh mór anois, ar an meán, is a bhídís scaitheamh den tsaol, agus fágann sin go bhfuil lagan ar an líon daoine óga, gan cúinsí eacnamaíochta a chur san áireamh, beag nó mór.

Obair ag teastáil

Ó thaobh cúrsaí daonra de, is í an chloch is mó atá ar an bpaidrín anois do cheantar Charna ná deis a thabhairt don daonra daoine óga atá ann fanacht sa gceantar. Teastaíonn obair - agus obair a bhfuil réimse scileanna ag baint léi - leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Tá traidisiún láidir iascaireachta i gCarna. Tá scata maith daoine sa gceantar ag coinneáil orthu ag iascaireacht i gcónaí, ach tá tuilleadh forbartha ag teastáil ar an obair sin. Sin é an t-údar gur bunaíodh Comharchumann Sliogéisc Chonamara i lár na n-ochtóidí. Tá bonn níos láidre curtha acu siúd faoi chúrsaí oisrí, ach tá siad ag iarraidh an fhorbairt sin a leathnú.

Ina dhiaidh sin féin, is i bhfeilméireacht na mara atá an dul chun cinn is fearr feicthe le fiche bliain anuas. Is i gceantar Charna a rinneadh go leor den bhunobair a chuir tús le tionscal na feilméireachta bradán in Éirinn. Cé go bhfuil buillí faighte ag an tionscal sin sa gceantar, tá saothrú ag thart ar 100 duine ann i gcónaí. Saothrú maith é seo, ar bhonn rialta. Tá an chosúlacht ar an scéal go mairfidh an tionscal sin go láidir i gceantar Charna, agus tá plean ar na bacáin le tuilleadh forbartha a dhéanamh i gCuan Chill Chiaráin.

Ach, más borradh atá ann ó thaobh an tionscail nua seo, is é a mhalairt atá ag tárlú do cheann de sheantionscail cladaigh agus mara an cheantair. Tá lagan tagtha ar thionscal na feamainne buí - tionscal a thug saothrú séasúrach do chuimse teaghlach ar chósta thiar Chonamara. Iomaíocht láidir ar na margaí idirnáisiúnta is cúis leis sin. Táthar ag iarraidh an tionscal a neartú aríst agus tá plean ann d’fhorbairt na monarchan atá i gCill Chiaráin ag Arramara Teo. ó 1947 i leith.

Forbairt atá in ann freisin d’ionaid Ollscoil na hÉireann (Gaillimh) sa gceantar, de réir na bpleananna atá ann faoi láthair. Fógraíodh dhá mhilliún go leith euro anuraidh le caoi a chur ar an tSaotharlann Mhara agus tá plean pléte go minic le méadú mór a chur ar Áras Shorcha Ní Ghuairim, an t-ionad is deireanaí atá ag Ollscoil na hÉireann sa gceantar. Tá ionad fiorthábhachtach taighde atmaisféir ag an Ollscoil sa gceantar le dhá scór bliain - sin é Ceann Mása. Beidh béim ar leith ar an áit seo amach anseo, de bharr na n-athruithe atá dá dtabhairt faoi deara ar aeráid an domhain. Ach, gar do bhaile, beidh daoine ag súil go mbuailfear faoin bhforbairt atá geallta ar an tSaotharlann Mhara, agus ar Áras Shorcha Ní Ghuairim. D’fhéadfadh na hionaid sin a bheith ina mbunchlocha le forbairt níos fearr a dhéanamh ar chuid d’acmhainní móra an cheantair - an fharraige agus an Ghaeilge.

Tobar

Tá ceantar Iorras Aithneach áirithe ar cheann de thobair mhóra an bhéaloidis, an cheoil agus na hamhránaíochta. Tá an cháil sin tugtha do Charna ag leithéidí Shéamus Ennis, agus ag an mbailitheoir mór le rá Meiriceánach, Alan Lomax. Maireann an traidisiún sin go láidir, mar a thabharfar faoi deara ar thorthaí Oireachtas na Gaeilge i gcónaí.

Ach, céard faoin nGaeilge? Sa dara roinn a chuir an nuachtán Foinse foireann pheile Charna i suirbhé a rinne siad scaitheamh ó shin. Dúirt lucht an Chumainn go raibh orthu freastal ar cheantar an Chaisil - tá cuid den cheantar sin taobh amuigh den Ghaeltacht. Ach, tá a fhios ag an saol go bhfuil cuid den téagar caillte ag an nGaeilge i gcuid mhór pobal Gaeltachta, agus ní éalóidh Carna ó shruth an tsaoil, fiú agus go bhfuil sé 50 míle siar ó chathair na Gaillimhe.

Más sórt cosaint éicint é sin don Ghaeilge, ní cosaint ar bith é don cheantar - sin muna gcuirtear córas ceart bóithre ar fáil i gConamara. Níl aon bhéim dháiríre curtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe ar bhóithre ar ardchaighdeán i gConamara, agus beidh dris chosáin roimh mhuintir Charna nó go gceartófar an t-easnamh sin.

Tá cosúlachtaí maithe ann go mairfidh an croí i bpobal Charna, ach ní mór na pleananna forbartha atá ann anois a thabhairt chun críche. Agus má fhaigheann an fhoireann pheile áit i measc na bhfathach ar pháirceanna imeartha na Gaillimhe go gairid, beidh ceiliúradh acu sa teach altranais nua, agus ar fud an phobail uilig.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.