AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Balor Béimeann is na gcéimeann, níl a shárú insa domhan, an frimhagadh, ’s é a bhua, faoi TDannaí is achan cineál deamhain. - Cé faoi a bhfuil Balor ag sá na Súile Nimhe amach faoina fhabhra, an mhí iar-Fheabhra seo?

Íomhá
Balor
Íomhá
Teach na nGealt
Íomhá
An Dán aiste
Íomhá
An Tuí seach
Íomhá
Raithneach a bhean bheag

blas beag den earrach ann faoi dheireadh agus tá an domhan agus a mháthair ag damhsa. Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn réidh le damhsa sa leoithne; tá na huain óga réidh le damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr istigh sna bachlóga réidh le damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach réidh le damhsa ar na méilte; tá Balor Builiúil ag damhsa le bamba agus dírathú; agus tá ceannairí na tíre ag damhsa iomlán an bhealaigh isteach i dTeach na nGealt. Níl an dara suí sa bhuaile acu ach gealtacht a phléadáil i ndiaidh dóibh an tír a chur sa chac agus a thumadh sa chac agus a fhágáil sa chac.

“Tá muid sa chac anois,” a dúirt Biffo le Balor na Súile Nimhe ar na mallaibh, amhail agus nach raibh sé ag madraí an bhaile go raibh muid sa chac le bliain anuas. Tá Biffo ina shaineolaí ar chúrsaí caca. “Nuair a chacann gé cacann siad ar fad” – sin é mana Biffo, agus é ag tabhairt le fios gurb é féin an saoiste agus go mbítear ag il leis go mbeidh gach duine sa pháirtí ar aon fhocal leis. Dar ndóiche, bíonn corrghé ann i gcónaí nach mbíonn sásta, nó mar a dúirt Pat an Cóp ar na mallaibh: “Ólfaidh mé an ola ricne ach ní chacfaidh mé.”

Cé a chac ar na huibheacha?

Fuair an Tánaiste, Máire Ní Chlochráin, íde na muc is na madraí ó The Irish Times ar na mallaibh. “Níl muid sa chac ar chor ar bith,” a dúirt sí le Cathal Mac Coille ar Morning Ireland. “Cén cac? Siúr níl cac ar bith ann; agus cac an diabhail orthu siúd a mhaíonn go bhfuil. Tá muid inár suí go te. Meathlú geilleagrach? Caidé is brí le meathlú? Caidé is brí le geilleagrach? Cacamas! Sin is brí leo. Anois caidé a bhí tú ag rá, a Chacail?” I lomchodarsnacht le ráitis Mháire Ní Chlochráin, tá George Lee den bharúil gur sa bhuinneach bhuí atá muid agus nach bhfuil romhainn amach ach a thuilleadh den sciodar. Ach ní beag sin mar chaint ar chúrsaí caca, agus daoine ag ithe a ndinnéir.

“I dtrioblóid cheart atá muid anois,” a dúirt Biffo lena chara Balor, agus é ag tarraingt amach bosca eile Sweet Afton agus ag lasadh trí thoitín le chéile in aon anáil amháin. “Níl orm ach an t-aon locht amháin, agus níl agam ach an t-aon sólás amháin – agamsa agus ag Ó Bama – an caitheamh!” a dúirt sé. Is é an t-aon phléisiúr atá agam ar an domhan seo. Tosaíonn an pléisiúr i mo chuid ladhracha agus cuireann sé an sú ag sciurdadh fríd mo chuid féitheacha; cuireann sé dinglis ar mo chraiceann agus crith i mo chorp; cuireann sé lasair i mo shúile agus casacht i mo chliabhrach; osclaíonn sé na píobáin agus cuireann sé mé ar crith; ach is fearr crith maith ná droch-chasacht, a Bhaloir,” a dúirt an Taoiseach tromchaiteach, tromaigeantach, trombhríoch, tromchroíoch.

