AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An t-aigéan a bhíodh ciúin
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá an Astráil ag cur a ladair isteach i ngnóthaí tíortha eile de chuid an Aigéin Chiúin a bhfuil fadhbanna polaitiúla ag teacht chun cinn iontu. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Bratach Nua-Ghuine Phapua
Íomhá
Rabbie Namaliu, Aire Gnóthaí Eachtracha Nua-Ghuine Phapua

Le tamall anuas tá an Astráil ag éirí níos gníomhaí i dtíortha eile san Aigéan Ciúin. Anuraidh, cuireadh 2,000 saighdiúir faoi cheannas na hAstráile go dtí Oileáin Sholomon le réiteach a fháil ar chogadh cathartha a bhí ar siúl ansin. D’éirigh go maith leis an bhfeachtas sin agus ceaptar go mbeidh na saighdiúirí ag teacht abhaile go gairid.

An mhí seo caite thosaigh póilíní as an Astráil ag siúl na sráide i Port Moresby, príomhchathair Nua-Ghuine Phapua (NGP). Táthar ag súil go mbeidh tionchar acu ar choireacht, ar bhreabaireacht agus ar mhuinín an phobail sa stát. Ach caitheadh sé mhí ag plé na ceiste idir an dá rialtas sular thángthas ar réiteach faoi ról na nAstrálach. Ceaptar go gcosnóidh an fórsa seo, a bhfuil 210 póilín agus 60 státseirbhíseach ann, $800 milliún (€450 milliún) as seo go ceann cúig bliana. Ach níl aon duine ag ceapadh go gcuirfear deireadh le coireacht, ó tharla nach mbeidh níos mó ná scór acu nó mar sin ar an tsráid san aon am amháin.

Foilsíodh tuarascáil coicís ó shin a mhol go méadódh an Astráil go mór an bhaint atá aici le NGP agus go mbeadh sí páirteach i gcúrsaí custaim, cúrsaí míleata agus cosaint teorann. Dúirt an Australian Strategic Policy Institute, eagraíocht atá á maoiniú ag Rialtas na hAstráile, go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le NGP faoi láthair, go bhfuil an stát an-lag agus go bhfuil baol ann go dtitfidh an stát as a chéile taobh istigh de chúig bliana déag mura mbeidh an Astráil gníomhach ann. I measc na laigí, luadh go raibh easpa seirbhísí bunúsacha ar nós sláinte agus oideachais i gcuid mhaith den tír, go bhfuil cúrsaí airgeadais an rialtais imithe ó smacht, agus go bhfuil caimiléireacht le fáil go fairsing.

Ní mó ná sásta a bhí rialtas NGP leis an tuarascáil. Duirt Rabbie Namaliu, an tAire Gnóthaí Eactracha, go raibh an tuarascáil míchruinn agus gur gáifeachas a bhí ann. Níl rialtas NGP ag iarraidh go mbeadh aon rian den choilíneachas ag baint le pé cúnamh a thabharfadh an Astráil. Ní mór a mheabhrú nár bhain an iarchoilíneacht seo de chuid na hAstráile a neamspleáchas amach go dtí 1975 agus go bhfuil deacrachtaí ann ó shin.

Tá faitíos ar Rialtas na hAstráile go bhféadfadh sceimhlitheoirí agus dreamanna eile a bhfuil suim acu sa gcoireacht leas a bhaint as laige an stáit ar mhaithe leo féin agus go mbeadh drochthionchar ag a leithéid ar an réigiún trí chéile. I measc na ndeacrachtai eile, tá an oiread sin teangacha éagsúla a bheith á labhairt - tuairim is 600 acu, rud nach spreagann spiorad an aontais.

Ar ndóigh, ní i NGP amháin atá deacrachtaí. In Oileáin Fiji, cuir i gcás, bhí dhá *coup *ann i 1987 agus ceann eile in 2001. Tá deacrachtaí bunúsacha ansin mar go bhfuil an daonra deighilte ina dhá leath - pobal dúchasach (47%) agus pobal de bhunadh Indiach (49%), agus coimhlint ghéar eatarthu le tamall maith maidir le cumhacht pholaitiúil. Go dtí seo, ní raibh aon bhaint ag an Astráil leis an trioblóid a bhí ansin le blianta beaga anuas ach ní hionann sin is a rá nach mbeidh.

An tAigéan Ciúin (Pacifique sa bhFraincis) a bhaist Magellan ar an aigéan seo nuair a chuaigh sé siar le cóir ó Chaolas Magellan sa 6ú céad déag. Tá baol ann, áfach, nach mbeidh cuid dhe chomh ciúin is a bhíodh sna blianta atá romhainn.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.