CÚRSAÍ SPÓIRT
Bliain mhaith ag na cluichí Gaelacha
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ní aontaíonn Colm Mac Séalaigh leo siúd a deir gur sárbhliain a bhí ann do na cluichí Gaelacha ach measann sé go raibh caighdeán na himeartha go han-mhaith mar sin féin.

Íomhá
Bhí dea-chuma ar Pháirc an Chrócaigh i mbliana
Íomhá
Gary Maye ó fhoireann Shligigh
Íomhá
Port Láirge i gcoinne Chorcaí an samhradh seo

Níl fágtha ach an bhéicíl, mar a deir fear an Bhéarla. Agus é seo á scríobh agam, ní fios cé bhuaigh craobhacha na hÉireann sa pheil agus san iománaíocht ach, cé nach fios, is féidir a rá go raibh an-bhliain ag cluichí na nGael. An-samhradh a bhí ann, agus ní ag trácht ar an aimsir atá mé, ach ar na cluichí craoibhe a imríodh idir Bealtaine agus Meán Fómhair. Cé gur drochshamhradh a bhí ann ó thaobh na haimsire de, bhí sé suntasach go raibh an aimsir go breá nuair a imríodh formhór na gcluichí móra. Caithfidh sé go bhfuil dúil ag Dia sna cluichí Gaelacha!

An té a bhí ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí ar an teilifís cheapfadh sé go raibh an aimsir go breá fiú agus an bháisteach throm ag titim, a bhuíochas sin don teicneolaíocht teilifíse agus do dhea-chuma Pháirc an Chrócaigh i mbliana. Ní fhaca muid imreoirí ag sciorradh go rómhinic, fiú ar na laethanta fliucha, agus dealraíonn sé go bhfuil réiteach faighte i ndeireadh thiar ag bainistíocht Pháirc an Chrócaigh ar fhadhb an dromchla, dromchla a bhí ag cur as d’imreoirí le cúpla bliain anuas.

Ó thaobh na peile de, cé cheapfadh ag tús na bliana gurb iad Ciarraí agus Corcaigh a bheadh sa chluiche ceannais? Geall maith a bheadh ann siúráilte dá smaoineodh duine air in am. Mo bharúil féingo mbuafaidh Ciarraí an chraobh arís. Deirim sin toisc gur léirigh siad ina gcuid cluichí i mbliana go bhfuil bua fíorthábhachtach amháin acu agus is é sin tuiscint ar conas cluiche a bhuachaint agus iad faoi bhrú ag an bhfreasúra. Bhí sin le sonrú ar a gcuid imeartha i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan agus i gcoinne Mhuineacháin agus Átha Cliath ina dhiaidh sin. Is bua é sin a bhíonn ag foirne maithe agus ag seaimpíní, ar nós Chill Chainnigh san iomáint.

Is dóigh gurb iad bua Shligigh i gCraobh Chonnacht agus bua na Mí ar Thír Eoghain an dá bhua ba shuntasaí i mbliana. Níor bhuaigh Sligeach Craobh Chonnacht ó 1974 agus is cóir tréaslú leo as a mbua iontach ar Ghaillimh. Ina dhiaidh sin, áfach, bhí Sligeach, agus an Mhí freisin, an-díomách i gcoinne Chorcaí agus ba dheacair a rá i ndiaidh an dá chluiche cé acu a ndearna an dá chontae sin dul chun cinn go fírinneach nó nach ndearna.

Maidir le foireann Átha Cliath, ar nós Phort Láirge san iomáint is gá a rá nach rabhadar maith go leor, de cheal imreoirí maithe, chun an bua a fháil ar Chiarraí. Níl aon locht ar na himreoirí a chuaigh chun páirce agus a rinne a míle dícheall ar pháirc na traenála agus ar pháirc na himeartha. D’imir siad chomh maith is a bhí siad in ann a imirt ach bhí peileadóirí níb fhearr ag Ciarraí i mbliana, ag Maigh Eo anuraidh, ag Tír Eoghain agus ag Ard Mhacha roimhe sin. Níl aon locht ar an mbainistíocht mar rinne siad gach rud a d’fhéadfaidís a dhéanamh. Peileadóirí a theastaíonn ó fhoireann Átha Cliath agus is cóir na hiománaithe a fhágáil i mbun iománaíochta. Rud amháin eile faoi fhoireann Átha Cliath: ní maith liom an bhéalscaoilteacht agus an íde béil d’imreoirí eile agus do réiteoirí a bhí á chleachtadh ag imreoirí Átha Cliath i mbliana. Tá súil agam go n-éireoidh siad as an nós gránna sin feasta.

