AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tuigeann Balor anois go bhfuil Aon Rí Dlisteanach na hÉireann ar son na Cúise Daingne, na Ceart-Ghaelainne agus na Slachtseanfhocal. Níl an Rí céanna ar son na Vatacáine ná na ‘feiceann’-Eorpa.

Íomhá
Ard-Rí Dlisteanach, Get Ireland - Fine Fáil
Íomhá
Fáilte roimh an Rí le tine chnámh
le Siobhán Mulholland ar Picasaweb
Íomhá
An Mháthair-Dingle
le Irate, Vicipéid

“Tá Ardrí úr sa tír, chan rí ná prionsa ná diúc ná iarla, ná fiú Uachtarán; ach Ardrí a bhfuil meas agus gean agus ómós agus urraim agus umhlaíocht an phobail ar fad tuillte aige,” a deir Balor Borrach. “Tá muintir na hÉireann i ndiaidh Enda Aoibhinn Aoibhiúil a cheapadh d’aon ghair agus d’aon ghuth mar Ardrí Éireann. Is é Ardrí Enda an fear a thug dúshlán na n-easpag agus dúshlán an Phápa féin. Cúpla lá ina dhiaidh sin thug sé dúshlán cheannairí an Aontais Eorpaigh agus shealbhóirí na mbannaí, agus d’éirigh leis aon ochtú cuid d’aon faoin gcéad a bhaint d’ualach na bhfiach atá ar mhuintir bhocht chráite na tíre seo. Tá an domhan mór is a mháthair ar bís le fáil amach caide a dhéanfaidh an tArdrí úr lena chuid cumhachtaí nua.

Tá Enda anois cathréimeach, gaisciúil agus mórfhoclach. Tá teachtaireachtaí comhghairdis ag teacht isteach go fras chuige ó cheannairí an domhain. Tá an bóthar ó Bhaile Átha Cliath go Caisleán an Bharraigh ceoch ciachmhar le deatach na dtinte cnámh a lasadh ina onóir. Tá cumhrán na mbláthanna a leagadh in ómós dó ar fud phríomhchathair na hÉireann i ndiaidh an ceann is fearr a fháil ar bhréantas Bharra an Teampaill.

Nuair a chuaigh Balor chun cainte leis – nó chun éisteacht leo, ba chóir a rá – bhí maithe agus móruaisle lucht na meán cumarsáide dá chiapadh agus dá chrá, iad ar fad ag iarraidh agallamh a chur air. Ach, mar a mbeifeá ag súil leis, ní raibh sé sásta agallamh a thabhairt do dhuine ar bith sula gcaithfeadh sé uair an chloig ag caint lena sheanchara Balor an Balbhán.

An ‘Feiceann’-Eoraip

Enda:Is túisce scíste ná scéal,” a dúirt Enda, agus é á chaitheamh féin siar ar tholg teolaí ina theach féin. “Suigh síos anois, a Bhaloir, a chara mo chroí, agus lig do scíth. Tá súil agam go raibh tú tógtha leis an aitheasc a thug mé sa Dáil agus lena bhfuil bainte amach agam do mhuintir na tíre seo ón Aontas feckin’ Eorpach. Tá mé féin an-sásta liom féin. Bhí mé ag ullmhú an aithisc sin le tamall maith anois – leathuair an chloig, ar a laghad – agus bhí a fhios agam go n-éireodh liom an bua a fháil ar Sarcastic feckin’ Sarkozy agus an drong sin a bhí ag iarraidh na Paddies a choinneáil ar an ghannchuid agus ar an feckin’ trá fholamh. Bua a bhí ann, gan amhras; bua do mhuintir na hÉireann, bua don chosmhuintir, bua don ghnáthdhuine. Múinteoir scoile a bhí ionam san am fadó, a Bhaloir, agus aithním bua nuair a fheicim feckin’ bua. Tá mé ag fanacht go foighdeach le fada an lá chun a bua seo a fháil; chun ceacht a mhúineadh do bhoic mhóra na hEaglaise Caitlicí agus do bhoic mhóra na hEorpa san aon tseachtain amháin. Nach mé atá iontach! Nach mé atá dochloíte!”

Balor: “A Ardrí Éireann,” a dúirt Balor go breá béasach, “bhí mé an-tógtha leis an aitheasc agus le do bhua ar lucht an airgid Eorpaigh, mar a bhí gach duine ar m’aithne. Tá 99. 99999% de mhuintir na hÉireann ar do shon, dar leis an Blue C poll is déanaí, agus ní beag sin mar thacaíocht.”

