CÚRSAÍ SPÓIRT
Caithfear díriú gan mhoill ar cheist na gairmiúlachta
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Féachann Colm Mac Séalaigh ar na hargóintí atá acu siúd a deir gur cheart imreoirí na gcluichí Gaelacha a íoc.

Íomhá
Dessie Farrell, Príomhfheidhmeannach an GPA
Íomhá
Deirtear gur gá go mbeadh 30,000 duine i láthair i bPáirc an Chrócaigh chun na costais go léir a ghlanadh
Íomhá
Laoch Chill Chainnigh, DJ Carey

Go luath seachas go mall is gá do Chumann Lúthchleas Gael (CLG) ceist na híocaíochta a shocrú.

Bhí mé den tuairim ag an am a cuireadh Riail 42 ar leataobh go ndíreofaí aird an phobail ar ábhair eile a d’fhéadfadh bheith conspóideach ar nós íocaíochtaí d’imreoirí CLG. Thóg sé níos mó ama ná mar a shil mé, ach tá an díospóireacht áirithe seo faoi lánseol le daoine ag glaoch isteach ar chláracha raidió, altanna ar nuachtáin agus Uachtarán CLG á phlé i measc nithe eile ar agallamh raidió le déanaí.

Is léir go bhfuil cumann na n-imreoirí, an GPA, faoi cheannas Dessie Farrell, ag cuartú bealaí chun go bhfaighidh imreoirí idirchontae íocaíocht nó ioncam i slí éigin mar chúiteamh ar a gcuid iarrachtaí agus ama i mbun traenála i rith na bliana. De réir mo thuisceana, is iad na príomhphointí atá á ndéanamh ag an GPA ar son a gcúise ná:

Caitheann an t-imreoir idirchontae a lán ama ag taisteal chun na traenála (ceithre sheisiún in aghaidh na seachtaine de ghnáth) agus i mbun traenála i rith na bliana agus tá cúiteamh airgid tuillte aige dá bharr sin. Cailleann an t-imreoir ioncam toisc nach féidir leis obair bhreise a dhéanamh de bharr a dhílseachta don chluiche. Má tá gnó á rith aige, nó feirm le hoibriú, nó post a mbaineann uaireanta oibre neamhrialta leis, beidh deacrachtaí móra aige an t-am gur gá a thabhairt don traenáil gan cúiteamh cuí. Tuilleann CLG ioncam ollmhór ó na cluichí móra peile agus iomána gach bliain. Dar leis an GPA is iad na himreoirí a mheallann na sluaite móra de lucht tacaíochta agus a thuilleann airgead mór don chumann. Ta na himreoirí i dteideal cuid chóir den ioncam sin a bheith roinnte eatarthu. Is gné an-aitheanta den chultúr Éireannach iad na cluichí Gaelacha agus cuid lárnach de shaol phobal na tíre iad an iomáint agus an pheil. Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach. Glactar le prionsabal na híocaíochta i gCLG. Tá daoine fostaithe ag CLG in oifigí Pháirc an Chrócaigh agus in oifigí eile ar fud na tire. Íoctar mórán daoine (lucht slándála, freastalaithe i siopaí agus araile) gach uair a bhíonn cluiche mór idirchontae ar siúl, ach na daoine is tábhachtaí ar fad, na himreoirí, ní fhaigheann siad cent. Tá éagóir ag baint leis sin.

Seans go bhfuil pointí tabhachtacha eile le déanamh ag an GPA, ach sílim go bhfuil na cinn is tábhachtaí luaite agam. Curtha ar bhealach eile, tá cáca mór ann agus, i dtuairim cuid acu ar aon nós, tá na himreoirí i dteideal sciar cóir den cháca sin a bheith acu mar gan iad ní bheadh aon cháca ann sa chéad áit.

An phríomhcheist

Agus é sin ar fad ráite, céard go díreach an cheist agus an bhfuil freagra sásúil le fáil?

Is dóigh gurb í an cheist atá á cur ná an bhfuiltear chun glacadh leis go mba chóir íocaíocht a thabhairt do na himreoirí idirchontae ar an mbonn go dtugann siad dá gcuid ama go fial agus gur de bharr a gcuid iarrachtaí a thagann an-chuid airgid isteach i gCLG. Le theacht ar fhreagra, sílim gur gá do CLG aghaidh a thabhairt ar argóintí an GPA agus iad a scrúdú agus a scagadh.

