AGALLAMH BEO
Andreas Wolff, BBC Alba agus Radiò nan Gaidheal
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Chas Seosamh Mac Muirí le láithreoir de chuid BBC na hAlban agus Radiò nan Gaidheal, Andreas Wolff, fear a thug cúrsa ÙLPAN ar Ghaeilge na hAlban i nGleann Cholm Cille i mbliana. Is as Beirlin é Andreas ach rinne sé a chéim ollscoile i Sabhal Mór Ostaig ar Eilean Sgitheanach.

Íomhá
Andreas Wolff
Íomhá
Na laetha a bhí
(le Das Bundesarchiv ar Vicipéid)
Íomhá
Ag Sgitheanach
(le Javier G. Pereda ar Vicipéid)
Íomhá
Seanionad na corparáide
(le BBC Bob ar Flickr)
Íomhá
Andreas i nGleann Cholm Cille
Íomhá
Ùlpan
(ar wordpress)
Íomhá
Port Charlotte, Eilean Íle
(le C Michael Hogan, geograph.org.uk ar Vicipéid)

SMM: Fáilte mhór chroíúil romhat go BEO.ie a Andreas.

AW: Go raibh míle maith agat.

SMM: Is as an Ghearmáin thú?

AW: Tá sin ceart.

SMM: Cá háit sa Ghearmáin.

AW: Rugadh is tógadh mé i mBeirlin, in iarthar Bheirlin. Tá mé in Albain anois le naoi mbliana.

SMM: Cad é an dóigh a bhfuil tú ag obair le BBC na h-Alba agus Radiò nan Gaidheal nó cá háit a bhfuair tú Gaeilg na hAlban?

AW: Chan fhuil mé cinnte cá dtosóidh mé. Thagainn go hAlban minic go leor nuair a bhí mé thart ar cheithre bliana déag d’aois agus tá spéis agam sna teangacha ar aon chuma. Mhothaigh mé go raibh teanga sa Ghaidhealtachd agus tharla gur thug mé taitneamh di ar laethanta saoire. Thosaigh mé ag foghlaim roinnt bheag focal agus mar sin. Chuaigh mé ar scoil gar do Ghlaschú nuair a bhí mé seacht mbliana déag ar feadh leath bliana agus bhí fear as Barraidh ag múineadh ansin. Thosaigh sé, Alan Mac ’ille Mhoire, ar bheagán Gaeilge a theagasc dom. Múinteoir fisice a bhí ann. [gáire] Ní dhearna mé a dhath eile ar feadh deich mbliana eile an t-am sin. Tháinig mé ar ais go hAlbain ina dhiaidh sin agus rinne mé cúrsa gairid coicíse ag Sabhal Mór Ostaig. Bhí sé chomh taitneamhach sin agus tharla gur chas mé le Leas-Cheannaire an Choláiste agus bhí sé ag insint dom faoi chúrsaí lánaimsire. Mheabhraigh mé siar is aniar faoi ar feadh míosa agus bheartaigh mé go ndéanfainn cúrsa trí mhí. Mheas mé gur leor trí mhí.

Bhí mé ar scor sealadach oibre ag an am agus shíl mé gur seo é an deis cuimhneamh ar cad é a bhí mé a dhul a dhéanamh ina dhiaidh sin. Ach tá an cúrsa chomh maith is gur fhan mé ceithre bliana ann agus bhain mé céim sa Ghaeilg amach. Chuaigh mé ar aghaidh sna meáin Ghaeilge nuair a bhí sé sin bainte amach agam. Tá cúrsa acu a mbeidh sé mhí acu sa choláiste mar a bhfaighidh tú ceird an cheamara agus dearadh ar an ríomhaire, agus bíonn sé mhí taithí oibre ann. Rinne mise sin, an taithí oibre, ag an BBC. Nuair a bhí an Program Eòrpach thart, thosaigh an BBC faoi cheann dhá lá. Thosaigh mé mar fhear nuachta agus tá mé leo go fóill!

Teach Eorpach

SMM: Phós tú bean in Albain. An bhfuil Gaeilg aici?

AW: Chan fhuil. Is as Veineasuaile í.

SMM: Chuala mé go bhfuil teangacha eile agat.

AW: Labhraímid Spáinnis sa bhaile. Is as an Iodáil a hathair cé gur tógadh i Veineasuaile í agus tá na teangacha sin againn. D’fhoghlaim sí Gaeilg go leor le labhairt leis an mhadadh. Gaeilg amháin atá ag an mhadadh! An Spáinnis, an Ghearmáinis nó an Iodáilis a bhíonn againn sa bhaile mar sin.

