Beo! (freagraí ar: Benedict XVI agus An Eaglais Chaitliceach) http://www.beo.ie/alt-benedict-xvi-agus-an-eaglais-chaitliceach.aspx#comments Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal. ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 28 Mar 2013 11:25:33 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Fearn http://www.beo.ie/alt-benedict-xvi-agus-an-eaglais-chaitliceach.aspx#comments > Silim grub é buacphointe a phápachta ná é ag éirí as agus deirim sin Le
> heros agape agus caritas

Muise, más é an bhuaic é sin, cad é an lag?
Thu, 28 Mar 2013 11:25:33 GMT Macalla Mhuircheartaigh http://www.beo.ie/alt-benedict-xvi-agus-an-eaglais-chaitliceach.aspx#comments Silim grub é buacphointe a phápachta ná é ag éirí as agus deirim sin Le heros agape agus caritas
Thu, 28 Mar 2013 08:28:43 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-benedict-xvi-agus-an-eaglais-chaitliceach.aspx#comments > alt eile atá as dáta. Cén fáth nach bhfuil airteagal i mBeo faoin bPápa
> nua? An bhfuil sé mar pholasaí agaibh gan ach seanaltanna a fhoilsiú

Dheara, a Leacht Sciúrtha, tuig as.

B'fhiú an scéal seo a scríobh. Níl an fear úr ann lá fliuch fós
Wed, 20 Mar 2013 15:47:55 GMT Harpic http://www.beo.ie/alt-benedict-xvi-agus-an-eaglais-chaitliceach.aspx#comments alt eile atá as dáta. Cén fáth nach bhfuil airteagal i mBeo faoin bPápa nua? An bhfuil sé mar pholasaí agaibh gan ach seanaltanna a fhoilsiú
Tue, 19 Mar 2013 17:30:35 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-benedict-xvi-agus-an-eaglais-chaitliceach.aspx#comments > Nárbh é Joe féin a thláthaigh dlúth an grá collaí agus an grá spioradálta,
> 'Eros' an Choirp agus an 'Agape' Anama', an dís chineál ghrá a bhí scartha
> óna cheile - i léamh na hEaglaise ó chianaibh, pe scéal é - ina chéad
> thréadlitir 'Deus Caritas Est'?

Ní dóigh liom é. Cad a chuir sin i do cheann?
Tue, 19 Mar 2013 11:55:52 GMT Muirceartach na gCocall gCraiceann http://www.beo.ie/alt-benedict-xvi-agus-an-eaglais-chaitliceach.aspx#comments Nárbh é Joe féin a thláthaigh dlúth an grá collaí agus an grá spioradálta, 'Eros' an Choirp agus an 'Agape' Anama', an dís chineál ghrá a bhí scartha óna cheile - i léamh na hEaglaise ó chianaibh, pe scéal é - ina chéad thréadlitir 'Deus Caritas Est'?

Buaicphoinnte a Phápachta. Is trua go mór fán gcuid eile di.
Mon, 18 Mar 2013 23:35:19 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-benedict-xvi-agus-an-eaglais-chaitliceach.aspx#comments Maíonn an iriseoir seo go raibh aidhmeanna ag Seosamh nuair a rinne Beinidicht de, nár tháinig siad i mbláth, agus mar sin, chuaigh de. N'fheadar, mar a deir an Ciarraíoch.

Bhí Seosamh ina thréadaí ar thréad spioradálta. Má éilíonn na caoraigh uaidh ar a stuaim fhéin, má chuireann a thréad neamhiontas ann, má tugtar cluais bhodhair dó, an dtéitear de? N'fheadar, mar a deir an Ciarraíoch.

Bhí focal nó dhó a rá ag Íosa mar gheall ar daoine nach nglacfadh lena theagasc. Tá a theagasc dian, a dúirt sé. Ní gach duine a bheadh ar a shásaimh leis.

Má thuigim an t-alt seo i gceart, níl cuid den tréad ar a sásaimh siocar is go bhfuil an teagasc dian dófa. Luaitear cúrsaí collaíochta go háirid. Is dóigh go bhfuil cuid den tréad ag dréim go mbeadh bogadh ar an rialacha. N'fheadar, mar a deir an Ciarraíoch.

Luaitear drochúsáid leanaí mar phointe argóinte. Tá sin ann. Caitear go dona, mall, náireach leis na coirpigh agus leis na fulaingithe go háirithe. Ach bhí focal ag Íosa i dtaobh an pheaca seo a bhuineas le bró muilinn agsu muineál. Is dóigh nach raibh maoirseoireacht agsu próiseas na gcúrsaí seo ar barr maitheasa. Bhí focal ag Íosa i dtaobh daoine gan pheacaí ag caitheamh clocha. Ach tuigtear gach beart ina dhiaidh, agus is doimhne, is leithne, is aoirde an beart seo ná mar a mheastar, slán mar a n-instear é. Ach an deach Seosamh de? N'fheadar, mar a deir an Ciarraíoch.

Agus bhí Seosamh ina intleachtóir agus ina dhiagaire. Tá an dá thréithe sin faoi chrann smóla in Éirinn le fada an lá. Ach an deach Seosamh de de chionn? N'fheadar, mar a deir an Ciarraíoch.

Luann an t-iriseoir seo "eití" , ionann is gur pairtí polaitíochta an Eaglais, a rachadh "daonlathas" chun sochair dó, a chlaoídh le "toil an phobail". Ar eala míthuigse, is institúid spioradálta an Eaglais a mhaíonn dul le toil Dé, seachas le toil thaghdach an phobail, agus an deach Seosamh de? N'fheadar, mar a deir an Ciarraíoch.

Ar mo léamh dom den sean Tiomna, tuigim nach aon ribín réidh ag Dia a phobal tofa. Ní taise do phobal an lae inniu. Ach an deach Seosamh de? N'fheadar, mar a deir an Ciarraíoch, n'fheadar.
Tue, 12 Mar 2013 12:37:05 GMT