CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Cabóigín cainteach
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá ríomhchainteoir darb ainm Cabóigín forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Labhair Caoimhe Ní Laighin le stiúrthóir an tionscadail, an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide, le gairid faoin teicneolaíocht réabhlóideach seo.

Íomhá
Tionscadal taighde de chuid Shaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra Choláiste na Tríonóide is ea [abair.ie](http://www.abair.ie)
Íomhá
Foireann an tionscadail. Is í Ailbhe Ní Chasaide an dara duine ó dheis, ar chúl
Íomhá
Is fearr an brabhsálaí Firefox a shocrú ar do ríomhaire leis an tairbhe is fearr a bhaint as [abair.ie](http://www.abair.ie)
Íomhá
Athraíonn an córas téacs go comhad fuaime

Is cuimhin liom rud éigin a dúirt an fuirseoir Des Bishop – fear a bhí ina dhia beag ag pobal na Gaeilge trí chéile tamall de mhíonna ó shin – le linn seó a rinne sé as Béarla. Ag tagairt dó don chéad uair a chonaic sé an focal “bhfuil” scríofa síos, dúirt sé: “Bhfuil? Is that you, *bhfuil? *Jesus, I never expected you to look like that. I thought I knew you well, but I was wrong.”

Tharla gur fhoghlaim Bishop bunús a chuid Gaeilge ó chluas agus ó bhéal sular dhírigh sé ar an bhfocal scríofa. Agus na céadta míle ag foghlaim na Gaeilge in Éirinn agus i gcéin, is dócha gurb ann do go leor daoine atá eolach ar an bhfocal scríofa, ach atá dall ar fhoghraíocht na teanga (nó bodhar uirthi, is dócha!). Tá teicneolaíocht nua forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, áfach, a chuirfidh ar chumas an dreama sin dul i ngleic leis an teanga labhartha gan stró. Abair (abair.ie) is teideal don tionscadal seo, agus d’éirigh leo siúd atá ina bhun córas iomlán téacs-go-hurlabhra Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le Cabóigín, ar ríomhchainteoir (nó guth sintéiseach) í a labhraíonn Gaeilge Uladh, a thabhairt ar an saol. Má tá fonn ort anois cliceáil ar an gcnaipe nascleanúna le héalú ón alt scanrúil seo, ná déan! Ní gá tuiscint a bheith agat ar an dóigh a n-oibríonn sintéis gutha le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch atá curtha ar fáil acu siúd atá i mbun an tionscadail.

CabóigínAr dtús, sula léifidh tú focal eile atá scríofa anseo, is cóir duit táb eile a oscailt agus féachaint ar shuíomh abair.ie go sciobtha le go gcloisfidh tú guth Chabóigín. Is féidir do rogha dúshláin a thabhairt di agus ní bhéarfaidh tú amach uirthi – is féidir léi gach aon ní a rá. Agus ní hionann a guth agus guth an ríomhchainteora úd a bhíonn le cloisteáil ar an Luas agus í ag rá, “Mar-a-ga na Fair-im-ea”.

Labhair mé le gairid leis an Ollamh Ailbhe Ní Chasaide, stiúrthóir an tionscadail, faoi na haidhmeanna a bhaineann le abair.ie.

Sa ghearrthréimhse, teastaíonn uainn an gléas atá forbartha cheana féin a thabhairt chun foirfeachta agus glórtha do na mórchanúintí eile a chur ar fáil chomh maith. Ina dhiaidh sin, ba dheas linn aghaidh a thabhairt ar na mionchánúintí. Is seirbhís phraiticiúil í seo; acmhainn is ea í a mbeidh fáil ag an phobal trí chéile uirthi agus a bheidh ina cuidiú ollmhór d’fhoghlaimeoirí na teanga agus do mhúinteoirí.”Measaim féin gurb é an buntáiste is mó a bhaineann leis an tseirbhís atá curtha ar fáil ag foireann abair.ie ná gur féidir í a úsáid le sintéis a dhéanamh ar abairtí agus ar fhocail Ghaeilge atá scríofa ar shuíomh gréasáin ar bith. Is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil mé ag tochras ar mo cheirtlín féin agus mé ag cur béime air seo – mar go bhféadfaidh úsáideoirí Beo! go leor úsáide a bhaint aisti – ach measaim gur seirbhís iontach, réabhlóideach í. Féachfaidh mé anois le míniú simplí a thabhairt ar cad é go díreach is féidir leis an tseirbhís seo a dhéanamh. Cuireann Beo! gluaiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí; táim cinnte go bhfeiceann tú iad anois – na focail uilig a bhfuil líne ghorm fúthu. Ní gá duit ach do luch a bhogadh agus an pointeoir a chur os cionn na bhfocal sin agus tabharfar a mbrí duit i mBéarla. Amach anseo tá sé i gceist ag foireann abair.ie go mbeidh ar chumas an léitheora a phointeoir a chur ar na focail ar mian leis a bhfuaimniú a chloisteáil – ar aon suíomh greasáin ar domhan – agus go ndéanfar an tsintéis ar an toirt i nGaeilge bhreá dhúchasach an ríomhchainteora. Beidh sé chomh simplí leis an gcóras gluaise atá ar fáil ar Beo! faoi láthair. Ba é Harald Berthelsen a dhear an chuid seo den tionscadal. Is taighdeoir ón tSualainn é (a bhfuil Gaeilge aige!) agus tá sé i mbun na hoibre teicniúla ar abair.ie. Tá leagan teoranta den tseirbhís sin ar fáil faoi láthair ach tá an fhoireann ag súil go mbeidh sí ar fáil ina hiomláine roimh i bhfad. Faoi láthair, caithfidh an t-úsáideoir beagán oibre a dhéanamh – tá níos mó i gceist ná an pointeoir a chur os cionn na bhfocal. Caithfidh tú na focail ar mian leat a bhfuaimniú a chloisteáil a roghnú agus tabharfar iad isteach go huathoibríoch go dtí suíomh abair.ie. Is ansin a

