TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Bord na Leabhar Gaeilge
Vivian Uíbh Eachach Vivian Uíbh Eachach Vivian Uíbh Eachach

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Vivian Uíbh Eachach, Bord na Leabhar Gaeilge, Ráth Cairn, Co. na Mí.

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Táimse i mo Chathaoirleach ar an mBord agus tá an oifig sin agam le breis is dhá bhliain anuas.

  1. Cathain a bunaíodh Bord na Leabhar Gaeilge agus cé a bhunaigh é?

An tAire Oideachais, Seán Ó Maoláin TD, a bhunaigh an Bord. Bhí an chéad chruinniú ann an 5 Meán Fómhair, 1952. Sna 1970í bogadh an Bord ón Roinn Oideachais go dtí Roinn na Gaeltachta.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh an Bord chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn sa tslí is go mbeadh ábhar maith léitheoireachta Gaeilge ag an bpobal.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag an eagraíocht faoi láthair?

Tá ceathrar againn faoi láthair - Stiúrthóir (Gearóid de Grás), Oifigeach Forbartha/Litríochta (Brídín Ní Dhonncha), agus Cúntóirí Oifige (Caitlín Uí Mhéalóid agus Máire Uí Fhaogháin).

  1. Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá?

Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge. Ina theannta sin, tá scéimeanna taighde agus coimisiúnaithe againn chun cabhrú le scríbhneoirí na Gaeilge ábhar ardchaighdeáin léitheoireachta a sholáthar. Ceann de na tionscadail is tábhachtaí atá againn faoi láthair is ea *Léigh Leat!, *feachtas margaíochta agus díolacháin atá dírithe ar na scoileanna. Tá ag éirí thar na bearta leis an tionscadal sin agus ba mhaith leis an mBord tuilleadh forbartha a dhéanamh air. De bharr an fheachtais sin, táthar ag cur go mór le líon na ndaltaí bunscoile a bhfuil rochtain acu ar leabhair Ghaeilge le súil is go gcuirfear síol na léitheoireachta Gaeilge ina saol, síol a fhásfaidh de réir mar a fhorbraíonn siad mar dhaoine. Dar ndóigh, tá curtha le díolachán na leabhar, leis, rud a shásóidh na foilsitheoirí ó thaobh gnó de.

  1. Cad iad na foinsí airgid atá agaibh? An leor iad?

Bord de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta is ea Bord na Leabhar Gaeilge agus faigheann an Bord tacaíocht mhaith ó oifigigh na Roinne sin. Is ón Roinn sin a thagann maoiniú an Bhoird, leis - i mbliana, tá beagnach milliún euro faighte againn. Dar ndóigh, ar nós cuid mhaith eagraíochtaí eile, dá bhfaigheadh an Bord a thrí oiread sin, d’fhéadfaimis é a chaitheamh chun tionscadail nua a bhunú agus chun cur leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil dár gcustaiméirí.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Measaim go bhfuil. Cuirtear soláthar maith ábhair léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge in aghaidh na bliana, agus tá caighdeán na leabhar mar tháirgí ag dul i bhfeabhas i gcónaí. De réir mar a thuigim, an chéad bhliain sin, 1952, mar shampla, níor tháinig ach leabhar amháin faoi bhráid an Bhoird - Ceo Meala Lá Seaca, le Micheál Mac Liammóir. Anuraidh, fuair 77 leabhar deontas ón mBord.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an mBord?

Ar na hábhair nirt atá againn, tá foireann chumasach dhíograiseach a bhfuil suim acu sa ghnó agus fonn orthu a gcion a dhéanamh; taithí agus saineolas na gcomhaltaí boird, daoine atá sásta feidhmiú go deonach chun dul chun cinn tomhaiste a bhaint amach san earnáil; agus tacaíocht oifigigh na Roinne, daoine a bhfuil dearcadh gairmiúil forásach acu i leith na hearnála.

Laige amháin a bhaineann leis an eagraíocht, dar liom, ná nach bhfuil mórán eolais ag an bpobal faoin mBord ná faoin obair a dhéanaimid. Ba mhaith liom an laige sin a réiteach.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag

Bord na Leabhar Gaeilge faoi cheann cúig bliana.

Pobal bríomhar léitheoireachta Gaeilge a bheith forbartha i ngach aois-aicme, go háirithe i measc daoine óga; earnáil bhíogach chuimsitheach foilsitheoireachta a bheith ann; todhchaí na léitheoireachta Gaeilge a bheith slán.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

An fhís chéanna atá agam le fada - pobal forásach nua-aimseartha Gaeilge a bheith ann atá muiníneach as féin i measc chultúir eile na cruinne. De réir an Daonáirimh is déanaí, tá 1.5 milliún duine ann a mhaíonn go bhfuil Gaeilge acu ach ní dóigh liom go bhfuil pobal Gaeilge náisiúnta ann. Tá pobal Gaeilge de shórt i mBéal Feirste agus in áiteanna eile faoin tír agus, dar ndóigh, tá na Gaeltachtaí oifigiúla ann ach pobail scáinte is ea iad go léir faoin am seo atá faoi bhrú mór ón mBéarla. Níl éirithe linn ó bunaíodh an stát oiread is pobal nua Gaeilge amháin a chruthú (seachas Ráth Cairn, ar aistriú pobail a bhí i gceist ann) ach, ar an láimh eile, tá éirithe linn an Ghaeilge a thabhairt ó imeall an tsaoil in Éirinn sa tslí is go bhfuil 1.5 milliún duine anois ann a mhaíonn go bhfuil an teanga acu. Ba mhaith liom go dtabharfaí an léim stairiúil sin anois idir lear mór daoine a bheith ann a bhfuil Gaeilge acu agus pobal ceart féinaitheanta Gaeilge a bheith ann. Is é an córas oideachais is mó a bhain na torthaí amach go dtí seo. Dá mbeadh córais eile an stáit agus na sochaí i gcoitinne (i ré seo an phríobháidithe) páirteach i gcur chun cinn an pholasaí náisiúnta seo, bheadh toradh i bhfad níos forleithne bainte amach. Cad is fiú na mílte duine óg a bheith ag fágaint na scoile (an ghaelscoil san áireamh) agus Gaeilge mhaith acu mura bhfuil pobal Gaeilge lasmuigh de gheata na scoile chun fáiltiú rompu isteach?

Is as Baile Átha Cliath é Vivian Uíbh Eachach. Tá sé ag obair i Rannóg an Aistriúcháin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.