CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Bíodh Cead Cainte ag Cách
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith ag caitheamh súil le tamall anuas ar thoradh taighde a rinneadh don leabhar treorach ‘Join the Conversation: The Guide to Blogging for Business’. Tá buntáistí breise leis mblag thar an seanfhógra nuachtáin dar léi.

Íomhá
Leabhar Treorach Chumann Idirlín na hÉireann, an IIA
Íomhá
An ghné shóisialta a bhain leis an Líonra (le caoinchead Edgecast Media Ltd)

Bímse féin chomh sáite i dteicneolaíochtaí an idirlín go ndéanaim dearmad ar nuálacht na teicneolaíochta céanna uaireanta. Táimse féin ag blagadóireacht, cuirim i gcás, ó 2003 nuair a tháinig mé ar bhlag de thaisme is mé ar fánaíocht síos ascaill an eolais tráthnóna amháin. Bhí m’ainm fearainn féin agam cheana, ach ní raibh tuairim agam céard ba chóir dom a dhéanamh leis. Ní raibh mo dhóthain eolais agam faoi ríomhchlárú chun an saghas suímh a bhí uaim a chruthú. Ba réiteach iontach dom é ag an am mar sin, Blogger.com. Bhí mé ábalta an cód s’acu a fhí isteach sa teimpléad a dhear mé féin agus ar aghaidh liom.

Bhí tréimhsí thuas leis, thíos leis agam leis an mblag. Taitníonn an scríbhneoireacht liom, ach bhí mé chomh gnóitheach go minic is nach mbíodh am agam mír bhlaig a scríobh. Chomh maith leis sin ní raibh mé féinspéiseach a dhóthain gur shíl mé go mbeadh spéis ag an saol mhór i ngach bolgam de mo bhéile dheireanach! Ach ní bhfuair mé réidh leis riamh agus lean mé leis de bheag nó de mhór.

Ní raibh mórán daoine in Éirinn ag blagadóireacht ag an am. Ní raibh Myspace, Facebook nó Bebo ann ag an bpointe sin, nó má bhí, ní raibh siad i bhfad ar an saol. Ní raibh an teárma “na meáin sóisialta” chomh coitianta is atá anois. Ní raibh i gceist le blagadóireacht ag an tús san iomlán ach cinnlae nochtaithe leis an saol mhór thar an ngreasán. Más buan mo chuimhne, ní raibh léitheoirí in ann tráchtaireachtaí a fhágáil fiú: is cuimhin liom seirbhís eile a shuiteáil i gcód mo bhlag chun tráchtaireacht a chur i bhfeidhm.

Tharla réabhlóid iomlán ó shin. Bhunaigh an Irish Internet Association (http://www.iia.ie/), lena bhfuil mé ag obair faoi láthair, Grúpa Oibre ar na Meáin Sóisialta bliain ó shin. Le mo thaithí mar bhlagadóir go háirithe, iarradh orm comhaltas a ghlacadh sa ghrúpa oibre seo. D’fhoilsigh an mheitheal seo a gcéad treoirleabhar, “Join the Conversation: The Guide to Blogging for Business” dhá mhí ó shin. Is réabhlóid mhór é seo ón am a raibh drogall orm mo chuid oibre a lua ar mo bhlag go dtí an lá atá inniu ann nuair atá comhlachtaí ag guí le cúpla líne ó bhlagadóirí faoina seirbhísí nó faoina dtairgí nua gan chaint ar na comhlachtaí atá ag tabhairt faoina mblag féin gan aon agó. Agus bígí cinnte, leis an gcúlú seo ar siúl, níl aon duine díobh á dhéanamh ar son an tsiamsa (amháin!).

