CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An míbhuntáiste a bhaineann le Google
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

an t-inneall cuardaigh Google ag scriosadh na cruthaitheachta, dar le Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

bréan de dhaoine a bheith ag caint faoi Google. Gach ar an raidió, ar an teilifís, sna nuachtáin agus go deimhin ar an idirlíon bíonn duine éigin, áit éigin ag caint faoi Google. De ghnáth, seo an cineál ruda a deirtear: “Is maith liom Google. Cuireann siad seirbhísí úsáideacha ar fáil saor in aisce. ag éirí go maith lena gcuid scaireanna. Ach dóigh liom go n-éireoidh leo airgead ceart a thuilleamh riamh.”

B’fhéidir go bhfuil roinnt den fhírinne sna scéalta seo, ach an bhéim iomlán ar chúrsaí gnó ag ceilt fírice i bhfad níos , is é sin go bhfuil cur chuige Google ag athrú na slí a oibríonn muid agus an tslí a n-imríonn muid. Agus ag déanamh an rud sin níos leadránaí.

Google leadránach? Níor chóir go mbeadh na focail sin san abairt chéanna, dar le roinnt daoine. Ach cumhacht na n-inneall cuardaigh ar nós Google ag athrú na slí a mbíonn muid ag déileáil le gach saghas eolais. bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leithagus an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.

Ach ar dtús, cosúil le gach duine eile a bhíonn ag scríobh faoin ábhar seo, caithfidh a admháil gur maith liom Google. Is breá liom formhór na seirbhísí úsáideacha a chuireann siad ar fáil saor in aisce. Caithfidh a admháil freisin go bhfuil ag éirí go maith lena gcuid scaireanna. Agus dóigh liomsa ach an oiread go n-éireoidh leo airgead ceart a thuilleamh riamh. Ach, anuas air sinagus seo an difear idir m’altsa agus GnáthAlt Ar Google ( GAAG) - ceapaim go bhfuil Google ag scriosadh ár gcruthaitheachta.

Cén fáth a gceapaim é sin? Bhuel, toisc le Google nach dtagann muid riamh ach ar an eolas atá á lorg againn. Déanann muid eochairfhocal éigin a chlóscríobh isteach agus láithreach bonn faigheann muid deich leathanach idirlín faoin ábhar sin. Agus leanann na saghsanna cuardaigh ar aghaidhNuair atá eitilt á lorg againn déanann muid é a chuardach. Nuair atá muid ag iarraidh píosa ceoil a chloisteáil déanann muid cuardach tríd ar gcartlann le clár ar nós iTunes. Nuair atá muid ag déanamh glao fóin, déanann muid cuardach ar ainm duine ar ár nguthán siúil. Is beag rud na laethanta seo nach dtosaíonn le cuardach de shaghas éigin ar phíosa trealaimh leictreonaigh.

Ach cad atá cearr leis an gcur chuige seo? Ar ndóigh, sábhálann muid a lán ama ar an gcaoi seo agus tagann muid go tapa ar an eolas atá uainn de ghnáth. Ach is míbhuntáiste mór é nach dtaispeántar aon rudaí nua gaolmhara dúinn. bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon anois ach ag dul ó chuardach amháin go dtí cuardach eile. Thuig siopaí ar líne é seo tamall maith ó shin agus anois cuireann siad brú orainn dul ag brabhsáil. Mar shampla, sula ligeann siad dúinn leabhar a roghnaigh muid féin a cheannach bíonn orainn féachaint trí liosta de scata leabhar a cheannaigh daoine eile.

ghnáth, thugann Google ach radharc cúng ar an idirlíon dúinnradharc atá teoranta go dtí an rud atá á lorg againn. Ar ndóigh, bíonn leis an saghas seo teorannaithe ar an idirlíon ó am go ham toisc go bhfuil an méid sin eolais ar fáil, ach ciallaíonn gur beag rud nua as an ngnách a thaispeántar dúinn agus is beag spreagadh a fhaigheann ár n-aigne.

Mar léiritheoir teilifíse, bíonn orm féin déanamh cinnte de go mbím in ann smaoineamh go cruthaitheach agus teacht ar chur chuigí nua go rialta - fiú amháin agus ag druidim le spriocdháta tábhachtach. Ceann de na cleasanna is fearr chuige sin rudaí nach ndéanfainn de ghnáth a thriailis leor rudaí simplí ar nós iris nua nár léigh cheana a cheannach, dul chuig an obair ar shlí éigin as an ngnách. Cabhraíonn na rudaí beaga seo ar fad leis an intinn fanacht bríomhar. Ach nuair a bhíonn muid ag úsáid ríomhairí agus ag lorg eolais ar an idirlíon is beag deis a bhíonn againnféachaint timpeallagus teacht ar aon eolas nach raibh á lorg againn. go bhfuil innill chuardaigh go hiontach nuair atá ag lorg eolais agus faoi bhrú, níl siad rómhaith nuair atá ag iarraidh teacht ar roinnt inspioráide.

Chun cabhrú leis an gcruthaitheacht a choimeád beo, déanaim cinnte de go bhfuil an leathanach baile ar a n-osclaíonn mo bhrabhsálaí idirlín go huathoibríoch ildaite agus suimiúilagus go n-athraíonn an t-eolas air go rialta. Is breá liom ansin cúpla nóiméad a chaitheamh gach ag féachaint ar na rudaí as an ngnách atá ar an leathanach sinrudaí nach mbeadh feicthe agam go deo mbeadh Google.ie mar mo leathanach baile.

Sin an tslí is fearr chun a chinntiú nach n-athraíonn Google muid an iomarca: gan dul ag cuardach i gcás gach ruda ach ligean do roinnt rudaí teacht chugainne. B’fhéidir go gcuirfidh an cur chuige réabhlóideach seo an bhrabhsáil ar ais i mbrabhsálaithe idirlín!

Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie). Bíonn ag obair ar fhíseáin, tionscdail DVD agus pacáistí CD-ROM do raon leathan eagraíochtaí in Éirinn agus thar lear. Lena chois sin, foilsíonn GaelSpell, an litreoir Gaeilge do Microsoft Word agus Office ar Windows, ar an suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.