AR NA SAOLTA SEO
An Gréasán: Fiche Bliain ag Fás
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

an gréasán domhanda fiche bliain d’aois agus is cuimhin le Ciarán Mac Aonghusa é nach mór ón tús.

Íomhá
Tim Berners-Lee
le Uldis Bojārs ar Flickr
Íomhá
Tógáil an LHC ag CERN
le Freerk ar Vicipéid
Íomhá
Lasmuigh den teach
Íomhá
Cuimlíonn an gréasán den mhóramh

Ar an 6ú de mhí Lúnasa 1991, fiche bliain ó shin, sheol an t-eolaí Sasanach, Tim Berners-Lee teachtaireacht chuig an nuachtghrúpa alt.hypertext, teachtaireacht inar fhoilsigh a smaointí ar bhealach chun doiciméid agus eolas a roinnt ar an idirlíon. Ba mar sin a tháinig ann don Ghréasán Domhanda (World Wide Web). Bhí Berners-Lee ag obair le CERN (An tIonad Eorpach um Thaighde Eithneach) san am agus bhí bealach de dhíth ar an eagraíocht a chuirfeadh ar chumas na n-eolaithe torthaí an taighde a roinnt. Ba bheag a cheap go raibh tús curtha aige le úr theicneolaíoch a chuirfeadh athrú suntasach ar shaol an duine agus a d’athródh cúrsaí gnó mar a tharla.

hionann an Gréasán Domhanda agus an t-idirlíon, gurb ionann a gciall sa ghnáthchaint anois. Is bonneagar faisnéise é an t-idirlíon a chuireann ar chumas ríomhairí beartáin bheaga faisnéise a sheoladh eatarthu féin. Tháinig an córas seo ó thionscnaimh mhíleata sna Stáit Aontaithe i ndeireadh na seascaidí. Ach is cosúla le seirbhís ( bailiúchán seirbhísí) é an Gréasán Domhanda. I measc na seirbhísí sin YouTube, Facebook, Twitter, Google, na suímh nuachta, agus mar sin de.

Go gairid tar éis do Berners-Lee an bunsmaoineamh a nochtadh, cuireadh gréasán bunúsach i bhfeidhm. Níor tháinig fás ceart faoin ghréasán, áfach, go dtí gur tháinig an brabhsálaí Mosaic ar an bhfód sa bhliain 1993. (Is cuimhin liom féin a bheith á úsáid thart fán am sin agus i mo mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe!). Faoin bhliain 1995 bhí 15 milliúin duine ag úsáid an Ghréasáin Dhomhanda.

An Ríomhthráchtáil

Thosaigh an lucht gnó ag cur spéise san idirlíon thart ar an am chéanna. Thart fán tráth seo a chuir leithéidí an Irish Times agus leabharlann Chionnaith i gcathair na Gaillimhe a gcuid seirbhísí ar fáil ar líne. Bhí tús curtha leis an ríomhthráchtáilagus, i ngan fhios, leis an bhorradhponc com”. Bhí na céadta milliúin dollar á n-infheistiú i ngnóthaí idirlín. Ach ar an drochuair raibh a fhios fós hiad na samhlacha gnó a d’fheilfeadh don idirlíon. raibh ann ach borradh amhantrach agus thit an tóin as sa bhliain 2000 nuair a theip ar chuid mhór cuideachtaí idirlín.

Ina dhiaidh sin, áfach, leanadh leis an fhorbairt ar bhun inbhuanaithe. De réir a chéile tógadh bonneagar leathanbhanda a chuir ar chumas lucht an ghréasáin seirbhísí den chéad ghlúin eile a chur ar fáil. TugadhWeb 2.0 air seo. suímh a bheadh ann feasta achtairseacha, áiteanna a mbeadh daoine in ann imoibriú le seirbhísí ba shaibhre: bheadh fuaim agus físeán i gceist. Ba mar sin a tháinig ann do na gréasáin shóisialta a chuir ar chumas daoinepobail’ a chruthú agus a saoil phearsanta ghairmiúla a roinnt le baill an phobail ( leis an phobal i gcointinne mba mhian leo). Chomh maith leis na mórathruithe a tháinig ar na seirbhísí, cuireadh an tsoghluaiseacht san áireamh. Faoi láthair táthar ag caint ar antsíornasc’ agus ar sheirbhísí idirlín a bheith ar fáili ngach áit ag gach uair’.

Ach cén toradh a bhí ar theacht ann don Ghréasán? Agus cén tionchar a imríonn ar shaol na linne?

Nuair a tháinig cruth ar an ghréasán thuig daoine go raibh féidearthachtaí móra sóisialta agus polaitíochta ag baint leis. Bhí a fhios mar shampla go mbeadh ina áis mhór chumarsáide. Shíl scríbhneoirí idéalaíocha ar nós John Perry Barlow gur geall le teorainn úr don chine daonna é an t-idirlíon. Nuair a rachadh an tsochaí thar an teorainn nua seo, dar leis, chlisfí ar an tseanord. Bhainfeadh na gnáthdhaoine an chumhacht ón stát agus ón ardaicme faoi dheireadh trí úsáid a bhaint as áiseanna cumarsáide agus eolais an idirlíon.