Enda: “Mo sheacht mallacht ar an fecker nach bhfuil sásta liom,” a scairt an tArdrí, agus é ag éirí aniar ón tolg le teann feirge agus teasaíochta. “Scread mhaidine ar an húr gan mhaith. Damnú ar a dhá shúil, cac an diabhail air agus marbhfáisc air fosta,” a ghuigh sé i nglór staince nach raibh ag dul lena stádas nua ríoga. “Cuirfidh mé an tseirbhís rúnda nua i mbun fiosrúcháin le fáil amach cé hí nó cé hé agus cá bhfuil cónaí ar an chunús.”

Ar Lánscor

Balor: Nuair a bheas an méid sin déanta agat, a Ardrí, caidé eile atá i gceist agat a dhéanamh le do chuid cumhachtaí nua?

Enda: Bhuel, ní dhéanfaidh mé mórán an tseachtain seo, a Bhaloir, seachas an Dáil a lánscor. Ní bheidh feidhm ar bith leo siúd níos mó agus mise im’ Ardrí. Agus an bhfuil a fhios agat an chaint ar fad atá ar siúl ag daoine faoin chéad Uachtarán eile? Bhuel, cuirfidh mise deireadh leis an tuairimíocht sin amárach – agus le hoifig an Uachtaráin. Ní féidir Ardrí agus Uachtarán a bheith i gcumhacht sa tír.

Balor: Agus caide a dhéanfaidh tú leis an Uachtarán atá againn faoi láthair?

Enda: Bhuel, níl mé cinnte, ach ós rud é go bhfuil muid anois scartha leis an Róimh, i ndiaidh m’aitheasc Dála, b’fhéidir go gceapfaidh mé í ina ceann ar an Eaglais nua atá mé ag gabháil a bhunú. Dhéanfadh sí Cairdinéal maith. Agus ós rud é go bhfuil sí pósta, beidh cead ag na sagairt ar fad pósadh. [Eag. Tá Balor ag teacht le Donncha Ó hÉallaithe ar an cheist.] Agus an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir, tá mé ag déanamh go mbeidh sé mar riail agam go gcaithfidh siad pósadh. Bhí an saol rómhaith ag na fir sin faoin seanchóras in Éirinn. Agus anois, agus mé ag smaoineamh faoi, beidh sé ina reacht agam go gcaithfidh na mná rialta pósadh fosta – ar a laghad iad siúd atá faoi ochtó bliain d’aois. Níl an oiread sin acu ann san aicme sin.

Ar Son na Cúise Daingne

Agus seo rud eile a rith liom aréir agus mé ag iarraidh dul a chodladh: tá mé chun iallach a chur ar gach Éireannach an Ghaeilge a fhoghlaim mar is ceart agus mar is cóir. Beidh ar gach duine a bheith chomh líofa agus chomh cruinn liom féin. Beidh deireadh leis an Ghaeilge lofa líofa. Ní chluinfidh muid níos mó “Tá tú ag tafann suas an crann mícheart” nó “Cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí”. Má bhí ormsa an tuiseal ginideach agus an modh coinníollach a fhoghlaim i gceart, beidh ar gach duine iad a fhoghlaim. Cuirfidh muid scrúdú gramadaí ar gach duine sa tír faoi Lá Caille seo chugainn. Déanfar dianscrúdú ar na briathra neamhrialta – gach uile aimsir agus pearsa agus modh – agus beidh béim ar leith ar rangabháil na deacrachta. Nach againn a bheas an chraic, a Bhaloir? Beidh mise dolúbtha faoi seo agus beidh mo chuid rialacha dobhogtha agus mo réimeas dochloíte. Beidh muintir na hÉireann dochreidte faoi seo, ach ní bheidh sé dodhéanta. Beidh siad chomh gnóthach leis na haidiachtaí briathartha nach mbeidh am acu a bheith ag smaoineamh ar an chúlú gheilleagair. Má shíl siad go raibh deacrachtaí acu roimhe sin, fan go dtí Lá Caille seo chugainn agus na scrúduithe gramadaí. Anois, is túisce deoch ná reachtaíocht úr. Caidé a ólfas tú, a Bhaloir?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.