CÚRSAÍ SPÓIRT
Buaicphointí an tséasúir
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar an séasúr iománaíochta atá díreach críochnaithe.

Íomhá
Laoch Chorcaí, Seán Óg Ó hAilpín
Íomhá
Peter Canavan, laoch Thír Eoghain
Íomhá
Lucht leanúna Thír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite

I ndomhan an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG), bliain shásúil a bhí inti den chuid is mó. Ach, mar is gnách, níl dóthain á dhéanamh ar son na hiomána i ngach leibhéal den eagraíocht.

Anois agus Craobh na hÉireann san iomáint, sa chamógaíocht agus san pheil thart (ní raibh Peil na mBan imeartha agus an t-alt seo á scríobh) i gcomhar bliana eile, is dual dúinn sracfhéachaint siar a thabhairt ar imeachtaí móra na bliana fad agus atá siad fós úr inár gcuimhne. Is iondúil agus an saghas seo súil siar i gceist go ndéantar cineál breithmheasa ar an mbliain nó séasúr. Bliain mhaith, bliain spéisiúil a bhí inti le neart cluichí maithe, corrchluiche iontach, cluichí eile gur fearr dearmad a dhéanamh orthu agus ábhair chainte agus chonspóide ó am go ham.

I gcúrsaí iománaíochta bhí roinnt cluichí maithe ann agus dornán cluichí iontacha, go speisialta Loch Garman v Cill Chainnigh, Gaillimh v Cill Chainnigh, An Clár v Corcaigh. Bhí críoch an-mhaith leis an mbliain de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe ach is gá a rá go raibh an iomarca cluichí aontaobhacha i gceist, is é sin cluichí ina raibh bearna mhór idir an dá fhoireann. Tharla sin den chuid is mó sna cluichí cáilithe as ar tháinig Gaillimh, an Clár, Tiobraid Árann, Loch Garman, Port Láirge agus Luimneach. Bhí Áth Cliath, Uíbh Fháilí, Laois agus Aontroim i bhfad taobh thiar den ghrúpa sin.

Deamhan athrú sa mhéid sin, is dóigh, ach mura ngníomhaíonn CLG go luath ar son na hiomána, beidh pé dul chun cinn a rinneadh le cúig bliana fichead anuas curtha de dhroim seoil. Sa tréimhse idir 1980 agus 1998 ghnóthaigh Gaillimh (3), Uíbh Fháilí (3), an Clár (2) agus Loch Garman (1) Craobh na hÉireann ar nós go raibh sé i gcónaí amhlaidh, ach níor bhuaigh ach Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (ceann amháin) ó shin.

Bhí roinnt mhaith plé i mbliana aimsir na gcluichí móra iomána maidir le dul chun an chluiche nó a mhalairt. Dealraíonn sé nach bhfuil aon athrú le theacht sa todhchaí luath ar aon nós maidir le cé bheas in uachtar ar leathanta deiridh an tsamhraidh. Shíl gach duine, dar ndóigh, go mbeadh Cill Chainnigh in iomaíocht le Corcaigh don chraobh arís i mbliana ach tháinig báireoirí sciliúla na Gaillimhe idir iad agus an tairngreacht áirithe sin.

I ndáiríre, murach fhir an iarthair, ba dheacair gan a bheith rud beag éadóchasach faoi dhul chun cinn na hiomána ach, faoi mar a tharla i ndeireadh na seachtóidí, tá iománaithe na Gaillimhe tar éis dúshlán na “mbuachaillí móra” a thabhairt. An cheist atá anois ann ná an bhfuil siadsan, nó aon dream, in ann dul céim amháin eile agus monaplacht na gcontaetha “traidisiúnta” a bhriseadh faoi mar a tharla ceathrú céid ó shin.

Tréithe éagsúla

Foireann iomána na bliana gan dabht ar bith ná foireann Chorcaí. Léirigh siad tréithe fíorsheaimpíní: scil, diongbháilteacht, féinmhuinín, spiorad agus imirt foirne agus go mórmhór an cumas tábhachtach sin scóranna a aimsiú ag an am ceart sa chluiche, mar shampla sa cheathru deiridh den chluiche leathchraoibhe i gcoinne an Chláir. Bhí bainisteoir agus captaen den scoth orthu agus Gaeilgeoirí gan náire iad beirt. Deirtear go mbíonn oiread Gaeilge le cloisteáil is a bhíonn de Bhéarla ag seisiúin traenála na foirne agus gur i nGaeilge atá mana na foirne. Ar an ábhar sin, móide feabhas a gcuid iománaíochta, fógraím go hard gurb í foireann sinsear iomána Chorcaí foireann na bliana!

