TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Ár dTeanga Féin
Kenneth Peterson Kenneth Peterson

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Kenneth Peterson, Ár dTeanga Féin, Sasana Nua, Na Stáit Aontaithe.

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Toghadh mé i mo Leas-Uachtarán ag an chéad Ard-Chomhairle a bhí ag ÁdTF i 1993, agus tá an post sin agam fós. Táim i mo rúnaí freisin; bhí an post sin agam ó 1993 go 1998, agus toghadh mé i mó rúnaí arís in 2002. Táim ag múineadh leis an eagraíocht ó bhí 1989 ann. Bím ag múineadh na Gaeilge i Manchester, New Hampshire anois (tá 74 scoláire againn i Manchester!), agus mhúin mé i Worcester, Massachusetts ó 1989 go 1996; Thompson agus Woodstock i gConnecticut ó 1993 go 1994; agus i Nashua, New Hampshire ó 1994 go 2000.

  1. Cathain a bunaíodh ÁdTF agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh ÁdTF i 1986, i Worcester, Massachusetts. Mé féin agus ceathrar eile a chuir tús leis an eagraíocht.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

D’fhoghlaim gach duine a bhí bainteach le bunú na heagraíochta an Ghaeilge le múinteoirí difriúla agus i ranganna difriúla; nuair a chríochnaigh na ranganna sin, thosaigh na daoine sin ag bualadh le chéile, ag foghlaim na Gaeilge le chéile mar nach raibh aon ranganna ar siúl i Worcester ag an am sin. Bhí sé mar aidhm againn ón tús an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus an teanga a mhúineadh i Sasana Nua. Is eagras neamhbhrabúsach, neamhpholaitiúil agus neamhsheicteach é ÁdTF.

  1. Cé mhéad duine atá páirteach san eagraíocht faoi láthair?

Tá timpeall dáréag feidhmeannach, triúr teagascóirí agus breis is céad scoláire againn. Is saorálaithe iad na daoine ar fad atá ag obair don eagraíocht, ach íoctar táille leis na teagascóirí gan amhras.

  1. Cén obair a dhéanann sibh ó mhí go mí?

Cuirimid ranganna ar siúl i Manchester, NH (trí leibhéal), i gClinton, MA (dhá leibhéal), agus i Worcester, MA (dhá leibhéal). Mé féin, Tomás Ó Ruairc (Meiriceánach nár thosaigh a fhoghlaim na Gaeilge go raibh sé 35!) agus Susan Gallivan as Baile Átha Cliath na teagascóirí. Bíonn dhá théarma againn, a mhaireann dhá sheachtain déag an ceann, agus bímid ag ullmhú don téarma nua idir na téarmaí.

Bíonn Lá Gaeilge againn ó am go chéile freisin. Beidh an chéad cheann eile ar siúl ar an Satharn, 4 Deireadh Fómhair i bPetersham, Massachusetts. Beidh ranganna, ceardlanna, bricfeasta, lón, agus ceolchoirm ceoil thraidisiúnta ar fáil ar an lá ar chostas réasúnta: $40 an duine.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh?

Na táillí cláraithe a fhaighimid ó na scoláirí an fhoinse mhaoinithe atá againn.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Ní raibh mórán spriocanna againn ar dtús. Bhíomar eagraithe ar shlí an-scaoilte, ach tá feabhas tagtha air seo le tamall anuas.

  1. Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an eagraíocht?

An láidreacht is mó ná go bhfuil ag éirí linn ranganna Gaeilge a chur ar fáil i Sasana Nua.

An laige is mó ná go mbíonn ar na scoláirí an Béarla a labhairt ina saol laethúil. An t-aon deis a bhíonn acu an Ghaeilge a labhairt ná nuair a bhíonn siad sa seomra ranga. Níl aon timpeallacht Ghaeilge i Sasana-Nua, ar an drochuair.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag ÁdTF faoi cheann cúig bliana.

Ranganna Gaeilge a bheith á dtairiscint againn i mórán áiteanna éagsúla. Go leor múinteoirí nua a bheith aimsithe againn. Roinnt mhaith scoláirí nua a bheith ag freastal ar ár ranganna.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Ceapaim féin go mbeidh todhchaí na Gaeilge in áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, mar shampla, agus go mbeidh an teanga á labhairt i measc daoine fásta agus ag daoine fásta lena bpáistí. Ceapaim freisin go mbeidh an Ghaeilge láidir in áiteanna trasna na dtonnta mar Mheiriceá, Ceanada, an Astráil, srl.; beidh daoine ag foghlaim na teanga le heagraíochtaí mar ÁdTF agus le mórán eagraíochtaí eile.

Tá níos mó eolais le fáil faoi Ár dTeanga féin ag www.adtf.org/index.html

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.