AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Balor ar a chuid sómhainní a dhíol, a luach a thabhairt don daibhir, soc a dhéanamh chlaíomh, é féin a bhearradh agus a lomadh, an deannach a chreathadh chuaráin agus dul trí chró snáthaide.

Íomhá
Spiairí Gaeilge i gCaiseal gan Dealbha
Íomhá
An Pápa ag an fhuinneoig
(le Chuck Belisle ar Picasaweb)
Íomhá
Ionad úr an iar-Phápa, Caiseal gan Dealbha
Íomhá
Caiseal le Dealbha
Íomhá
Sa Vatacáin
(Darryl Feldman, Picasaweb)

comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.

Joseph Aloisius Ratzinger, Benedictus XVI mar is fearr aithne air, i ndiaidh an t-ualach seo a iompar ar feadh ocht mbliana, chóir a bheith, agus beag an tionchar a bhí ag an tromualach seo ar a shláinte, deirtear. anois chun a scíste a ligean agus dul i mbun machnaimh go lánaimseartha.

Nuair a chuala Balor an scéal seo, shíl nárbh fhearr féin rud a dhéanamh éirí as a phost tromchiallach tromchúiseach féin agus dul i mbun marana fosta ar feadh tamaill. Ó nár dheas é, a deir . Ach, sula ndéanfadh a leithéid, shíl go rachadh i dteagmháil lena sheanchomrádaí, Joseph Benedictus, agus go gcuirfeadh cúpla ceist air faoina shaol mar phápa, faoina thodhchaí mar iarphápa, agus faoin Phápacht féin.

As go brách lenár laoch ar eitilt Ryanair chun na Róimhe, agus praghas na traenach isteach chuig lár na cathrach aige ina phóca tónale caoinchead an eagarthóra, Seosamh Mac Slua Muirí. ‘ bac le tacsaí a fháil ó lár na cathrach amach chuig an Vatacáin, a dúirt Mac Muirí le Balor Bocht. ‘Ar leas do shláinte atá ag smaoineamh. Beidh an tsiúlóid go maith ag na spreangaidí.

Ag Meabhrú ar an Saol

Faoin am a shroich Balor seomraí príobháideacha an Phápa bhí drochnéal amach is amach air, ach nuair a chonaic a sheanchara beag Gearmánach ag fanacht leis, chuir aoibh álainn an Phápa ar a sháimhín arís é. Chuir Benedict na múrtha fáilte roimhe agus scairt choinne bia agus . D’ith siad agus d’ól siad a sáith agus ba ghairid gur shocraigh an dís síos le bheith ag meabhrú os cionn na tine.

Balor: Níl dabht ar bith ach gur tréimhse ar leith í seo i saol na hEaglaise, go háirithe do na cairdinéil a mbeidh de phribhléid acu, agus d’ualach orthu, an Pápa nua a thoghadh. tíortha na hEorpa agus mórán de thíortha an domhain ag fulaingt faoin ghéarchéim geilleagair seo. Caidé mar atá cúrsaí i Stát Chathair na Vatacáine? a fhios ag an saol mór go bhfuil sibh an-saibhir mar stát, agus go bhfuil an-chuid sóchmhainní agaibh. An féidir go bhfuil brú oraibh? Seans ar bith go mbeidh ar an Phápa úr ísliú tuarastail a fhulaingt?

Benedictus: Beag an baol, a Bhaloir; beag an baol. Go háirithe ós rud é nach mbíonn tuarastal ag an Phápa. muid beo bocht, an dtuigeann ? Beo bocht!

Balor: Bhuel, miste dom a nach mbíonn cuma an daibhris ar an Phápa riamh. Ón am a tháinig tusa i gcumhacht níor chaith ach scoth na n-éadaí: síoda agus sról; agus giuirléidí órga a bhí thart ort i gcónaí. bhfuil an bhochtaineacht? Níl le feiceáil.

Benedictus: Ach níor liom féin ruainne ar bith den éadach sin, fiú oiread is uinge den ór. Is leis an Eaglais é ar fad; le pobal dílis . bhíonn pingin rua ag an Phápa riamh: searbhónta de chuid shearbhóntaí a thugtar ar an Phápa; agus údar maith leis an nath sin.

Sócmhainní na hEaglaise

Balor: Luaigh pobal dílis ansin, a Phápa. cuid mhór de phobal dílis ar an trá fholamh, go háirithe sa tríú domhan; gan acu ach ón láimh go dtí an béal. An leo an éadáil ar fad atá i seomraí stórais agus in iarsmalanna na Vatacáine, a Phápa? Agus más leo, caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin?

Benedictus: Do chum glóire agus onóra na hEaglaise an mhaoin shaolta sin, mar a dúirt Éireannach iomráiteach fadó, a Bhaloir.

Balor: Do chum glóire agus onóra na hÉireann, a dúradh, i gcead duit, a Phápa; agus leachtanna cuimhneacháin a bhí i gceist aige seachas maoin shaolta. Ach an dtig liom ceist eile a chur ort anois? An bhfuil seans ar bith ag seanphágánach de mo leithéid dul isteach i Ríocht ar ball? Caidé do bharúil dhiaga shaineolach?

Benedictus: Bhuel, a Bhaloir, iomlán mo shaoil caite agam ag staidéar na diagachta, agus is é atá foghlamtha agam ina dhiaidh sin is uile gur cóir i gcónaí dul ar ais chuig an Scrioptúr. Mar sin, cuirim an cheist seo orm féin: ‘Caidé a déarfadh Íosa Críost faoi seo? Seo sliocht ón soiscéal:

Chuir fear óg saibhir ceist ar Íosa : “A Mháistir mhaith,” a dúirt , “caidé atá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt Íosa leisIs eol duit na haitheanta.” Dúirt an fear óg saibhirChoimeád iad sin uile ó m’óige.” Dhearc Íosa air agus thug grá agus dúirt leis: rud amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh.” Thiontaigh Íosa thart agus dúirt lena dheisceabail: “A chlann liom, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht .”

Sin é briathar , a Bhaloir. Sin freagra do cheiste. Is fiú duit machnamh a dhéanamh ar na focail sin nuair a bheidh i mbun do mharana; agus déanfaidh mise amhlaidh.

Balor: Bhuel, míle buíochas leat as an cheacht sin, a Phápa. Déanfaidh muid beirt amhlaidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.