CÚRSAÍ SPÓIRT
Athrú meoin de dhíth
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Measann Colm Mac Séalaigh gurb é an dúshlán is a bheas roimh an Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta, atá le ceapadh go luath, dearcadh daoine i gCumann Lúthchleas Gael maidir leis an iománaíocht a athrú.

Íomhá
Íomhá

Cáineann an GPA an bealach ar caitheadh le hiománaithe Thír Eoghain agus an Chabháin.

Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta le ceapadh.

Ansin thuas dhá cheannteideal a chonacthas le déanaí. Maidir leis an dara ceann, is gearr, muna bhfuil déanta um an dtaca seo, go n-ainmneofar (is dóigh gur fear a bheas ann) bheas mar Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta an Chumainn Lúthchleas Gael. Le déanaí cuireadh agallamh ar chúigear iarrthóirí don phost áirithe seo tar éis don liosta d’ocht n-iarrthóir déag a bheith giorraithe ó fógraíodh é. Is cosúil, de réir na dtuairiscí neamhoifigiúla, gur cúigear iad a bhaineann ó dhúchas le contaetha phríomhroinn na hiomána agus réir sin ba chóir go mbeadh a gcuidstuif’ ar eolas acu, mar a deir fear an Bhéarla!

Ar an bpainéal agallaimh bhí daoine cumasacha, eolacha ar nós Nicky English, Pádraig Ó Dálaigh (Ceannasaí na gCluichí in Ardoifig CLG) agus daoine cáilithe ón taobh amuigh de CLG. Cuirfidh CFI (Coiste Forbartha na hIomána) a stampa ar an gceapachán nuair a dhéanfar é.

Ball amháin den CFI iarbhainisteoir Loch Garman, Liam Griffin, agus seisean an-dóchasach go mbeidh toradh maith, fiúntach ar obair CFI agus ar cheapadh an stiúrthóra nua iomána. Breathnaíonn ar an gceapachán seo mar chríoch obair CFI.

Maidir le tuarastal an stiúrthóra nua, deir Pádraig Ó Dálaigh ó Pháirc an Chrócaigh nach mbeidh leath chomh hard is atá na ráflaí a thuar. Deir nach ionann Stiúrthóir Iomána agus Stiúrthóir Ginearálta CLG, is é sin, nach mbeidh eagraíocht ar leith don iomáint taobh istigh de CLG.

Ba mhaith liom ádh mór a ghuí ar an stiúrthóir nua iomána. Sílim go bhfuil obair mhór, dhúshlánach roimhe. Ba mhaith liom bheith dearfach ina thaobh agus gan a bheith diúltach ach fhios ag an saol mór go mbeidh jab aige dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le forbairt na hiomána. Mholfainn dul chun cainte le Diarmuid Healy, an chéad stiúrthóir iomána, agus go dtí seo an stiúrthóir deireanach, a ceapadh i mBaile Átha Cliath. Ceapadh Diarmuid trí bliana ó shin anois is dóigh liom, agus níor chaith ach bliain amháin sa phost a raibh d’aidhm aige an iománaíocht a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath. Dúradh ag an am go raibh mar aidhm ag an gCoiste Forbartha Iomána i mBaile Átha Cliath príomhchluiche na cathrach a dhéanamh den iomáint agus Craobh na hÉireann a bhuachaint taobh istigh de chúig bliana.

Nuair a d’éirigh as, luaigh Diarmuid cúrsaí taistil agus brú ama mar chúiseanna lena imeacht, ach measaimse go raibh níos sin i gceist. Sílim gur thuig go raibh an dúshlán a bhain leis an iománaíocht a thabhairt go dtí leibhéal a bheadh ar aon dul le leibhéal an chluiche sna contaetha traidisiúnta rómhór. Thuig , déarfainn, gur contae peile é Áth Cliath agus go dtugtar a lán tacaíochta d’fhoirne an chontae san iomáint i bPáirc Pharnell, tríd is tríd is beag aird a thugtar ar an iománaíocht i mBaile Átha Cliath. Sular ceapadh Diarmuid bhí brú mór ar choiste an chontae ó lucht iománaíochta i mBaile Átha Cliath gníomh fónta a dhéanamh don chluiche san ardchathair.

