AR NA SAOLTA SEO
An Leanbh Óg agus an Taithí Saoil
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Is é is spéis le Ciarán Mac Aonghusa faoi láthair, eolaíocht agus rúndiamhaire an leanbáin, an duine úr inár measc agus an dóigh a rachaidh an saol i bhfeidhm air ón chéad tarraingt anála. Is tionscal le háireamh ag leithéid Alison Gopnik é agus ag dream daoine nach í, na leabhair is na cluichí a chur ar sheilf an tsiopa.

Íomhá
Tadhall agus tástáil
Íomhá
An t-aigneolaí Sigmund Freud sa bhl. 1921
ar Vicipéid
Íomhá
An t-aigneolaí Jean Piaget
le Roland Zumbühl ó Picswiss.ch ar Vicipéid

Bhí cuma neamhdhaonna air ar bhealach: é ina chraiceann dearg, an dath liathghorm air, agus a cholainn saolta fliuch agus craptha. Ach ar mhodh draíochtúil, tháinig loinnir ann, bhoggo fíochmhar, líon sé a scamhóga don chéad uair, agus lig sé gáir as. Ba mar sin a tháinig mo mhac, Odhrán, ar an tsaol i lár na míosa seo caite.

Is beag tuismitheoir nach mbogann a chroí nuair a fheiceann sé leanbh leis ag teacht chun an tsaoil. Tá iontas agus rúndiamhaire ag baint le breith an duine. Cé gurb é an dara duine clainne agam é Odhrán, tháinig na deora liom nuair a chuala mé a comhfhiosach=conscious">="gloss" title="voice">ghlór don chéad uair. Má théinn ócáid na breithe go mór i bhfeidhm ar an tuismitheoir, áfach, ní doiligh a chreidiúint gur mór (agus b’fhéidir gur uafásach) an suaitheadh a fhaigheann an leanbán agus é ag teacht ar an tsaol. Go tobann, bíonn ar an leanbh maireachtáil go neamhspleách - bíonn air a anáil a tharraingt agus a chuid a ól; líontar a shúile go tobann le solas an lae, agus buaileann tormán an tsaoil a chluasa. Doirteann an raic agus an ruaille buaille ar fad isteach i nglanintinn an linbh trína chéadfaí cinn.

Cheap fealsúnaithe agus aigneolaithe go dtí le gairid gur ar éigean a bhíonn leanbán comhfhiosach agus gur beag an cumas a bhíonn ann aon eolas ceart a chur ar an domhan. Dar le Freud agus Piaget (ceannródaí i réimse aigneolaíocht na forbartha), ní bhíonn an leanbán, nó an leanbh óg, in ann idirdhealú a dhéanamh idir an fhírinne agus an bhréag. Ach tuigtear faoi láthair gur féidir leis an pháiste dhá bhliain d’aois idirdhealú a dhéanamh idir cur i gcéill agus an réaltacht – nó idir an súgradh agus an dáiríre! Léiríonn Alison Gopnik ina leabhar cáiliúil ‘The Philosophical Baby’, go dtuigeann an naíonán nach bhfuil ach cur i gcéill i gceist nuair a bhíonn siad ag súgradh. Ach tá feidhm dháiríre leis an spraoi freisin – is as an tsúgradh a chuireann an páiste eolas ar an tsaol.

Oiliúint an tSaoil

Is úr ag an leanbh, nó an gasúr (< gas+úr) an domhan ina thimpeall. Déanfaidh an leanbh tástálacha ina thimpeall d’fhonn eolas a chur ar an domhan. Dar le Gopnik, is eolaí beag é gach leanbh a bhaineann úsáid as gnáthuirlisí na heolaíochta: tástáil agus breathnú. An dá ghníomh seo is ábhar don ghearrscéal ‘Dúil’ le Liam Ó Flaithearta (Bhí naíonán fireann ag imirt le gligín ar an mbrat urláir, ....). Le hais na n-ainmhithe eile, bíonn óige an-fhada ag an duine, rud a chuireann ar ár gcumas seal fada a chaitheamh ag déanamh na dtástálacha seo agus ag cur eolas maith ar an domhain. Is i ngeall ar an tréimhse fhada thrialach seo atá an duine ar an chineál is rathúla ar domhan.

Síleadh lá den tsaol go raibh leanaí óga neamhréasúnach agus mímhorálta, ach níl sin amhlaidh feasta. Léiríonn Gopnik go dtuigeann an leanbh dhá bhliain d’aois an difríocht idir rialacha a bhfuil bun mórálach leo (‘ná déan dochar do leanbh eile’) agus rialacha nach bhfuil ach oiriúnach, nó feidhmiúil (‘bain na bróga díot ag an doras’). Léiríodh i dtástálacha gur thuig gasúir óga nach raibh sé ceart dochar a dhéanamh do leanaí eile, fiú amháin dá ndéarfadh an múinteoir go raibh sé sin ceadmhach, nó ceart.