SMM: Cé mhéad teangacha atá agat mar sin?

AW: Tá sé theanga go líofa agam. Gàidhlig, Béarla, an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis agus an Iodáilis. Tá beagán Rúisis agam, beagán den Phortaingéilis agus tá beagán Gaeilge agam.

SMM: Maith an fear.

AW: Aha. [gáire sásta deimhneach]

SMM: An raibh sé deacair Gaeilg na hAlban a fhoghlaim?

AW: Chan fhuil sí chomh furasta leis an Spáinnis, ach ag an am chéanna, déarfainn go dtaitníonn sí go mór liom agus gach rud a thaitníonn leat, éascaíonn sé sin é. Agus chan fhuil sé chomh deacair sin oiread a fhoghlaim le comhrá simplí a dhéanamh. Is doiligh a bheith cruinn ceart i gcónaí ar chuile bhealach agus ní bhím cruinn ceart i dtólamh, ach ádhúil go leor [ag meangadh], an dream a bhfuil sí acu ó thús, ní bhíonn siadsan cruinn baileach i dtólamh ach oiread! [gáire croíúil]

SMM: Tháinig tú go hÉirinn ag teagasc Gaeilge na hAlban roimhe seo. Cé chomh minic is a thagann tú anall ag teagasc?

AW: Is é seo an tríú iarraidh dom mar fhear teagaisc. Tháinig mé an chéad am le Colmchille, ar deontas, agus rinne mé cúrsa anseo ar feadh seachtaine. Tháinig mé dhá bhliain i ndiaidh a chéile ag teagasc ar chúrsaí deireadh seachtaine de Ghaeilg na hAlban. Mise mé féin a dhear na cúrsaí sin. Mheas mé gurbh fhiú amharc ar chúrsa ÙLPAN agus is é seo an chéad am a eagraíodh cúrsa ÙLPAN i bPoblacht na hÉireann!

Cúrsa ÙLPAN

SMM: Cad é atá in ÙLPAN?

AW: Thosaigh sé in Iosrael i ndiaidh an Dara Cogaidh nuair a tháinig an draoi daoine as gach cearn ar domhan agus gur theastaigh aon teanga amháin laistigh den arm go háirithe agus é a dhéanamh go beo. Chonaic duine éicint sa Bhreatain Bhig an méid sin, thug taitneamh don chóras agus thosaigh é. Chonaic fear as Albain é, Daibhí Grannd, agus thug ar ais ansin é. Tá mé ag déanamh go bhfuil an cúrsa imithe don Fhrainc fosta agus chuig áiteanna eile.

SMM: Cad é do bharúil faoi Ghaeilg na hAlban faoi láthair? An bhfuil sí i gcontúirt?

AW: Tá sí i gcontúirt go fóill, gan amhras. Tá an-chuid ag titim amach, tá an BBC againn agus tá comharthaí bóthair dá theangach againn - ní hionann an Ghaidhealtachd inniu agus ceantar teanga – ach tá comharthaí dá theangach fairsing. Tá rudaí ag tarlú ach tá an chontúirt ann. Tá siad ag tomhas gur 60,000 duine a labhraíonn an Ghaeilg anois.

Na ranganna ÙLPAN seo, tá Bord na Gaeilge ag tabhairt tacaíocht mhór dóibh. Tá a lán acu ann anois. Tá siad ag leathnú ar fud na háite.

SMM: Tá siad leitheadach go mór in Albain mar sin?

AW: Ar fud na tíre, agus tá siad go maith. Sílim go bhfuil sé sábháilte go leor an méid sin a rá. Tá a fhios agam nach bhfuil chuile dhuine den tuairim gurb é an cúrsa is fearr a bheadh ann, ach tá a lán daoine ag ceapadh gurb é. Déarfainnse gurb é. Déarfainn gur maith an rud é go bhfuil siad ar fud na tíre, rud nach raibh ann roimhe seo.

SMM: An bhfuil eagras ag ÙLPAN?

AW: Ó tá. Is é ‘Deiseal’ an t-ainm atá ar an chomhlacht. Ba iadsan a dhear an cúrsa, an bhfuil a fhios agat, agus a choinníonn i gceart é, iad féin agus an lucht teagaisc in éineacht.

Saothar Fhear Mhuir Bhreatan

SMM: An fear seo a thosaigh é, an Granndach, cén aois a bheadh sé?

AW: Ó chan fhuil mé cinnte, bheadh sé, is dócha, an 45bl. d’aois.

SMM: An fear coláiste, acadúil é nó cad é?

AW: Ó is as Geansaí é nó as na hoileáin sin i Muir Bhreatan. Geansaí nó Guernsey, chan fhuil mé cinnte. Is dóigh liom gur thosaigh sé ag obair i réimse leigheas na cainte. Tuigeann sé teangacha mar sin.

