CÚRSAÍ SPÓIRT
An tImshaol agus an Spórt
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhain Colm Mac Séalaigh tátal i dtaca le forbairt spórt as leabhair spéisiúil a léigh sé le déanaí, Guns, Gems and Steel, a short history of everybody for the last 13,000 years.

Íomhá
An chamanachd, ceann de chluichí machaire na hAlban
Íomhá
An tOll. Jared Diamond i mbun oibre
(le gr0uch0 ar Flickr)
Íomhá
Corrán an Chultúir
(le Sémhur ar map-blank.svg Vicipéid)
Íomhá
Machaire méith na Mumhan faoi ghréin an Gheimhridh
(le Seighean ar Vicipéid)
Íomhá
Pinniúir liathróid láimhe i nGort na Móna, Béal Feirste
(le Seán999diving ar Vicipéid)

Scoláire mór le rá i Meiriceá is ea Jared Diamond. Ollamh le Corpeolaíocht, le Tíreolaíocht agus le hEolaíochtaí um Shláinte Imshaoil is ea é. Saineolaí ar éiceolaíocht agus ar an mbitheolaíocht éabhlóide. Tharla leabhar dá chuid a bheith á léamh agam ar na mallaibh, leabhar dar teideal Guns, Gems and Steel a short history of everybody for the last 13,000 years. (London 1998 Vintage Books)

Cíorann sé tosca éagsúla ba chúis le fás agus le forleathadh an chine dhaonna timpeall an domhain sa leabhar seo. Leagann sé amach na fáthanna gur éirigh le dreamanna áirithe agus nár éirigh le dreamanna eile céimeanna éagsúla forbartha a bhaint amach, céimeanna ó thaobh na feirmeoireachta, na teicneolaíochta agus na déantúsaíochta. Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.

Míníonn sé, cuirim i gcás, an bhaint a bhí ag lusanna áirithe agus ag a gcuid síolta le soláthar bia in áiteanna éagsúla agus an bhaint a bhí ag flúirse agus ag éagsúlacht na lusanna le méadú an daonra i gceantair éagsúla timpeall an domhain. Míníonn sé an chaoi ar thosaigh daoine ag saothrú an bhia seachas a bheith ag seilg agus ag bailiú, agus an chaoi inar tháinig an fheirmeoireacht chun cinn go tapa in áiteanna áirithe agus an chaoi nár tháinig ar chor ar bith in áiteanna eile.

Corrán na Torthúlachta

Míníonn sé gur in Oirthear na hEorpa/Iarthar na hÁise (An tSiria, an Tuirc, An Pheirs), réim tíre a dtugtar Corrán na Torthúlachta air, a bhí táirgeadh agus flúirse an-mhór bia ar fáil ann na mílte bliain ó shin. Míníonn sé na tosca nádúrtha a bhain le teacht chun cinn na feirmeoireachta nua-aimseartha sa taobh sin sular tháinig i gcodanna eile ar domhan.

Mar an gcéanna le forbairt na teicneolaíochta. Tharla gur fionnadh agus go ndearnadh uirlisí agus innill agus mar sin de in áiteanna éagsúla, ag amanna éagsúla timpeall na cruinne, ach níor tharla ar chor ar bith go dtí an lá inniu féin in áiteanna eile. Agus toisc go raibh níos mó bia, capall, claimhte, sceana agus saigheada a bhí déanta as iarann agus as cruach ag dreamanna áirithe daoine seachas a chéile, d’éirigh leis na dreamanna sin na dreamanna eile a chur faoi chois agus a chloí i gcogaí agus i gcathanna.

Uaireanta ba iad na galair a d’iompair dreamanna daoine leo (daoine a bhí tar éis ainmhithe ar nós muc agus beithíoch a chur faoina smacht agus a bhfuair siad galair uathu) a mharaigh agus a scrios na pobail a bhí rompu sna háiteanna a shroich siad agus iad i bhfad óna n-áit dúchais féin. Is dóigh gurb é an t-ionradh ar Mheiriceá, Thuaidh, Theas agus Lár, an sampla is fearr den teagmhas sin agus is é a thug inspreagadh do theideal leabhar Diamond ‘Guns Germs & Steel’.

