AR NA SAOLTA SEO
Benedict XVI agus An Eaglais Chaitliceach
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.

Íomhá
Benedict XVI
(ar Picasaweb)
Íomhá
Fiann na hEilbhéise ag fanacht le toit
(le Lauren Keith ar Picasweb)
Íomhá
Teampall Earnáin i nDroim Thuama
(Andreas F. Borchert ar Vicipéid)
Íomhá
Teach an Phobail, Baile an tSratha, Droim Thuama
(Brian Herrity ar Vicipéid)
Íomhá
Benedict XVI
(le Larry Mosher ar Picasaweb)

Cúig bliana ó shin dúnadh ceann de na tithe pobail a bhí i bparóiste Droim Thuama i ndeisceart Thír Chonaill de cheal sagairt. Tá titim shuntasach ar líon na ndaoine a théann ar Aifreann gach Domhnach le fiche bliain anuas, sa phobal iargúlta sin. Díobh siúd a théann ar Aifreann, tá a fhios agam féin go dtugann cuid mhór acu neamhaird ar theagasc na hEaglaise maidir le cúrsaí collaí nó le pleanáil clainne. Tá an scéal amhlaidh ar fud na tíre agus ar fud na hEorpa – níl go leor sagart ar fáil le freastal ar an phobal agus an áit a bhfuil sagart, ní éisteann an pobal leis maidir le cuid de na ceisteanna is bunúsaí i saol an duine.

Léiríonn an scéal seo an chaoi ar theip ar an Phápa Benedict XVI (agus ar Eoin Pól II roimhe sin) an Eaglais a athnuachan san áit is treise a bhí sí tráth, an Eoraip. Tá sé ráite gur roghnaigh Joseph Ratzinger ainm éarlaimh na hEorpa, Benedict, cionn is go raibh sé mar aidhm aige an Eoraip a athshoiscéalú. Más ea go raibh an sprioc úd aige, theip go glan air. Bhíothas a rá gur chuma le Benedict XVI agus le ceannairí eile na hEaglaise, faoin titim siar in Iarthar na hEorpa, siocair an Eaglais a bheith ag fás sna tíortha atá faoi fhorbairt. Ach má tá líon na gCaitliceach ag fás in áiteanna ar nós Dheisceart Mheiriceá is deacair a chreidiúint nach n-imreoidh an nua-aoiseachas, agus an liobrálachas, a dtionchar ar iompar agus ar aigne na ndaoine sna críocha sin ar an dóigh chéanna is a d’imir siad ar mhuintir na hEorpa.

Agus ní dóigh liom féin go mbeadh Pápa ar bith sásta leis an deighilt mhór sin idir theagasc na hEaglaise agus saol na ndaoine. Mar sin, ní ar líon na ndaoine amháin a bheas an chéad Phápa eile ag smaoineamh, ach ar neart an chreidimh i measc na ndaoine.

Síocháin Traschreidimh

Ní inniu ná inné a tháinig ann don teannas idir Chríostaithe agus Mhoslamaigh. Ó chuir na hairm Mhoslamacha ruathair faoin Impireacht Bhiosántach go dtí na crosáidí agus anuas go dtí an lá inniu, is iomaí braon fola a doirteadh i ngeall ar an chaidreamh theann idir an dá chreideamh. Tá an domhandú ag cur leis an teannas sin ar bhealaí go leor, ach theip ar Benedict XVI dul i ngleic leis an fhadhb seo. Má bhí sé de rún aige athmhuintearas a chothú idir an dá phobal, b’olc an tús a chuir sé leis an obair nuair a thug sé aitheasc sa bhliain 2006 ina ndearna sé athfhriotal ar shliocht a chuir i leith Muhammad go raibh an t-olc ag baint le cuid mhór dá ndearna sé.

ceist na bhfrithghiniúnach ar cheann de na ceisteanna is mó a d’fhág an Eaglais Chaitliceach gan réiteach ón fhichiú haois. Dar le ceannairí na hEaglaise, níl fadhb ar bith ann, nó d’fhreagair siad an cheist sa chiorclán Humanae Vitae sa bhliain 1968, nuair a thug siad le fios go nach bhfuil frithghiniúnaigh ceadaithe de réir dlí na hEaglaise. Ach san aonú haois is fiche, is ceist í seo atá fós chun tosaigh, sa Ghearmáin ar na mallaibh go háirithe. Thóg Benedict XVI conspóid sa bhliain 2009 nuair labhair sé ar cheist an VEID (HIV) san Afraic agus dúirt gur in olcas a rachadh an fhadhb dá dtabharfaí coiscíní do na daoine.

Freagra Mall Doicheallach

Ach is dócha gurb iad na hoilbhéimeanna faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí is mó a chuir míghnaoi ar an tréimhse a chaith Benedict mar phápa. Thosaigh na hoilbhéimeanna seo ag teacht chun solais le linn aimsir Eoin Paul II, ach chuaigh an scéal in olcas le roinnt blianta anuas. Tháinig mí-úsáid chun solais i Meiriceá, in Éirinn, san Ostair, sa Bheilg, agus sa Ghearmáin. Deirtear gur chuir na scéalta seo isteach go mór ar Bhenedict, agus is cinnte gur suaitheadh an Eaglais dá dheasca seo, ach ba mhall agus ba dhoicheallach an freagra a thug an Vatacáin orthu agus is ar éigean a thuill siad muinín na ndaoine ina dtaobh.

Ba léir ón tús go mbeadh Benedict ina Phápa choimeádach thraidisiúnta. Intleachtóir atá ann agus tá saothar mór diagachta scríofa aige, ach taobhaíonn sé leis an eite cheartchreidimh. Ní de thimpiste gur sa Laidin a d’fhógair sé go n-éireodh sé as – rinne sé iarracht liotúirge na Laidine a chothú. D’fhéadfá a rá gur dochtaire atá ann. Ní hamháin nár sheas sé an fód fá choinne leasuithe liobrálacha “Vatacáin a dó”, ach ar a bhealach féin rinne sé iarracht cuid acu a chur ar neamhní.

Nuair a cuireadh leasuithe “Vatacáin a dó” i bhfeidhm, bhí eite liobrálach san Eaglais a bhí ag iarraidh í a nua-aoisiú agus a sheoladh i dtreo na hoscailteachta. Murar féidir a rá go raibh an daonlathas mar sprioc acu, ar a laghad bhí siad ag iarraidh an chumhacht a tharraingt ar ais ón lár, ’sé sin ón Vatacáin, ar ais chuig an chléir agus chuig na daoine. Tá an eite sin fós ann, go háirithe sna Stáit Aontaithe agus go fiú i Meiriceá Theas, ach cuireadh faoi chois í le linn aimsir Bhenedict (agus Eoin Pól II). Tchítear sa tír seo féin nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a labhródh go hoscailte faoi cheisteanna móra an lae, cuirim i gcás ról na mban san Eaglais nó ceist na haontumha.

Cibé Pápa a thiocfaidh i ndiaidh Benedict beidh sé i gceannas ar Eaglais a bhfuil imreas géar inti. Beidh air cinneadh a dhéanamh faoin treo a rachaidh an Eaglais sna caoga bliain atá amach romhainn. Chomh maith leis sin beidh air dul i ngleic leis an deighilt mhór idir pobal na hEaglaise agus ceannairí na hEaglaise. Bhí Benedict ina intleachtóir agus ina dhiagaire, ach anois in uair na cinniúna, ní duine acadúil atá de dhíth ach ceannaire misniúil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.