SMM: Cén bhliain, dar leat, ar thosaigh sé ar an obair seo go léir?

AW: Chan fhuil mé baileach cinnte. Is dóigh liom gur ceithre nó cúig bliain ó shin. Déarfainn an méid seo faoi chúrsaí ÙLPAN do dhaoine atá iarraidh teanga a fhoghlaim. Na daoine fásta – measaim go bhfuil siad ag tabhairt isteach ÙLPAN sna scoileanna anois freisin – déarfainn gur dea-chúrsa atá ann do dhaoine fásta.

SMM: Ba cheart cúrsa den chineál a bheith ar siúl in Éirinn.

AW: Bheadh sé sin go maith. Tá an deis ann, tá an deis ann. Is dóigh liom go bhfuil an deis ann le cúrsa a roinnt ar an idirlíon chomh maith, le Skype is a leithéid. Chan fhuil a fhios agam cén dul chun cinn a dhéanfadh sé. Dúirt an fear seo liom, Dáibhí, go raibh sé ag iarraidh cúrsa a dhearadh do theangacha eile freisin. B’fhéidir go mbeidh Gaeilg na hÉireann ina measc. Bím ag teagasc, gan amhras, ranganna ÙLPAN, mic léinn in Óban uair sa tseachtain. Tá an chéad chuid den chúrsa críochnaithe againn anois agus is dóigh liom go bhfuil na mic léinn ag déanamh dul chun cinn maith.

Le Chéile is Fearr Sinn, an Dá Chanúint

SMM: Tá eolas éicint agat ar an tír seo anois. Do bharúil an bhfuil muid ar bhealach ár leasa?

AW: Is rud maith gan amhras, go bhfuil TG4 ar an fhód. Tá BBC Alba i ndiaidh móran a fhoghlaim ó TG4. Fear de na hardstiúrthóirí ag BBC Alba, Alan Esslemont, is ag TG4 a d’fhoghlaim sé an cheird i dtosach. Tá a fhios agam go mbíonn siad ag comhoibriú i ndáiríre. Téann míreanna amach ar an nuacht. Bíonn mír as Éirinn ag dul amach in Albain agus an rud céanna droim ar ais. Is rud maith é sin gan amhras.

Ba mhaith liom tacú leis an rud a dúirt tú féin ar ball. Is é nach dtuigeann a lán daoine gur féidir an teanga Cheilteach eile seo a thuiscint agus a labhairt as dea-iarracht bheag a dhéanamh le roinnt focal nua a fhoghlaim agus le roinnt bheag éagosúlachtaí an dá theanga a fhoghlaim.

SMM: Is beag nach dhá chanúint iad.

AW: Déarfainnse idir Dún na nGall anseo agus Eilean Íle díreach trasna na farraige, dháiríre, is dhá chanúint iad. Chan fhuil mé in innimh a bheith cinnte nach bhfuil canúint Eilean Íle in Albain níos éagosúil le canúint Leodhais ná mar atá sí le canúint Dhún na nGall. Is dócha go bhfuil an chanúint atá agaibhse anseo níos foisce le hÍle ná mar atá canúint Leodhais!

SMM: Dúirt tú rud spéisiúil roimhe seo, faoi na hoileáin go léir in Inse Gall, go gcuimhníonn muintir na hÉireann orthu mar oileáin bheaga anseo is ansiúd, ach níl sé fíor. Níl ceantair Ghalltachta eatarthu.

AW: Chan fhuil, chan fhuil, idir. Déarfainnse gur .. - chóir dúinn a fháil amach. Ba chóir dúinn taighde a dhéanamh. Déarfainnse go bhfuil na hoileáin a bhfuil Gaeilg á labhairt go fóill orthu, in Albain, níos mó san iomlán ná iomlán na gceantar Gaeltachta in Éirinn in éineacht. Agus, agus chan fhuil siad chomh scaipthe! Ach tá sé fíor chomh maith gurb í Glaschú an Ghaeltacht is mó in Albain.

SMM: An gcronaíonn tú seanfhódaí Bheirlin i ndiaidh na mblianta?

AW: Cha chronaím barraíocht é. Téim abhaile faoi thrí nó mar sin i rith na bliana. Beidh mé ag dul abhaile faoi cheann coicíse arís. Tá mé sásta go leor san áit a bhfuil mé. – Ní fhéadfainn aon rud eile a rá ar aon nós! [gáire]

SMM: Tapadh leat a Andreas. Mórán taing.

AW: Tapadh leat féin. Glé mhath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.