THALL IS ABHUS
An Stáisiún Seirbhíse
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Deis sosa agus deis éalú ar do mharana atá sanaire de service’, sa stad artola, le taobh an bhealaigh mhóir ar an Mhór-Roinn. Thit scéalta úr is aisteacha isteach in intinn PJ Mhic Gabhann le linn a stad deiridh i gceann de na stáisiúin artola seo ar na mallaibh. siad ceaptha san alt seo leis.

Íomhá
Aire de Service de leataobh an bhealaigh mhóir
Íomhá
Brídóg Bhuachalla, RTÉ
Íomhá
Seán Óg, le Interculturaldialogue 2008
Íomhá
Ball den Gendarmerie, le JF Ferrando'

Is dócha gur bhuail an smaoineamh den chéad uair nuair a stop i stáisiún seirbhíse gar do Lyon agus ar mo bhealach ó dheas. Glaoitearaire de repos’, aire de service’ ar an stáisiún seirbhíse sa Fhrainc , i bhfocail eile, áit sosa. Is ag tiomáint a bhí agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh ina chodladh nuair bheidh taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol. Baineann seo le céill, gan amhras, agus is den riachtanas a leithéid d’áit agus an stáisiún seirbhíse a bheith ann, áit inar féidir leis an tiománaí agus a chuid paisinéirí dul chuig an seomra leithris, cith a ghlacadh ( ach an eochair a iarraidh!), cupán caife a bheith ag duine, breosla a fháil beagáinín siopadóireachta a dhéanamh.

Ach is áiteanna uafásacha iad. Iad uile mar a gcéanna, anaithnid agus lán leadráin. Cuirfidh mar seo é, bhíonn aon duine ag iarraidh a bheith ann sa chéad áit. Is ag dul chuig áit ag filleadh as áit a bhíonn an duine, déanfaidh cibé gnó atá le déanamh aige agus baileoidh leis chomh tiubh géar agus is féidir leis. Chuirfeadh an áit féin bialann de chuid McDonalds i gcuimhne duit, gairéadach agus míchompordach, cumtha agus curtha le chéile sa bhealach a chuirfeadh an ruaig ar dhuine.

Imirt an Ama

scéal é, is ag breathnú isteach i gcupán plaisteach caife a bhí nuair a rith liom: Cén uair nach nglaofar a thuilleadhBríd Óg’ ar Bhríd Óg Bhuachalla. Cinnte, bhí óg tráth agus níl aon amhras ach gur fheil an aidiacht di, fiú, go raibh leis an aidiacht a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus Bríd Bhuachalla eile a bhí in aon teach in aon rang léi ar scoil. Ach féach, níl Bríd óg a thuilleadh. hionann sin agus a nach bean bhreá í. Is breá liom an bealach a léann an nuacht, an bealach ina ndeir Conas atá agat um thráthnóna?” sula dtosaí ar na scéalta nuachta a roinnt. Cuireann Dusty Springfield i gcuimhne dom. Ach óg! Ar ndóigh, beidh an fhadhb chéanna ag Seán Óg Ó hAilpín sar i bhfad. cheana ag Seán Óg Ó Ceallacháin, bail ó Dhia air.

Imeacht in Iomrall

Sin an cineál tionchair a bhíonn ag an stáisiún seirbhíse ar dhuine is dócha. Spreagfaidh smaointe fánacha. Is cuimhin liom clár raidió a craoladh anseo cúpla bliain ó shin, clár inar cuireadh agallamh ar dhaoine a bhí ag obair ar na mótarbhealaí sa Fhrainc - sna stáisiúin seirbhíse mar shampla, ag cabhrú le tiománaithe ar chlis a gcuid feithicilí orthu agus ar uile. Bhí a scéal féin ag gach duine acu, faoin tiománaí a shuigh isteach sa charr mícheart i ngan fhios tar éis teacht amach as an leithreas agus ionadh air go raibh an codladh tar éis titim ar an gclann ar fad le linn a bheith imithe. D’imigh leis cosa in airde agus é sásta go mbeadh roinnt suaimhnis aige agus é ag tiomáint in ionad a bheith ag éisteacht le daoine ag troid agus ag achrann ar a chúl sa charr. Níor thug faoi deara go raibh an carr mícheart tógtha aige go dtí gur dhúisigh duine de na páistí agus gur labhair leis i bPléimeannais!