Maidir le taispeántas na bliana téann an gradam siar thar Sionainn go dtí contae Gaeltachta eile. (Ceist: An raibh óráid Sheáin Óig i mbliana chomh maith nó níos fearr ná óráid Joe Uí Chonghaile i 1980?) Má bhí dearmad déanta againn air, ní raibh sé i bhfad ár mbualadh arís le himeacht an chluiche iomráitigh úd idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i mí Lúnasa seo thart, cén fáth gurb í an iomáint an cluiche is fearr ar domhan.

Nuair a shroicheann na himreoirí, nó a bhformhór, barr feabhais ar feadh 70 nóiméad le himirt lúfar, bhríomhar agus an sliotar ag scinneadh den talamh ó cheann ceann na páirce ar luas lasrach, níl radharc spóirt ar domhan inchurtha leis. Bhí an scór ag deireadh an chluiche sin dochreidthe – 4-18 i gcoinne 4-15 agus an bua ag Gaillimh. Bhí cuid de na tráchtairí á rá go ndearna tacaithe ar an dá thaobh an iomarca botún agus nach bhféadfaí a rá gur sárchluiche a bhí ann dá bhrí sin, ach measaim féin go raibh an léamh sin ar an gcluiche fabhtach. Murach an chaoi inar ghlac na tosaithe ar an dá thaobh a gcuid seansanna ní bheadh an scór chomh hard. Bhí scil agus cruinneas i gceist, chomh maith le crógacht.

Ar chaoi ar bith, chuidigh an cluiche sin, móide cluichí ar nós chluiche ceannais Laighean agus an leathchraobh idir an Clár agus Corcaigh, linn ár ndóchas a choinneáil beo as sláinte na hiomána. É sin ráite chaithfeá a bheith imníoch faoin gcaighdeán i gcontaetha áirithe mar Uíbh Fháilí, Áth Cliath, Laois, Aontroim, Loch Garman (tar éis do Chontae an Chláir iad a bhualadh) agus an Dún. Maidir le Port Láirge agus Tiobraid Árann, tá siad fós gar don leibhéal is airde agus thug fir Luimnigh le fios go mb’fhéidir go bhfuil aiséirí de shaghas éigin i ndán dóibh tar éis a dtaispeántais in aghaidh Chill Chainnigh agus an taispeántas a thug a gcuid mionúr i gcluiche ceannais na hÉireann.

Tuar dóchais do mhuintir Átha Cliath ab ea éacht na mionúr a thug Craobh Laighean leo tar éis an bua a fháil ar Chill Chainnigh agus Loch Garman. I gcoinne Luimnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann bhí cuma cineál stálaithe ar a gcuid imeartha, de cheal aon chluiche dian ar feadh sé seachtainí roimhe sin, agus níor éirigh leis an bhfoireann an imirt shlachtmhar chéanna a bhaint astu féin is a bhain sna cluichí go dtí sin. Ach comhghairdeas leo as a ngaisce, rud a chuidigh le cuid den ghruaim a ardú de lucht iomána na hardchathrach tar éis bhliain na hainnise ag na sinsir.

In ainneoin ceithre chluiche dhéag as a chéile a chailliúint, bhí beagán le ceiliúradh ar deireadh ag iománaithe Átha Cliath tar éis dóibh a stádas sa chéad roinn a choinneáil slán bliain eile. Ach ar an taobh eile den scéal, ní raibh ach an briseadh croí i ndán do mhuintir Aontroma mar, in anneoin mórán oibre agus dúthrachta, theip ar fhir na ngleannta a stádas sa phríomhroinn a choinneáil. Den chéad uair le fada, fada. Dá bhrí sin, ní bheidh iománaithe Aontroma ná aon fhoireann as Cúige Uladh san iomaíocht le haghaidh Chorn Mhic Cárthaigh an chéad bhliain eile. Is trua sin, mar is í foireann iomána Aontroma an fhoireann is fearr i gCúige Uladh le fada, cúige ina bhfuil an iomáint thíos agus an pheil thuas agus gan aon chosúlacht ann go bhfuil suim ar bith ag na contaetha ó thuaidh, seachas ag an Dún agus ag Aontroim, an t-easnamh sin a chur ina cheart. Scannal agus údar náire do GLG é sin.

