CÚRSAÍ SPÓIRT
Ar Son na Thierry!
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ceart is cóir’ a deir Colm Mac Séalaigh, ‘ní raibh ann ach gur shinlámh chuidithe amach ar son a thíre’.

Íomhá
Michel Platini (le Klearchos Kapoutsis i Wroclaw, cc ar Vicipéid)
Íomhá
Thierry Henry (le Sono Pazzi, cc ar Vicipéid)

Tá sé thart anois. Tá an díomá agus an fhearg ag maolú de réir a chéile. Tiocfaimid tríd an ghéarchéim seo mar phobal is mar náisiún díreach mar a rinne na glúine Gael a d’imigh romhainn. Beidh lá eile ag an bPaorach.

Dé Céadaoin 13 Samhain 2009 a bhí ann. Chuaigh scoth ár bhfear amach thar toinn d’fhonn urraim na Poblachta a ardú agus chun dúshlán na bhFrancach a thabhairt.

An cluiche deireanach de chluichí cáilithe Chorn an Domhain a bhí i gceist agus ní raibh ach toradh amháin insamhlaithe, bua d’fhoireann na Poblachta, Poblacht na hÉireann dar ndóigh. Ach, cé gur imir gach fear ar fheabhas agus thar barr agus gur ‘thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt’ (John Spillane/Louis de Paor agus Madraí an Bhaile, 2002, Réalta) níor leor é agus ní raibh de luach saothair acu ach ‘bata is bóthar is fonn abhaile’. Sea, thugadar an taispeántas ab fhearr a thugadar le linn réamhchluichí chomórtas Chorn an Domhain, ach chailleadar. Ní hea, deir tú, ach creachadh iad (nó sinn, más fearr leat). (http://www.youtube.com/watch?v=tyae2BdEOiE)

Comhcheilg a bhí ann ar ndóigh idir FIFA, foireann na Fraince, Uachtarán na Fraince, Michel Platini (Uachtarán UEFA), Thierry Henry agus an réiteoir agus na maoir eile. Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil cianóg ruasciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana). Is é mo bharúil féin go raibh cuid áirithe de mhuintir na tíre seo, is é sin mná céile go leor, breá sásta le toradh an chluiche, ach scéal eile é sin.(http://ga.wikipedia.org/wiki/Thierry_Henry)

An Diabhal Cruthanta?

Thierry Henry. Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán. Agus cad a rinne an smugachán salach ansin ach ceiliúradh, ’sea ceiliúradh, é féin agus a chomhghleacaithe cabanta. Lucht ite seilidí agus loscann! (Mac an tSíthigh: http://www.youtube.com/watch?v=juYmKSYQiy0)

Chríochnaigh an cluiche go gairid i ndiaidh an fhill agus de réir na n-údar agus lucht saineolais, chaill an fhoireann ab fhearr. Ní raibh na himreoirí tagtha amach as na ceathanna, áfach, nuair a thosaigh an cáineadh agus ansin an t-éileamh go mbeadh athimirt ann. Dar le cách ba chóir go mbeadh cic saor ag na hÉireannaigh an tráth ar láimhseáil Mac Annraoi an liathróid agus rinneadh, dá bhrí sin, éagóir ar fhoireann na hÉireann. Ní raibh mórán tráchta ar na deiseanna a bhí ag na hÉireannaigh le linn an chluiche, agus a chaitheadar uathu, le cúil a aimsiú agus an cluiche a bhuachan. (http://www.youtube.com/watch?v=3ZBW5MoMpPU)

I ndiaidh an chluiche, agus go ceann roinnt laethanta ina dhiaidh, ní raibh ach scéal amháin ar domhan a bhí níos tábhachtaí ná an cúlú airgeadais, NAMA, bainc bhriste, fuarlaigh, timpistí, drochaimsir agus Jedward, agus ba é sin go ndearnadh éagóir ar Éirinn agus gur falcaire cruthanta é Mac Annraoi. Ba thromchúiseach an líomhain é seo, cheap mé féin, agus mar sin bheartaigh mé dul i muinín an fhoclóra, nó na bhfoclóirí ba chirte a rá. (http://www.focal.ie/Home.aspx; http://www.ucc.ie/celt/Dinneen1.pdf) Anois, de réir an Fhoclóra Bhig, is ionann falcaire agus lúbaire, agus deir Ó Domhnaill faoin duine a bheadh ag cúigleáil, ag cártaí, abraimis, gur ag déanamh caimiléireachta a bheadh sé nó gur calaois a bheadh déanta aige. (http://www.csis.ul.ie/focloir/) Anois, dhúisigh an focal calaois cuimhne éigin i mo cheann, tráchtaireacht Mhíchíl Uí Shé, b’fhéidir. Nach é calaois a bheadh i gceist ag Mícheál dá dtarraingeodh imreoir geansaí, nó cos, nó camán, nó clogad imreora eile, nó dá leagfadh imreoir go fealltach imreoir eile a bheadh ag déanamh ar a bháire féin? An ionann sin is a rá gur falcairí agus lúbairí a bhíonn ag imirt na peile agus na hiománaíochta? Tá súil agam nach ea.

An Lámh Chuidithe

Ós rud é gurb é an focal Béarla ‘cheat’ a bhí in úsáid chomh minic sin, thóg mé anuas The Little Oxford Dictionary agus cad a bheadh le fáil ann ar ‘cheat’ ach ‘trick, defraud, deception, swindler, unfair player’. Meas tú an ‘unfair player’ é Thierry Henry? Níl mo dhóthain ar eolas agamsa faoi le go bhféadfainn an breithiúnas cóir a thabhairt air, ach, más imreoir cam é, ní hé an t-aon duine amháin é. Feictear dom go mbíonn neart imreoirí ann a bhíonn ag déanamh iarrachta rialacha an chluiche a shárú. Tarlaíonn sé sa rugbaí, san iománaíocht, sa pheil, sa rothaíocht agus mar sin de. Agus níos measa ná an liathróid a láimhseáil, nó an cic saor a thóil ó áit níos gaire don chúl eile (falcaireacht?). Bíonn imreoirí ag tabhairt maslaígcéilí comhraic, ag rá rudaí tarcaisneacha lena chéile, ag iarraidh cur as dá chéile i slite gránna, gairgeacha. Tá iompar den chineál sin, dar liom, níos gaire don fhalcaireacht ná lámh a leagan ar an liathróid i gcluiche sacair.

Mar sin i mo chroí istigh, níl aon olc agam do Thierry Annraoi. Tharla ar tharla ar ala na huaire. Ceist eile ar fad é, cá raibh an réiteoir agus na maoir nuair a bhí sé sin ar fad ag tarlú. Is measa an t-imreoir a dhéanann iarracht cic pionóis a thuilleamh trí thitim bhréige nó a ligeann air féin go bhfuil sé gortaithe le súil go bhfaighidh a chéile comhraic fainic nó níos measa ón réiteoir. Agus mar fhocal scoir, dá n-imreodh gach imreoir de réir na rialacha agus uaisleacht agus ceart is cóir ina chroí, dá mbeadh meas ag gach imreoir ar na rialacha agus ar imreoirí eile, ní bheadh gá ar bith le réiteoirí agus bheadh na Scigirí ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.