CÚRSAÍ SPÓIRT
Caighdeán ard bainte amach ag tráchtairí spóirt na Gaeilge
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Chuir dráma a chonaic sé le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtráchtaireacht spóirt na Gaeilge le roinnt blianta anuas.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Nuair a tugadh cuireadh dom colún míosúil faoi chúrsaí spóirt a scríobh le haghaidh Beo! níor cuireadh aon srianlaincis orm maidir le hábhar. (Go raibh maith agat, a eagarthóir!) Dá bhrí sin, táim ag tabhairt ceada dom féin san alt seo díriú ar ábhar nach mbaineann go díreach le cúrsaí spóirt.

Bhíos i láthair le déanaí ag dráma a chuir compántas Thaibhdhearc na Gaillimhe ar an stáitse i mBaile Átha Cliath, is é sin an dráma “Níor Mhaith Linn do Thrioblóid” le Joe Steve Ó Neachtain. Is iomaí dráma stáitse, raidió agus teilifíse atá scríofa ag Joe Steve, chomh maith le hamhráin, dánta, scéalta agus agallaimh bheirte, agus níl dabht ar bith faoi ach gurb é duine de na scríbhneoirí is cumasaí agus is bisiúla dá bhfuil ag scríobh tré mheán na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Gaeilge shaibhir, bhlasta na Gaeltachta a chleachtann Joe Steve agus sa dráma “Níor Mhaith Linn do Thrioblóid” tagann an tréith sin dá chuid, maille le ceird an ealaíontóra, chun cinn go mór. Chuaigh an dráma i bhfeidhm ar gach duine a bhí i láthair (agus bhí an amharclann lán an oíche áirithe úd). Bhí an greann (a lán de) agus an ghruaim ann, an troime agus an éadroime fite fuaite lena chéile go healaíonta agus téamaí éagsúla á nochtadh sa dráma go cliste. Bhí an dráma ar fheabhas agus gach rud faoi - léiriú, gluaiseacht, stáitsiú agus aisteoireacht. Lena rá ar bhealach simplí, bhí gairmiúlacht den scoth ag baint leis.

Cad as a dtáinig an ghairmiúlacht seo? Agus mé ag caint leo tar éis an dráma, ba é tuairim go leor daoine ná go bhfuil baint nach beag ag TG4 le hardú chaighdeán aisteoireachta na Gaeilge. Cheana, bhíodh drámaí Gaeilge á léiriú ag grúpaí amaitéaracha, cumainn drámaíochta is a leithéid, a bhí an-mhaith ina slí féin ach dáiríre nach raibh an t-am acu is dócha barr feabhais a chur ar cheird na haisteoireachta.

Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d’fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana. Bhí aisteoirí iontacha ann i gcónaí, dar ndóigh, leithéidí Pheadair Lambe, Mháire Ní Ghráinne, Mhíchíl Uí Bhriain. Ach an dream gairmiúil a bhí ag aisteoireacht an oíche cheana mar chompántas na Taibhdheirce, bhíodar thar barr ar fad agus ba phléisiúr bheith ina láthair.

TG4

Anois cé nach bhfuil aon bhaint ag an méid sin thuas le cúrsaí spóirt, tá nasc eatarthu mar sin féin. Is é an nasc sin ná TG4. Seo mar atá. An lá roimh an dráma bhíos ag breathnú ar chluiche iontach iomána idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh a bhí á chraoladh beo ar TG4. Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa, an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.

Idir dhrámaíocht ("Ros na Rún”, “CU Burn” agus araile) agus thráchtaireacht ar chluichí, tá seirbhís den scoth á soláthar ag TG4 agus tá aisteoirí Gaeltachta agus Gaeilge ag fáil deise a ngairm a chleachtadh trí mheán na Gaeilge go gairmiúil agus caighdeán ard a bhaint amach ag an am céanna. Agus tá an rud céanna fíor maidir le tráchtaireacht ar chúrsaí spóirt, cur i láthair na nuachta agus na haimsire, cláracha faisnéise agus araile.

Maidir le spórt, tá seirbhís atá thar barr á soláthar ag TG4. Bíonn comórtas na gclub agus na sraitheanna náisiúnta peile agus iomána á gcraoladh beo ar TG4 agus craoltar an tSraith Cheilteach sa rugbaí. Déantar “clúdach” (téarmaíocht nua?) ar Chomórtas Peile na Gaeltachta freisin. Is é an comhlacht Nemeton a chuireann an tseirbhís ar fáil do TG4 agus is dream iontach iad. Tá a gcuid tráchtairí ar fheabhas agus is breá a bheith ag éisteacht le leithéidí Brian Tyers, Mhíchíl Uí Dhomhnaill agus Garry Mhic Dhonncha ag déanamh cur síos ar chluiche bríomhar, crua - is dream iad atá inchurtha le Mícheál Ó Muircheartaigh féin, dar liom.

Nuair a chuimhním air, tá an tseirbhís atá ar fáil ag lucht na Gaeilge ó thaobh na gcluichí de ar Raidió na Gaeltachta agus TG4 chomh maith, nó b’fhéidir níos fearr, ná a macsamhail i mBéarla. Níl sárú SBB (Seán Bán Breathnach) le fáil i measc tráchtairí in aon teanga, agus tá Mícheál Ó Sé ar fheabhas freisin. Bíonn Mícheál Ó Muircheartaigh ann chomh ach is trua gur i mBéarla is mó a chloisimid é. Dar liom, is fearr na tráchtairí Gaeilge, idir lucht TG4 agus Raidió na Gaeltachta, ná na tráchtairí a bhíonn ag RTÉ (seachas Mícheál Ó Muircheartaigh) mar, dar liom, tá siad níos nádúrtha i mbun gnótha.

Deich mbliana ó shin, gan trácht ar fhiche nó ar chaoga bliain, cé a chreidfeadh go mbeadh dráma nua Gaeilge á léiriú ag foireann dhíograiseach, ghairmiúil den scoth agus ag aisteoirí a bhíonn inár bhfochair sa seomra suite gach oíche beagnach tré mheán na teilifíse; go mbeadh ár mbealach teilifíse féin againn, ag craoladh chugainn cluichí na nGael agus spórt eile seachtain i ndiaidh seachtaine, “beo beathaíoch” mar a deir SBB!

Tá an teicneolaíocht tar éis an mhíorúilt seo a chur ar fáil, agus daoine atá tar éis í a thabhairt chun blátha. Daoine a thug dúshlán na n-údarás, a d’éiligh seirbhís do lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta; daoine a bhí sásta dul chun príosúin ar son a gcearta. Tá muid faoi chomaoin acu sin a throid ar son Raidió na Gaeltachta, ansin Gaeilge ar an teilifís agus, ina dhiaidh sin, bealach teilifíse Gaeilge. Tá toradh a saothair agus a n-íobartha le feiceáil inniu.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.