Tromlach ag lucht peile

Is a thuiscint gurb ionann coiste an chontae agus ionadaithe ó na clubanna a fhreastalaíonn ar chruinnithe den choiste sin go míosúil. Ós rud é go bhfuil níos clubanna peile clubanna iománaíochta sa chontae, tromlach mór a bhfuil luí acu le peil ar choiste an chontae. go bhfuil siad naimhdeach don iomáint (go minic a mhalairt atá fíor) ach a bpríomhshuim sa pheil agus bhrí sin is beag a n-aird ar iomáint ó sheachtain go seachtain.

Mar sin, nuair a moladh go gceapfaí stiúrthóir iomána i mBaile Átha Cliath, glacadh leis an moladh ag coiste an chontae mar thuig daoine nach mbeadh aon fhreagracht dualgas orthu féin níos a dhéanamh ar son na hiomána. Thuig daoine freisin mbeadh gearán casaoid ag lucht iomána go bhféadfaidís rud éigin mar seo a leo: “Nach bhfuil stiúrthóir iomána agaibh. Pléigí bhur gcás leis siúd”.

faitíos orm gur sin a tharlóidh don Stiúrthóir Náisiúnta Iomána ach, é sin ráite, súil agam go mbeidh mícheart. Sílim go mbeidh dian air na contaetha ó thuaidh den líne idir Áth Cliath agus Gaillimh go mór mór a ghríosadh chun cothrom na Féinne a thabhairt don iomáint. is moite de phóca anseo is ansiúd i gContaetha na , na hIarmhí, Ros Comáin, Mhaigh Eo, an Dúin agus go mór mór in Aontroim, is fásach iomána é tuaisceart na tíre. Cinnte an-suim san iomáint le fáil snacontaetha lagaagus daoine ag obair go dian chun í a chur chun cinn, ach constaicí móra roimh fhorbairt dháiríre, go háirithe i measc lucht peile nach cás leo iománaíocht ar chor ar bith. Léiríonn an eachtra seo a leanas céard atá i gceist agam.

Go luath i an Mhárta seo caite bhí cluiche iomána i Roinn 3B den tsraith náisiúnta iomána idir Tír Eoghain agus an Cabhán socraithe don Charraig Mhór, Contae Thír Eoghain. Satharn a bhí ann, agus nuair a tháinig imreoirí Thír Eoghain go dtí an t-ionad, dúradh leo go raibh an phríomhpháirc dúnta agus go mbeadh cluiche peile club i sraithchomórtas peile Uladh ag dul ar aghaidh ar an bpáirc thraenála san ionad céanna. Iarradh ar iománaithe sinsearacha Thír Eoghain bhrí sin dul go dtí páirc CLG an Chaisleáin Ghlais. Nuair a shroicheadar an Caisleán Glas, ordaíodh dóibh filleadh ar an gCarraig Mhór toisc go raibh an réiteoir meáite ar an gcluiche a imirt san ionad a bhí ceaptha de réir na socruithe. An chéad rud eile, osclaíodh an phríomhpháirc ar an gCarraig Mhór, ach cuireadh an cluiche peile club ar siúl ann agus dúradh leis na hiománaithe a gcluiche i gcoinne an Chabháin a imirt ar an bpáirc thraenála.

In áiteanna eile i gContae Thír Eoghain, raibh mórionaid ar nós Pháirc Éalaithe Dún Ceanainn ar fáil don chluiche sinsear iomána idirchontae toisc go raibh cluichí peile coláistí socraithe le dul ar aghaidh iontu.

Is éard san eachtra úd léiriú ar an easpa suime a léirítear san iomáint i gcontaetha áirithe. Masla a bhí ann do na himreoirí dar ndóigh agus don lucht bainistíochta agus leanúna. ach ceist shimplí a chur leis an eachtra a chur sa chomhthéacs ceart: an dtarlódh an rud céanna mbeadh foireann sinsear pheile Thír Eoghain i gceist? dúinn an cheist sin a fhreagairt, ach beidh ar an stiúrthóir nua iomána aghaidh a thabhairt ar an meon a ligeann d’eachtraí den saghas sin tarlú. Go n-éirí go geal leis.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.