CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Buntáistí agus míbhuntáistí na gceamaraí digiteacha
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna don té a bheadh ag smaoineamh ar cheamara digiteach a cheannach.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá ceamaraí digiteacha ag éirí níos saoire agus níos saoire gach bliain - agus anois tá go leor ceann maith ar fáil ar phraghas réasúnta. Ach tá difríochtaí suntasacha idir na ceamaraí digiteacha is saoire agus na cinn is daoire agus is gá an teicneolaíocht atá le fáil iontu a thuiscint chun an luach is fearr a fháil.

Cé go bhfuil ceamaraí digiteacha i gcuid mhaith guthán soghluaiste na laethanta seo, tá na ceamaraí sin teoranta agus níl caighdeán na bpictiúr a ghlacann siad ró-iontach. Tá roinnt cúiseanna leis sin - ceann tábhachtach amháin ná nach bhfuil spás i nguthán do lionsa maith. Tá an méid sin tréithe brúite isteach i ngutháin bheaga shoghluaiste na laethanta seo (mar shampla, tacaíocht do chluichí Java agus ríomhchláir eile) nach bhfuil mórán spáis fágtha don cheamara. Ní bhailíonn lionsaí beaga mórán solais agus mar sin bíonn caighdeán na n-íomhánna ó roinnt de na ceamaraí gutháin lag - go háirithe nuair a úsáidtear iad in áit dhorcha.

Cúis eile go mbíonn caighdeán na bpictiúr íseal ná nach mbíonn an mhicrishlis a dhéanann taifeadadh ar an íomhá iontu mór go leor. Tugtar gléas luchchúpláite nó CCD ("charge-coupled device") ar an micrishlis sin agus is é a dhéanann taifeadadh ar an solas a théann tríd an lionsa - díreach mar a dhéanann scannán ceimiceach i ngnáthcheamara. Bíonn líon éagsúil picteilíní ag saghsanna éagsúla ceamaraí, agus tá sé tábhachtach go mbeadh líon ard picteilíní ag ceamara chun go ndéanfadh sé radharc a thaifeadadh go cruinn. Má bhíonn líon na bpicteilíní íseal, ní bhíonn an ceamara in ann na sonraí ar fad san íomhá a aithint óna chéile agus bíonn caighdeán an phictiúir lag. De ghnáth, is fearr ceamaraí digiteacha a fháil a bhfuil os cionn dhá mhilliún picteilín ar an CCD - mar shampla, ceamaraí a fhógraítear le os cionn “2 megapixel”.

Tá go leor ceamaraí digiteacha ar fáil go saor anois atá i bhfad níos fearr ná na cinn atá sna gutháin shoghluaiste. Cé gur féidir an t-uafás airgid a chaitheamh ar cheamara digiteach proifisiúnta, tá sé indéanta torthaí ar ardchaighdeán a fháil ó cheamaraí atá i bhfad níos saoire. Nuair a bhíonn ceamara á roghnú, tá sé tábhachtach go mbeadh lionsa maith ann, rud a bhíonn i bhformhór na gceamaraí a dhéanann na comhlachtaí traidisiúnta ceamaraí a tháirgeadh. Chomh maith leis sin, tá líon na “megapixels” tábhachtach ach ní gá dul thar fóir leo mar ní fiú faic iad gan lionsa maith os a gcomhair. Cuidíonn súmáil go mór le cumhacht ceamara freisin agus is fearr ceamara a fháil le súmáil optach in áit súmáil dhigiteach toisc go mbíonn caighdeán an ghrianghraif níos airde.

Cártaí cuimhne

Stóráiltear na grianghraif i gceamara digiteach ar chártaí beaga cuimhne in ionad an scannáin atá le fáil i ngnáthcheamaraí. Go fiú má ídítear na cadhnraí ar fad sa cheamara, fanann na grianghraif slán ar an gcárta. Is tréith thábhachtach é sin mar itheann na ceamaraí digiteacha cadhnraí - go háirithe toisc go mbíonn go leor cumhachta á shú ag an scáileán beag “teilifíse” ar na ceamaraí a léiríonn an íomhá. Is féidir cumhacht agus cadhnraí a shábháil ar roinnt gléasanna tríd an scáileán sin a mhúchadh agus an t-aimsitheoir amhairc traidisiúnta a úsáid ina ionad.

Ag brath ar chaighdeán na n-íomhánna agus ar líon na bpicteilíní atá ag ceamara, is féidir líon éagsúil grianghraf a choimeád ar chárta faoi leith - agus is féidir cártaí níos mó a cheannach i gcónaí. Is fiú cárta mór a cheannach má tá tú ag iarraidh go leor grianghraf a ghlacadh, ar laethanta saoire, mar shampla. Cé gur féidir grianghraif a bhogadh ón gcárta go dtí ríomhaire go héasca, agus na cinn nach maith leat a scrios, is crá croí é a bheith ag iarraidh é sin a dhéanamh faoi bhrú nó faoi dheifir. Má bhíonn cárta mór agat is féidir leat a lán pictiúr a stóráil ag an am céanna agus ní gá a bheith buartha ansin. Nuair atá ceamara digiteach á roghnú, is fiú i gcónaí a chinntiú cé chomh mór is atá an cárta a thagann leis mar, má tá sé ró-bheag, beidh costas breise ag baint le cárta níos oiriúnaí a cheannach.

Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le ceamaraí digiteacha ná go bhfaigheann tú aiseolas láithreach agus go mbíonn a fhios agat ar tháinig an grianghraf amach i gceart. Ach is míbhuntáiste é sin freisin mar go mbíonn na grianghraif ar fad ó do laethanta saoire feicthe agat sula sroicheann tú an baile!

Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel (www.agtel.ie), comhlacht neamhspleách teilifíse atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus suímh ghréasáin do raon leathan eagraíochtaí agus tá baint aige leis an tsraith teilifíse “An Tuath Nua” freisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.