Bliain mhaith seachas sárbhliainBliain mhaith iomána a bhí in 2007 ach ní aontaím le scríbhneoirí eile ar nós Liam Griffin a dúirt gur sárbhliain a bhí inti. Is fíor a rá go raibh níos mó cluichí i mbliana ann a bhí fíormhaith ná mar a bhí le blianta beaga anuas, agus bhí roinnt torthaí suimiúla sa tSraith Náisiúnta, go mór mór Áth Cliath ag buachaint ar Ghaillimh, ar Luimneach agus comhscór acu le Cill Chainnigh, ach ag an am céanna ní raibh dóthain iomaíochta in a lán de na cluichí le go bhféadfaí a rá go raibh séasúr sármhaith ann.

Níl dabht ar bith ach gurb iad na cluichí ba shuntasaí don lucht féachana ná na trí chluiche idir Luimneach agus Tiobraid Árann, na trí chluiche idir Port Láirge agus Corcaigh agus an cluiche leathcheannais idir Luimneach agus Port Láirge. Cé go raibh na cluichí sin ar fad ar fheabhas, agus Áth Cliath agus Loch Garman go maith freisin, ní féidir a shéanadh ach gur chlúdaigh na cluichí sin laigí i gcaighdeán na hiomána agus sa chóras. Arís i mbliana bhí Uíbh Fháilí, an Clár agus Loch Garman díomách agus neamhiomaíoch, níor imir Gaillimh go maith ach ar feadh 60 nóiméad (sa bhliain ar fad!) agus bhuaigh Cill Chainnigh Craobh Laighean gan stró dá laghad.

Níl sin go maith, agus ní chuidíonn an córas leis an scéal, córas atá éagórach agus míchothrom ar go leor bealaí, dar liom. Níor chóir go mbeadh ar Phort Láirge aghaidh a thabhairt den dara huair taobh istigh d’achar gearr ar dhá chontae, Corcaigh agus Luimneach, a bhí cloíte acu cheana féin. Ba cheart don chóras a bheith níos solúbtha sa chaoi is go gcuirfí contaetha a d’imir a chéile cheana i gcoinne contaetha nár imir siad ina n-aghaidh fós sna babhtaí leathcheannais. Dá réir sin, an socrú ba cheart a bheith déanta i mbliana ná Luimneach v Cill Chainnigh, Port Láirge v Loch Garman, Laighin i gcoinne na Mumhan. Bheadh an socrú sin níos cothroime ar leithéidí Phort Láirge agus níos suimiúla don lucht féachana. Dáiríre, is féidir a rá go ndearna an córas an-éagóir ar Phort Láirge i mbliana mar is amhlaidh gurbh éigean dóibh Craobh na Mumhan a bhuachaint *faoi dhó *chun Craobh na hÉireann a bhaint amach. É sin ar fad ráite, sílim gur Cill Chainnigh a bhuafaidh Craobh na hÉireann arís!

An t-ábhar is mó dóchais i mbliana ó thaobh dul chun na hiomána sa todhchaí ná bua Átha Cliath i ngrád na mionúr agus Faoi 21 i gCúige Laighean agus an fhoireann Faoi 21 ag dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann. Bua Chaisleán Cnucha i bhFéile Náisiúnta na nGael (comórtas uile-Éireann do na clubanna san aoisghrúpa Faoi 14) a chur san áireamh agus bliain iontach a bhí inti ó thaobh na hiománaíochta i mBaile Átha Cliath. Naoi mbliana ó shin a bunaíodh cumann CLG Chaisleán Cnucha in iarthar Chontae Átha Cliath agus cheana féin tá Craobh na hÉireann gnóthaithe. Dochreidte!

Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin as a mbuanna i gCorn Nicky Rackard agus i gCraobh Faoi 21 B na hÉireann, agus le foireann Dhoire Faoi 21 a bhuaigh Craobh Uladh agus buanna maithe ar an Dún agus ar Aontroim i gceist. Bhí áthas orm leis gur bhuaigh Cill Mhantáin Corn Tommy Murphy sa pheil, go háirithe toisc go raibh cúpla iarscoláire de chuid mo scoile féin, Dara agus Breandán Ó hAnnaidh, ag imirt le Cill Mhantáin.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.