Díríonn Gopnik ar an cheist is tábhachtaí: má tá an leanbh óg comhfhiosach, cén difríocht idir an comhfhios a bhraitheann sé agus an comhfhios a bhraitheann an duine fásta? Is é tuairim Gopnik nach bhfuil ‘insint’ ag an pháiste ar a shaol féin: níl stair aici agus níl todhchaí. Ní fheictear don leanbh, mar a fheictear don duine fásta, go bhfuil ‘féin’ i gceist atá ar turas tríd an tsaol. Níl ar intinn an linbh ach an t-am i láthair.

An Chríonnacht

Ní thiocfadh le duine fásta obair an lae a dhéanamh nó páirt a ghlacadh sa tsochaí murach an cumas atá ann scagadh a dhéanamh ar an lear mór eachtraí agus seachrán atá ina thimpeall. Agus tú ag tiomáint, ní mór d’aird a dhíriú ar an bhóthar agus neamhaird a dhéanamh den scaifte ógánach atá in adharca a chéile ar an chosán. Níl an cumas scagtha seo ag an leanbh óg. Tá rabharta eolais (íomhánna agus fuaimeanna ach go háirithe) ag sileadh isteach ina intinn an t-am ar fad. Tá sé mar a bheadh duine fásta agus é ag teacht isteach i dtír eachtrannach. Níl ann ach gach iontas i ndiaidh a chéile – agus beidh a oiread eolais úir ann uaireanta is go gcuirfidh sé mearbhall ort.

Murar chuir lucht saineolais spéis in intinn an linbh roimhe seo, is iontach an chaoi ar chuir an pobal dúil i dtorthaí an taighde. Tá tionscadal mór bunaithe ar eolas ar pháistí agus ar thógáil clainne; agus craoltar cláir theilifíse go minic ar fhorbairt an linbh nó ar intinn an ghasúir. Ar chaoi ar bith, ní hionann an caidreamh idir leanbh an lae inniu agus a thuismitheoirí agus an caidreamh a bhíodh ann cúpla glúin ó shin. Bhíodh clanna móra ann agus bhíodh ról mór ag an mhuintir ar fad – idir sheandaoine agus ghasúir eile a bhí ag teacht i méadaíocht – i gcúram na leanaí óga. Níor gan siocair mhaith a tugadh máthair/athair ‘críonna’ ar dhaideo agus ar mhaimeo, mar ba iontach an ‘chríonnacht’, nó gaois an tsaoil, a bhí cruinnithe acu agus ba an-sás oiliúna agus oideachais in aon teaghlach a leithéid. Is aidiacht é ‘críonna’ ar fhás an dara ciall leis. Léirigh Micí Mac Gabhann (.i. Mac Dhubháin ó cheart) taobh an oideachais dúinn ina leabhar ‘Rotha Mór an tSaoil’ faoin chuntas ‘Mar a d’Fhoghlaim mé an Aibítir’. Ní bhíonn oiread sin leanaí i dteaghlach na linne seo, agus is minic nach mbíonn daoine muinteartha ina gcónaí in aon pharóiste amháin. Is dócha gur i ngeall ar na hathruithe seo a luíonn tógáil na clainne chomh trom ar thuismitheoirí na linne seo.

An Féinadhradh

Creidim féin go bhfuil an naircisíocht ina cúis leis an chaoi a bhfuil tuismitheoirí na linne seo dúghafa lena gcuid gasúr. Bíonn tábhacht ag baint leis an insint a chuirtear ar bheatha an duine i saíocht na linne seo, ar an stádas atá bainte amach aige nó aici, agus is tábhachtach an turas beatha a fheiceann an duine dó féin, nó di féin. Níl sa leanbh ach síneadh leis an scéal sin, caibidil eile i mbeathaisnéis an tuismitheora féin. Féachann an tuismitheoir ar an pháiste mar dhuine a chuirfidh a bhrionglóidí féin i gcrích, ní go díreach ach go hionadach.

Nuair a amharcaim ar mo mhac óg – nach bhfuil ann go fóill ach leanbán – téann a áilleacht agus a shoineantacht i bhfeidhm orm. Tá foirfeacht ag baint leis, faoi mar atá ag baint le gach leanbán dár saolaíodh riamh, agus mothaím teas agus teannas i mo chroí san am chéanna. Tuiscint go bhfuil an fhoirfeacht ag dul i léig cheana féin is cúis leis an teannas. Tá cuid de mo chroí ag súil go bhfanfaidh sé in a leanbán go deo ach tá cuid eile ag súil lena fheiceáil ina pháiste, ina dhéagóir, ina fhear óg.

Is cuma ar bhealach cén t-eolas a chuirfidh eolaithe ar fhorbairt an leanbáin, ní chuirfidh aon teoiric ná aon fhealsúnacht síos i gceart ar an chion atá an tuismitheoir dá leanbh. Thig linn an bhrí iomlán a chur in iúl leis an fhocal trí litir sin: an grá.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.