Chualathas faoi eachtraí eile a tharla a chuirfeadh sceoin ort mbainfidís duit féin ach a chuirfeadh ag gáire thú, b’fhéidir, fhad is gur duine eile a bheadh i gceist. Tuismitheoirí nach dtugann faoi deara go bhfuil duine de na páistí in easnamh go dtí go bhfuil an stáisiún seirbhíse fágtha acu. Faoin am sin ródhéanach casadh timpeall ar an mótarbhealach chun dul ar ais agus an páiste a fháil. Caithfidh siad fanacht go dtí go dtiocfaidh siad chuig an gcéad sortie eile, slí éalaithe’- nach oiriúnach an téarma é - 50 cileaméadar níos faide ar shiúl agus iad ag iarraidh i rith an ama teagmháil a dhéanamh leis an gendarmerie nationale chun teacht i gcabhair ar an bpáiste.

Bhí scéal amháin ar chuir suntas ann, scéal faoin gclann seo a bhí ag dul ar ais go dtí an Ísiltír tar éis saoire an tsamhraidh a chaitheamh in ionad campála i ndeisceart na Fraince. Ar an drochuair, an tseanmháthair a bhí ar saoire in éineacht leo, fuair bás dhó roimh an dáta a bhí socraithe acu filleadh abhaile. Cheannaigh siad cónra di agus cuireadh ann í. Cuireadh suas in airde ar dhíon an chairr í len í a thabhairt abhaile. Bhí orthu stopadh i stáisiún seirbhíse ar an mbealach abhaile, ar ndóigh, agus tugadh faoi deara, gan amhras, go raibh cónra ar bharr an chairr acu. Rinne bainisteoir an stáisiúin seirbhíse teagmháil leis na póilíní láithreach. Is é an míniú a bhí ag an gclann nár thuig siad gur ghá bás na seanmháthar a chur in iúl do na húdaráis sa Fhrainc. Macalla ansin d’Aunt Edna agus do mhuintir Griswold sa scannán National Lampoon’s Vacation!

Jean-Claude Romand

Ach is scéal níos casta fós é cás Jean-Claude Romand a chuir ina luí ar a bhean chéile agus ar a chomhluadar gur dhochtúir é a bhí ag obair don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa Ghinéiv. Níor dhochtúir in aon chor é mar gur theip air sa chúrsa ollscoile a dtug faoi. Sa leabhar L’Adversaire a scríobh Emmanuel Carrère agus atá bunaithe ar shaol Romand, feictear an príomhcharachtar ag imeacht as an teach chuile mhaidin chun dul ag obair, mar dhea, ag ligint air go mbeidh imithe ón mbaile ar feadh tréimhse cúpla toisc go gcaithfidh freastal ar chomhdháil éigin i dtír iasachta a bhaineann lena chuid oibre. Caitheann a chuid ama i gcarrchlósanna i stáisiúin seirbhíse éagsúla sa Fhrainc agus san Eilbhéis in ostáin anaithnide a fheictear go minic ar thaobh an mhótarbhealaigh. Mhair an saol bréagach seo ar feadh ocht mbliana déag go dtí nár fhéad an cur i gcéill a cheilt a thuilleadh. Is leor a anseo gur chríochnaigh cúrsaí go tragóideach sa chás áirithe seo agus gur gearradh príosún saoil ar Romand in 1996. de bhuntáiste ag an stáisiún seirbhíse, is dócha, gur féidir é a fhágáil aon uair is mian leat.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.