dhéanfar an tsintéis. Mar sin, tá beagán stró i gceist mar go mbíonn ort a bheith ag aistriú idir suíomh abair.ie agus an suíomh a bhfuair tú an téacs air.

Ní theastaíonn uaim dul chun fadálachta san alt seo ag míniú an chaoi ar féidir an tseirbhís a shocrú duit féin ar do ríomhaire – tá treoracha cuimsitheacha curtha ar fáil ar abair.ie ar leathanach dar teideal “Ceisteanna Coitianta”. Ba chóir dom a lua, áfach, go mbeidh ort an brabhsálaí Firefox a shocrú ar do ríomhaire más mian leat an tairbhe is fearr a bhaint as an tseirbhís.CoincheapCén chaoi ar thángthas ar choincheap an tionscadail seo?

“Bhí mé ag smaoineamh air ar feadh na mblianta fada,” a deir Ní Chasaide. “Tá go leor sintéise á dhéanamh sna mórtheangacha – na cinn a bhfuil airgead taobh thiar díobh. Mar sin, tá an teicneolaíocht ar fad ann. Ach an fhadhb is mó a bhain leis an tionscadal áirithe seo ná gurbh éigean dúinn cuid mhór réamhthaighde a dhéanamh. Ní raibh aon chorpas urlabhra ar fáil – foclóirí fuaime agus mar sin de. B’éigean dúinn cuid mhór oibre a dhéanamh ón taobh sin de.”Tugadh faoin gcorpas seo a fhorbairt i dtionscadal dar teideal Acmhainní Próiseála Urlabhra don Bhreatnais is don Ghaeilge. Agus an obair seo curtha i gcrích acu, thug siad aghaidh ar chóras téacs-go-hurlabhra a fhorbairt don Ghaeilge.

Mar a dúradh ar fhógra teilifíse do sheampú tráth den saol, “*Here comes the science!” *

“D’aimsigh muid cainteoir dúchais ó Ghaoth Dobhair, duine a raibh a guth oiriúnach don tsintéis

,” a deir Ní Chasaide. “Ar ndóigh, ba ghá don duine seo guth taitneamhach – agus go leor foighde! – a bheith aici. Rinne muid seisiún taifeadta léi a mhair ar feadh timpeall fiche uair an chloig leis an bhunachar fuaime a chur le chéile. Ansin, rinne muid an córas téacs-go-hurlabhra a dhearadh. Go bunúsach, aistríonn an córas seo téacs go comhad fuaime. Agus téacs curtha faoi bhráid an chórais, cuardaíonn an t-inneall an bunachar fuaimeanna agus déanann sé an toradh an aschur i nguth Chabóigín.”Táthar ag súil go mbeidh deirfiúracha agus deartháireacha ag Cabóigín go luath, a bhuíochas sin ar an maoiniú fial atá faighte ag foireann Ní Chasaide ó Fhoras na Gaeilge. “Táimid iontach buíoch den Fhoras. Tarlaíonn go minic agus taighde ollscoile ar siúl go mbíonn ort tionscadail fhiúntacha a chaitheamh i dtraipisí má thagann an maoiniú reatha chun críche. Mar sin, is mór dúinn maoiniú an Fhorais mar go gcinntíonn sé go mbeidh muid in ann leanúint den obair sna blianta beaga amach romhainn.”

Déanfar www.abair.ie a lainseáil go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair.Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.