Seo iarracht air sin a dhéanamh:

Is fíor go gcaitheann imreoirí idirchontae an t-uafás ama i mbun traenála agus taistil. Níl dabht ar bith orm ná go ndéanann a bhformhór íobairtí móra chun ionad a fháil ar an bhfoireann agus chun iad féin a ullmhú do na cluichí móra (is cluiche mór é gach cluiche idirchontae do na himreoirí). Is cóir na himreoirí a chúiteamh ar chostais atá acu, ar nós costas taistil, rud atá á dhéanamh cheana. Ach toisc go bhfuil siad ar nós imreoirí gairmiúla ó thaobh chaighdeán a gcuid traenála agus cur chuige agus go bhfuil poist acu chomh maith, seans nach mbíonn an scíth cheart á fháil acu idir seisiúin traenála agus cluichí. Ní staid sláintiúil é sin. Cheadódh íocaíocht de shaghas éigin laghdú ar uaireanta oibre, b’fhéidir, ach réiteach eile níos simplí agus níos saoire do CLG ná laghdú ar na seisiúin a chaitear i mbun na traenála agus treoir cheart, ghairmiúil a thabhairt do lucht bainistíochta ina thaobh sin. Seans go mbeadh imreoirí níos fearr as le polasaí mar sin sa bhfadtéarma. Is léir go dtagann airgead mór isteach tré gheataí CLG i rith an tsamhraidh, ach is féidir a bheith cinnte go bhfuil costais mhóra ag baint lena reáchtáil freisin. Tá sé ráite go dteastaíonn slua de thart ar thríocha míle duine chun an costas a bhaineann le reáchtáil cluiche amháin i bPáirc an Chrócaigh a ghlanadh. Cé is moite de líon beag imreoirí in imeacht na mblianta, daoine mar Chriostóir Ó Rinn, DJ Carey, Mick Mackey agus Mícheál Ó Conaill, imreoirí a mheall na sluaite daoine de bharr fheabhas a gcuid imeartha, nílim cinnte gur féidir a rá gurb iad na himreoirí iontu féin faoi deara na mílte duine a bheith i láthair ag cluichí CLG. Mo thuairim féin ná go dtéann na daoine chun tacaíocht a thabhairt don chontae. Ní fhanann siad sa mbaile toisc nach mbeidh imreoir X nó Y ag imirt. Aithnítear an iomáint agus an pheil Ghaelach mar chluichí foirne náisiúnta na hÉireann agus is coir aitheantas ar leith a thabhairt do na himreoirí is fearr. Déantar é sin dar ndóigh ar bhealaí éagsúla cheana féin tré “fhear an chluiche”, “réaltaí” agus a leithéid a roghnú. Maidir le faoiseamh nó liúntas cánach a thabhairt d’imreoirí idirchontae, is ceist don Rialtas é sin. Ní dóigh liom go mbeadh mórán daoine in aghaidh scéime den tsaghas sin, ach braitheann sé ar na polaiteoirí. Glactar leis go bhfuil le foireann riaracháin chun eagraíocht chomh mór le CLG a reáchtáil. Bíonn gá le lucht slándála agus maoirseachta freisin agus is gá iad a íoc. Ní léir an gá céanna a bheith ann imreoirí a íoc.

Tá na cluichí ag dul ar aghaidh le breis agus céad bliain gan íocaíocht ar bith bheith tugtha do na himreoirí. Ach tá an saol ag athrú agus tá an-fheabhas ar chúrsaí eacnamaíochta in Éirinn. Tá níos mó deiseanna ann ná riamh chun airgead a dhéanamh agus tá airgead mór bainteach le spórt i gcoitinne (urraíocht, cearta teilifíse, díol ticéad, fógraíocht agus mar sin de). Feiceann iománaithe agus peileadóirí é sin agus feiceann siad an cineál airgid atá á thuilleamh ag lucht sacair, rugbaí, gailf agus araile. Tá dúil ag cuid acu i saol an imreora spóirt ghairmiúil. Is é sin an fáth go ndeachaigh iománaí óg na bliana 2003, Setanta Ó hAilpín, chun na hAstráile. Ní theastaíonn uathu go léir dul thar lear, áfach. B’fhearr leo fanacht in Éirinn agus slí bheatha mhaith a bhaint amach sa tír seo, slí bheatha spóirt dá bhféadfaí.

Sílim go gcaithfidh CLG plé agus machnamh domhain a dhéanamh ar cheist seo na n-íocaíochtaí. Ní fiú a rá nach dtarlóidh sé riamh agus gur sin deireadh an scéil. Tá mórán samhlaíochta agus tionscnaimh agus cumais léirithe ag CLG ó bunaíodh é agus meas agus tacaíocht an phobail faighte aige dá réir. Ní shílim go bhfuil mórán daoine i bhfábhar gairmiúlachta, is é sin pá nó tuarastal a thabhairt d’imreoirí idirchontae. Ach, ní staonfaidh an GPA dá n-iarrachtaí chun airgead bheith ar fáil d’imreoirí ar bhealach éigin. Dá bhrí sin, caithfidh CLG an cumas agus an tsamhlaíocht chéanna a a léiriú is a léirigh sé cheana agus na himreoirí a shásamh gan ualach róthrom bheith ar an eagraíocht agus caithfidh sé an obair thábhachtach atá ar bun aige a chosaint.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.