“Tá an ceart ar fad agat, a Bhiffo,” arsa Balor, “ach ná déan dearmad go bhfuil an Carghas ann agus go bhfuil muid in ainm troscadh agus tréanas a dhéanamh. Caithfidh muid an Carghas a chaitheamh mar a chaitheann na múinteoirí bochta agus na altraí bochta agus na gardaí bochta é. Tá siad ar fad thíos leis go mór, a bhuíochas sin duitse.”“Arú, múinteoirí bochta mó thóin!” a dúirt Taoiseach an bhéil bhinn. “Cibé faoi na gardaí nó na altraí, níl cúis ghearáin dá laghad ag na múinteoirí. Smaoinigh ar an phinsean mór ramhar atá acu.”“Ach, a Bhiffo,” arsa Balor lena sheanchara, “tá a fhios ag an saol mór nach maireann ach fíorbheagán múinteoirí fada go leor le dul amach ar pinsean. An strus a mharaíonn an chuid is mó acu sula sroicheann siad an dá scór.”“Arú, strus mo thóin. Dá mbeadh strus orthu, mar atá ormsa, bheidís ag caitheamh leo, mar a bhímse. Ach tá a fhios ag an saol mór nach gcaitheann múinteoirí! Strus mo thóin. Tá an tobhach ar an phinsean rómhaith dóibh. Fan go dtosaí mé ar a bpinsean féin! Agus cuirfidh mé tuilleadh daltaí isteach sna ranganna. Caithfidh muid ar fad íobairtí a dhéanamh ar son na cúise. Anois fan go lasfaidh mé trí thoitín eile.”

Cén múinteoir a mhúin ar na huibheacha?

Bhíodh dúil mhór ag Balor sa chaitheamh uair dá raibh, sular tháinig na dlíthe úra isteach agus an tobhach ar an tobac agus ar gach rud eile a chaitear. In am na géarchéime agus na práinne agus na héigeandála tagann faobhar ar na mianta bunúsacha, agus i gcás Bhaloir níl dúil níos bunúsaí nó níos láidre ná an caitheamh. Ní an caitheamh anuas ná an caitheamh aníos atá i gceist agam anseo; ná an caitheamh amach ná an caitheamh suas. Ní ag caint ar éadaí a chaitheamh atá mé, ná ar dhinnéar ná ar shuipéar a chaitheamh. Níl mé ag caint fiú ar phiontaí a chaitheamh siar.

Is ag caint ar an fhraoch a chaitheamh atá mé. Bíonn dúil ag daoine áirithe sa tobac agus daoine eile sa raithneach, ach san fhraoch a chuir Balor a spéis agus a dhúil i dtólamh. “Sin an tuige a bhfuil mé fraochta,” a mhíníonn Balor go beacht.

Is fonn é seo nach furasta a cheansú. Ach, le cothrom na Féinne a thabhairt do Bhalor bocht, tá dua caite aige ag iarraidh an caitheamh a chaitheamh suas. Bhain sé triall as na paistí ar feadh tamaill, ach d’éirigh sé astu i ndiaidh míosa nó dhó, nó dúirt sé nár thaitin an blas leis. Bhain sé triall as an turcaí fuar ach dúirt sé nach raibh mórán de bhlas air sin ach oiread leis na paistí. Is caiteoir dúchais é, gan amhras, agus is léir nach bhfuil i ndán dó ach an caitheamh i ndiaidh an chaithimh.

“Ní ag caitheamh fraoigh a bheas mé as seo amach, ach ag caitheamh i ndiaidh na laethanta a bhí, sular tháinig an dlí úr isteach agus roimh am seo an dealaithe,” a dúirt sé liom cúpla seachtain ó shin agus é i ndiaidh a bheith caite amach as teach tábhairne. Agus cad é an teachtaireacht atá aige do Biffo? “Caith leat, a chlabaire, agus go dtachtaí sé thú,” a deir sé, amhail agus nach raibh Biffo á thachtadh féin cheana féin ag Sweet Afton agus ag binb, gangaid agus ag aiféala.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.