Tátal

Ní mór a rá ag an tráth seo nach bhfuil aon chíoradh sa leabhar seo ar chúrsaí spóirt ach spreagadh mé le machnamh beag a dhéanamh ar theacht chun cinn an spóirt mar imeacht dhaonna. Má ghlacaimid leis go raibh tionchar mór ag tosca aiceanta ar fhorbairt na timpeallachta daonna (saíocht, teicneolaíocht, caighdeán maireachtála &rl.), tharlódh an rud céanna a bheith fíor faoin spórt.

Ní deacair a shamhlú go mbíodh ár sinsir ar feadh na mílte bliain róghafa le cur chun cinn na beatha le bheith ag plé le caitheamh aimsire. Ní deacair a shamhlú, ach oiread, go mbíodh fir agus mná óga ag imirt cluichí simplí agus ag iomaíocht lena chéile, ag rásaíocht, ag léim, ag caitheadh cloch, ag dreapadh crann, ag iomrascáil agus eile. Gníomh nádúrtha, shamhlófá, speach a tharraingt ar rud éigin, ar chloch nó cnap adhmaid a bhualadh le maide – an cluiche cnaig -, ach ba dheacair a shamhlú go bhféadfaí cluichí foirne agus páirce a chur ar bun nuair a bhí daoine scaipthe ar fud taobh tíre fairsing agus gan ach siúl na gcos acu mar mhodh taistil. Cé go gceaptar go n-imrítí cineál éigin iománaíochta chomh fada siar le trí mhíle bliain ó shin, níl ansin ach arú inné le hais na mílte bliain de stair an chine dhaonna roimhe sin.

Dálaí Spóirt

Is í an cheist a gcuidíonn leabhar Diamond linn a fhreagairt dar liom ná cén fáth gur tháinig cluichí nó spóirt áirithe chun cinn in áiteanna áirithe seachas a chéile. Má fhéachaimid ar scéal na hiomána a imrítear don chuid is mó (a) in Éirinn nó i measc Éireannach lasmuigh den tír agus (b) go fairsing i gceantair áirithe agus go tearc i gceantair eile, de réir teoiric na dtosca aiceanta a tháinig an iománaíocht chun cinn i réigiún ina raibh (i) neart den ábhar cuí, fuinseog, ar fáil (ii) aeráid thais, mheasartha agus ithir dhomhain, thorthúil a chuidigh le fás na fuinseoige agus le fás féir ó cheann ceann na bliana geall leis agus (iii) dálaí aimsire a chuidigh le himirt an chluiche ar feadh formhór na bliana. Ar ndóigh, tá dálaí atá an-chosúil leis na dálaí atá in Éirinn le fáil in áiteanna eile, sa Bhreatain fágaim, ach níor tháinig an iománaíocht chun cinn iontu. Is dóigh mar sin go raibh dálaí eile tábhachtach ó thaobh na hiomána, dálaí daonna ar nós an tseanchórais Ghaelaigh tráth agus córas na dtiarnaí talún agus na bhfeirmeacha agus na bpáirceanna móra níos deireanaí.

Díol spéise gur sa Bhreatain, idir Albain agus Shasana, a tháinig na cluichí páirce, cúirte is foirne is mó a imrítear ar domhan chun cinn, go háirithe an sacar, an rugbaí, an galf, an leadóg agus an cruicéad. Tuigimid gur scaipeadh na cluichí sin timpeall an domhain tríd an gcoilíneachas agus tríd an gcos ar bolg. (Níor tharla san i gcás cluichí na nGael mar is eol dúinn cé gur scaipeadh an liathróid láimhe níos deireanaí de bharr na himirce). Ach cén fáth gur i gcúinne beag, forimeallach den domhan a tharla forbairt na gcluichí atá chomh hiomráiteach inniu? Is cosúil go raibh tosca fisiceacha, nádúrtha i gceist ach, i ndeireadh na mbeart, gurb iad na tosca daonna - forbairt geilleagair, tionscail agus teicneolaíochta móide eagrú na sochaí agus na polaitíochta – ba thábhachtaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.