Toradh Taighde

Rinne roinnt de na blagadóirí gnó sa tír seo suirbhé dúinn mar chuid den taighde don treoirleabhar. Léirigh 89% díobh gurb iad custaiméirí féideartha a bhí ar an bpríomh-spriocmhargadh a bhí acu agus iad ag blagáil. Léirigh 80% gurb iad na custaiméaraí reatha a bhí sa dara áit. Ach is custaiméirí a bhí lárnach dóibh bealach amháin nó bealach eile. Léirigh siad freisin gurb é an príomhfháth gur shocraigh siad ar bhlag a scríobh ná chun dearcadh níos pearsanta agus cairdiúla a chrúthú don chomhlacht; go dtuigeadh a gcustaiméirí go raibh siad ar fáil chun aon ní a phlé leo. B’aiseolas dearfach ó na custaiméirí céanna príomhthomhais a ráthúlachta.

Ach tá dhá rud a luaitear go minic nuair a phléitear blagadóireacht is na meáin shóisialta i gcoitinne agus an gnó: am agus an toradh ar infheistíocht an ama sin. Ní chosnaíonn na huirlisí cumarsáide seo mórán ó thaobh airgid de ach tá a fhios ag éinne a ghlac cuntas ar Facebook riamh gur féidir na céadta a chaitheamh gan stró ag breathnú trí ghriangraif bhainise col seisir éigin nach bhfuil feicthe agat ó do chéad chomaoineach. Is cuma, ar ndóigh, cén bealach a chaitheann tú do chuid am saor ach is ceist iomlán eile é más ar an gclog atá tú. Agus sin eagla mhór a bhíonn ar lucht gnó go minic: go mbeidh am curtha amú acu.

Bhí spéis ag an ngrúpa oibre sa cheist chéanna ar ndóigh, agus cuireadh ceist ar na blagadóirí gnó faoi. Dúirt 39% dóibh go mbíonn siad ag blagáil cúpla tréimhse sa tseachtain agus dúirt 50% gur chaith siad idir uair amháin agus ceithre uair ar a ngníomhaíochtaí blagadóireachta; taighde, scríobh agus tráchtaireacht san áireamh. Dúirt 32% gur chaith siad idir ceithre agus ocht uair sa tseachtain.

Fiúntas an Ama Duit

B’fhéidir go mbeadh sé deacair ar fhiontraí, go háirithe le comhlacht nua, an méad sin ama a chur ar leataobh ach smaoinigh air mar seo: samhlaigh go bhfuil tú ag seoladh seirbhís nó tairge nua. Socraíonn tú ar phreasráiteas a scríobh is a scaipeadh. Chaitheann tú, ar a laghad, leathlá á scríobh agus scaipeann tú ar na meáin é. Ní phiocann suas oiread is páipeár nó stáisiún raidió amháin é: b’obair in aisce an leathlá sin ar fad. Samhlaigh anois go raibh botún ann agus náid amháin fágtha as an bpraghas agus foilsíonn gach nuachtáin áitiúil é dá bharr. Faigheann tú an phoiblíocht ach cailleann tú custaiméirí mar chreideann siad nach raibh ann ach cleas nuair a chloiseann siad an praghas fíor atá, ar a laghad, €50.00 níos mó.

Samlaigh anois gur fhoilsigh tú ar do bhlag gnó féin é. Tá gach seans go bhfecifidh 100 nó níos mó duine an t-eolas seo. (Bíonn níos mó ná céad cuairteoir ar mo shuíomh pearsanta chuile mhí agus nílim ag déanamh aon phoiblíocht air.) Bí cinnte, freisin, aon duine atá ag breathnú ar do bhlag, tá siad ann ó tá spéis acu sa tseirbhís nó sa tairge ar aon nós. Má dhéanann tú botún, níl ort ach é a cheartú mar a cheartófá cáipéis leictreonach ar bith eile. Beidh gach focal a scríobh tú sa bhlagmhír sin ag obair ar do shon go deo. Ar an láimh eile, beidh preasráiteas an mhíchruinnis a foilsíodh sa nuachtán sactha isteach i dtóin an bhosca bhruscair an lá dar gcionn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.