CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Bogearraí eagarthóireachta le fáil go furasta anois
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

bogearraí cumhachtacha le fáil saor in aisce na laethanta seo ar ríomhairí, bogearraí a chuireann ar chumas daoine eagarthóireacht físe agus fuaime a dhéanamh. Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén fáth a bhfuil comhlachtaí ríomhaireachta sásta iad seo a chur ar fáil gan aon chostas.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Leis an teicneolaíocht físe atá ar fáil faoi láthair, is féidir linn go léir iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh ar eachtraí Hector ar TG4 - ach cén fáth a bhfuil na comhlachtaí ríomhaireachta ag tabhairt na mbogearraí cuí amach saor in aisce?

Is beag ríomhaire nua nach mbíonn bogearraí le fáil air a chuireann ar chumas duine eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin. Tá teacht ag daoine a fhaigheann ríomhairí ar a bhfuil Windows XP ar an ríomhchlár Windows Movie Maker, agus tá daoine a roghnaíonn ríomhairí Apple in ann iMovie a úsáid. Cuireann na ríomhchláir seo ar chumas daoine míreanna físe a chur isteach ar a ríomhaire agus ansin eagarthóireacht a dhéanamh orthu sula dtaispeántar iad do lucht féachana.

Tá cuid mhaith físcheamaraí maithe digiteacha ar fáil anois ar phraghas réasúnta, agus go deimhin is féidir le roinnt ceamaraí a ghlacann grianghraif dhigiteacha giotaí gairide físe a thaifeadadh freisin. Is féidir na ceamaraí seo a cheangal leis an ríomhaire trí úsáid a bhaint as cártaí cuimhne nó cáblaí speisialta. Mar shampla, tá an caighdeán FireWire (nó IEEE 1394, mar a thugtar air ó am go ham) á úsáid go forleathan chun gléasanna físe a cheangal le ríomhairí. Is prótacal é FireWire atá i bhfad níos tapúla ná an córas USB, córas atá cosúil leis agus atá in úsáid cheana féin ar an-chuid ríomhairí chun gléasanna ar nós eochracha cuimhne a chur “ag caint” le ríomhairí. Toisc gur féidir eolas a scaipeadh ag luasanna suas go dtí 400 Mbit/s le FireWire, tá sé indéanta físghabháil ar ardchaighdeán a dhéanamh in am réasúnta gairid.

Nuair atá na míreanna físe curtha isteach ar an ríomhaire, is féidir na bogearraí eagarthóireachta ar nós iMovie a úsáid chun iad a ghearradh le chéile agus físeán níos faide a dhéanamh astu. Ar ndóigh, níl na bogearraí a thagann saor in aisce le Microsoft Windows XP nó Apple OS X díreach chomh cumhachtach leis na córais phroifisiúnta (ar nós na gceann Avid) a bhíonn in úsáid ag comhlachtaí teilifíse. Ach tá cuid mhaith rudaí is féidir a dhéanamh leis na cláir sin agus, má tá clár níos cumhachtaí á lorg agat, is féidir leat dul amach agus ceann ar nós Adobe Premiere (www.adobe.com) a cheannach. Go deimhin, seans maith go bhfuil an iomarca tréithe sna cláir saor in aisce toisc gur féidir maisíocht an-chasta a chur i bhfeidhm leo.

Na botúin chéanna

Tá an baol ann go ndéanfaidh daoine na cineálacha céanna botún is a rinne siad nuair a cuireadh próiseálaithe focal ar fáil an chéad lá riamh, nuair a d’úsáid siad gach saghas cló ar leathanach amháin. Cúpla bliain ó shin, is beag paróiste nach raibh nuachtlitir sheachtainiúil á foilsiú ann, lán de shaghsanna éagsúla cló.

Níl aon easpa maisíochta ann anois agus is cinnte go mbeidh roinnt daoine ag iarraidh iad ar fad a úsáid láithreach agus clár faisnéise á dhéanamh acu as a bhfíseáin laethanta saoire. In iMovie, mar shampla, is féidir mír físe a chur ag croitheadh chun éifeacht creatha talún a chruthú agus na dathanna a athrú go *sepia *chun go bhféachfadh an íomhá níos sine. Mura leor sin, is féidir dusta draíochta a scaipeadh leis an rogha “Fairy Dust” agus deora báistí a chur ag titim freisin. Ar nós go leor rudaí eile sa saol teicneolaíochta, is fearr gach rud a choimeád simplí nuair atá eagarthóireacht ar siúl.

Ar ndóigh, tá cúis mhaith ann go mbronnann na comhlachtaí ríomhaireachta na bogearraí cumhachtacha seo ar dhaoine saor in aisce: airgead. Ní gá mórán airgid a chaitheamh na laethanta seo chun ríomhaire a fháil atá in ann próiseálaí focal agus an t-idirlíon a chur ag obair. Go deimhin, bheadh an ríomhaire céanna in ann déileáil le taispeántais PowerPoint gan mórán stró. Mar sin, caithfidh na déantóirí ríomhairí teacht ar sheifteanna nua chun daoine a spreagadh le ríomhairí cumhachtacha atá níos daoire a cheannach. Bealach amháin ná trí dhíriú ar an margadh do dhaoine a bhíonn ag imirt cluichí ríomhaireachta - cluichí nach n-oibríonn go maith ach ar na ríomhairí is fearr.

Ach is margadh teoranta é sin agus tá margadh i bhfad níos leithne ann d’earraí a chabhraíonn le daoine déileáil le grianghraif agus físeáin. Mar chomhtharlú breá, tá gá le ríomhairí an-chumhachtacha chun é sin a dhéanamh i gceart. Ní gá ach féachaint ar na riachtanais chórais a mholtar do PC a ritheann clár ar nós Adobe Premiere chun an fhianaise de seo a fheiceáil. Bíonn gá le láraonad próiseála le luas lasrach de 3.06 GHz, agus 1 GB de chuimhne randamrochtana (nó RAM), áit gurb é 128 MB an gnáthrud. Ar ndóigh, chabhródh diosca crua mór faoi leith freisin, agus tá gá le tiomántán DVD-R chun na scannáin a scaipeadh ar dhioscaí digiteacha ilúsáide.

Níl an saghas seo trealaimh saor - ach tá na comhlachtaí ríomhaireachta lánsásta na bogearraí cuí a scaipeadh chun daoine a chur ag smaoineamh sa treo ceart (dar leo).

B’fhéidir gur fiú dúinn fanacht tamall eile sula ndéanaimid iarracht ár bhfíseáin laethanta saoire a chur ar fáil don saol mór, mar a dhéanann Hector …

Is é Diarmaid Mac Mathúna (www.cruinneog.com) foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (eolas breise: www.gaelspell.com). Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD (agus cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí éagsúla, ina measc Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.