Druidim Siopaí

Níl deireadh le héabhlóid an idirlín fós, baol air, ach sílim go dtuigfimid anois nach mbeidh chomh cinniúnach is a ceapadh ar dtús. chuirfidh deireadh leis na seanstruchtúir chumhachta, ach mar sin féin is cinnte go n-athróidh an saol ar bhealaí tábhachtacha. Go dtí seo is ar chúrsaí gnó agus ar chúrsaí cumarsáide is a d’imir an gréasán a thionchar.

D’athraigh an gréasán roinnt gnóthaí go mór. Meastar go gcuirfidh deireadh leis an nuachtán traidisiúnta atá i mbaol ar fud an domhain. cosúil go fóill gurb amhlaidh don leabhar, ach earnáil na foilsitheoireachta suaite go maith ag an líon. Is ar dhá bhealach a chuireann an gréasán isteach ar chúrsaí leabhar. Ó thaobh na miondíola de, soiléir le fada go bhfuil an cath bainte ag leithéidí Amazon agus gur gearr go mbeidh deireadh ar fad leis an tseansiopa leabhair. siopa cáiliúil Chionnaith imithe le fada, cuirim i gcás, agus níl acu anois ach seirbhís idirlín. Bhíodar ag díol leabhar sa siopa le dhá ghlúin anuas. Dhún Waterstones a siopa mór ar shráid Dawson le déanaí. Dhún dhá shiopa leabhar i Sligeach in achar roinnt seachtainí, an Booknest agus Keohanes. Bhí Keohanes ar an mbaile sin le dhá ghlúin. Iad siúd atá fágtha líon na leabhar a bhíonn ar fáil iontu ag titim an t-am ar fad. Gan mhoill, bheidh le fáil iontu ach irisí agus roinnt leabhar le daoine móra le .

hamháin ar dhíol leabhar a tháinig an t-athrú. na leabhair féin a scaipeadh go leictreonach i bhfoirm comhad a léitear ar Kindle ar fhón póca go fiú. An scéal céanna le cúrsaí ceoil. Bhí Tower Records ar cheann de na sreangshiopaí ceoil is sna Stáit Aontaithe. Dhún siad a ndoirse sa bhliain 2006.

I measc na ngothaí eile atá athruithe tionscal an taistil, tionscal na fógraíochta, tionscal na teilifíse, agus tionscal na baincéireachta. Anuas air sin athrú an-mhór tagtha ar an nasc idir chomhlachtaí áirithe i slabhra an tsoláthair – “gnó go gnó”.

Treonna Eile

Is féidir an t-athrú a chuir an gréasán ar chúrsaí gnó a mheas ar bhealach éigin. luach geilleagrach i gceist agus go teoiriciúil d’fhéadfaí na feidhmiúlachtaí costais a mheas. Ach féidir na hathruithe sóisialta a mheas go cruinn. Níor tháinig Facebook ar an tsaol go dtí 2004 agus na gréasáin shóisialta ag dul i dtreise in aghaidh an lae. glúin óg ag teacht aníos a bhfuil nádúrtha dóibh go leor ama a chaitheamh ag gréasánaíocht. fios go fóill hiad na cineálacha pobail a eascróidh as an deis seo.

Bhain Barack Obama leas as an ghréasán ina fheachtas toghchánaíochta mar ghléas bailithe airgid agus mar mheán cumarsáide. Ach féidir a fós gur athraigh an gréasán cúrsaí toghchánaíochta ó bhun go barr. chomh tábhachtach is a bhí riamh gabháil i bhfeidhm ar na sluaite mar dhuine agus mar cheannaire. Deirtear gur baineadh leas as an ghréasán sna muirthéachtaí Arabacha i dTuaisceart na hAfraice le gairid. Is dóigh liom gur uirlis amháin é an gréasán i measc roinnt mhaith uirlisí a bheidh in úsáid amach anseo i réimse na polaitíochta ach nach féidir a go n-athróidh bonneagar na sochaí.

Faoi láthair níos na dhá mhíle milliúin úsáideoirí idirlín. 750 milliúin úsáideoirí ag Facebook féin. Gan mhoill beidh gach duine ar domhan ina úsáideoir idirlíonach amháin an líon mór atá beo bocht. Ar bhealach cuirfidh leis an deighilt idir saibhir agus daibhir faoi mar a rinne gach gléas teicneolaíochta eile ón ghuthán go dtí an teilifís. Ach sílim go gcothóidh an gréasán oscailteacht i gcúrsaí gnó agus polaitíochtabíonn daoine ag súil go mbíonn mioneolas a bhaineann le riaradh na gcomhairlí contae na gcomhlachtaí móra a bhfuil spéis acu iontu ar fáil ar líne. Cuirfidh ar chumas daoine gluaiseachtaí a bhunú go gastago háitiúil go hidirnáisiúnta. Agus beidh ina uirlis thábhachtach i gcúrsaí gnó.

Ar bhealach fás an ghréasáin ina chuid de scéal níos ar fadan domhandú. Cuirfidh an gréasán leis an domhandú féin, agus cuirfidh an domhandú le forbairt an ghréasáin. Níl an scéal seo ach ina thús.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.