Tá sé thar am ag CLG feachtas mór ar son na hiomána a thosú i gCúige Uladh. Le fírinne, tá dualgas ar an eagraíocht é sin a dhéanamh. Tá éirithe le contaetha Chúige Uladh iad féin a láidriú agus a fhorbairt go mór ó thaobh na peile agus tá craobh peile na hÉireann tugtha leo seacht n-uaire le cúig bliana déag anuas. Tá sé in am acu an dúthracht chéanna a chaitheamh ar chur chun cinn na hiomána.

Ardú meanman

Bhí imeachtaí eile ar siúl i mbliana a chuidigh leis an ardú meanman i measc mhuintir na hiomána. Den chéad uair riamh, imríodh comórtais Chorn Uí Rinn agus Chorn Uí Riocaird, dhá chorn a ainmníodh in onóir beirt de laochra móra na hiomána, Criostóir Ó Rinn agus Nicí Ó Riocaird. Comhghairdeas mar sin le Contae na hIarmhí, curaidh na hÉireann, Roinn a Dó, agus chéad bhuaiteoirí Chorn Uí Rinn, agus le foireann Londain as a mbua i gCorn Uí Riocaird. B’iontach agus ba speisialta na hócáidí iad nuair a d’imir an Iarmhí i gcoinne an Dúin i gCraobh Chorn Uí Rinn agus Londain i gcoinne Chontae Lú i gcraobh Ui Riocaird agus na cluichí sin beo ar an teilifís. B’fhearr iad ná mórán de na cluichí eile a bhí beo ar an teilifís i gcaitheamh na bliana.

Cé go mba í an chailliúint a bhí ann dóibh, bhí sé iontach foireann iomána Chontae Lú a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh i lár an tsamhraidh ar lá de laethanta móra CLG.

In ainneoin grád a dó agus a trí a bheith i gceist, chonaiceamar caighdeán ard scile agus imeartha ó na himreoirí agus ní mór dúinn comhghairdeas agus buíochas a ghabháil leis an gCoiste a mhol agus a chuir tús leis na comórtais nua do na contaetha laga. An t-aon ghearán a bheadh agam faoi ná gur díbríodh na mionúir as Páirc an Chrócaigh ach sin rud is féidir a chur ina cheart an chéad bhliain eile.

Cluiche iontach eile a bhí i bPáirc an Chrócaigh níl sé i bhfad ó shin ná craobh na camógaíochta. Sárscil agus cumas iománaíochta a léirigh foirne Chorcaí agus Thiobrad Árann an lá sin. Dúirt níos mó ná duine amháin é, agus ní den chéad uair, go raibh na mná inchurtha le, nó níos fearr ná, na fir. Is cinnte go bhfuil ceacht no dhó le foghlaim ag na fir ó na mná maidir le scil agus spórtúlacht.

Maidir leis an bpeil, ar nós na hiomána bhí dornán de chluichí speisialta ann a sheas amach os cionn na gcluichí eile go léir. Ach is iad na cluichí ina raibh foireann Thír Eoghain san iomaíocht is mó a sheas amach, dhá chluiche a chríochnaigh ar comhscór san áireamh i gcoinne Ard Mhaca agus Átha Cliath agus bua iontach milis i gcoinne Chiarraí sa chraobh. Bhí trí chluiche ar fad i gcoinne Ard Mhaca agus cé gur chloígh fir Ard Mhaca iad in athimirt Chraobh Uladh, is cuma leo faoi sin anois agus Corn Mhig Uidhir ina seilbh acu. An bóthar fada, casta a thaisteal siad, deich gcluiche ar fad, ach sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu. Níl dabht ar bith ach gurb iad ab fhearr agus gurb iad fir Thír Eoghain foireann pheile na bliana. Comhghairdeas leo.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.