AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Beo ar éigean
Balor Balor Balor

Chaith Balor a shúil ar an chéad eagrán deBeo.ie’ agus raibh róthógtha leis.

Íomhá
Balor

Chaith Balor a shúil nimhe an mhí seo ar an iris idirlínBeo”, an tionscnamh is úire ó stábla Oideas Gael. “Is léir gurb as stábla a tháinig mar nach bhfuil ann ach cuid mhór cac capaill,” a deir Balor (atá ina shaineolaí ar chac capaill). “Beo ar Éigeanis cóir a thabhairt air, dar le fear na súile nimhe, agus é i ndiaidh a bheith ag srannadh a bhealaigh fríd altanna ar Dhaonáireamh na Chontae (méanfach!), ar Infheistíocht Mheiriceánach in Éirinn (méanfach eile!) agus ar chuid hataí Philip Treacly (buicéad de dhíth!). a thabharfadh ábhar beo, spreagúil, conspóideach ar a leithéid sin de shúlach fuarbhlasta? eile ach an t-eagarthóir tiúchraicneach sin Éamonn Ó Doornail agus a leathbhádóir leathchraiceáilte Leamh Ó Cuinneagáin, an bheirt atá taobh thiar d’iris seo na marbhán. “Gabhaigí níos faide siar fós, a phluaiseoirí, ‘fhad leis an Chlochaois óna dtáinig sibh,” a chomhairlíonn Balor don bheirt.

Cluintear do Bhalor gurb ann dóibh siúd nach bhfuair locht ar bith arBeo ar Éigeanseachas nach mbeidh ag teacht amach níos minice. “In ainm Chroim!” a deir Balor (a bhfuil ardmheas aige ar na seandéithe nár bhac le cairdinéil le comhghnás). “In ainm Chroim,” a deir , “ tugaigí misneach dóibh,” a chomhairlíonn Balor do lucht na léirmheastóireachta. “Is leor do gach méid a chac capaill féin. bígí á iarraidh uair sa tseachtain.”

agallamh ann le Mairéad Whingey ón ghrúpa Altos (chan Sopranos, a bhfuil beocht éigin iontu). “Rómhilis!” a mhaíonn fear na súile nimhe, a bhíonn i gcónaí in amhras faoi dhaoine a bhfuil rian ar bith de chineáltas ag baint leo. Bean cheoil eile a bhfuil poiblíocht saor in aisce á fáil aici ar an chéad leathanach Odious Chéilleachair ón Rinn. Dar ndóigh, luann an dlúthdhiosca úr ar a bhfuilCeol Byne ón Ryne’ uaithi féin, óna deirfiúr Sorcas agus ó mhamaí na beirte, Anfach Mulqueen. ‘Briseann an Duairceas’ an t-ainm atá ar an dlúthdhiosca úr. “Ceannaígí é,” a chomhairlíonn Balor do lucht an lagmhisnigh. “Ceannaígí é más lagar spioraid is ansa libh.” Maíonn Odious san alt gur áit shuaimhneach, shibhialta í Gaeltacht na Rinne. “Seachnaígí na háiteanna suaimhneacha, sibhialta,” a chomhairlíonn Balor chuid léitheoirí stuama. Mar fhianaise air seo deir go bhfuil cloigeann nimhneach fós air ón Oireachtas a chaith sa Ghaeltacht chéanna.

Maítear ar an chéad leathanach go dtabharfaidh an iris cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach . Gaeltacht in aghaidh na míosa a mhaíonn siad!! mhéad Gaeltacht sa tír? Cúis dóchais faoi dheireadh? Beag an baol - Beo ar Éigeanag bronnadh stádas Gaeltachta ar áiteanna thar lear anois: Gaeltacht Mhinnesota, Tír na Gaeilge Reoite! Dar le Balor go bhfágann seo mearbhall ar a shamhlaíocht bhocht.

Ba í an t-aon chúis sóláis a bhí ann do Bhalor sa chéad eagrán den iris úr go raibh tús áite aige féin ar an chuach chantalach sin Antaine Ó Fartacháin, “An Rógaire Dubhféin. Déanann Balor ceangal ina intinn chasta idir Ó Fartacháin ag roinnt a chuid eolais faoin cheol dúchais agus dreoilín i mbun a mhúin san fharraige mhór.

Mar fhocal scoir, dhá chúis mhóra díomá do Bhalor: gan tagairt ar bith san iris spéirbhean Celia Líreacáin agus easpa pictiúirí de chineál leathanach 3 ann. “Déan an thrá a fhreastal,” a chomhairlíonn Balor don eagarthóir. “In aon phictiúr amháin, más féidir!”

Teachtaireacht do Bhalor on eagarthóir: an P45 sa phost, a chladhaire.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.