TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
An Gaeilgeoir bródúil aonair
Tadhg Ó Muiris Tadhg Ó Muiris

Chaith Tadhg Ó Muiris roinnt mhaith blianta ag foghlaim na Gaeilge ina aonar ach bhí an-leisce air an teanga a labhairt an chéad uair a bhuail le cainteoir líofa.

Íomhá
Íomhá

Rugadh in Toronto, Ceanada, i 1959, ach tháinig mo thuismitheoirí ó áit iargúlta in Abhantrach Ottawa Uachtaraí, ceantar inar chuir mórán Gael fúthu sa 19ú céad. Is amhlaidh a bhí an Ghaeilge á labhairt mar phríomtheanga na ndaoine ann go dtí tús na 20ú haoise.

Bhíodh an nós agam bheith ag éisteacht le ceirníní Éireannacha beagnach gach agus i mo ag éirí aníos. Ocht mbliana mar sin a bhí agam nuair a chuala Liam Clancy den chéad uair agusÉamonn an Chnoicá chasadh aige. Mheas gurbh é an t-amhrán ab áille agus ba bhrónaí dár chuala riamh, ach níorbh fhéidir liom focal de a thuiscint, dar ndóigh. D’fhiafraigh de mo mháthair cad é a bhí á ag an bhfear sin ar an gceirnín, agus d’fhreagair nach raibh fhios aici, gurbh í an Ghaeilge a bhí á canadh aige, agus gur teanga a bhí inti a bhí marbh ar fad. “ labhraíonn aon duine í na laethanta seo,” ar sise.

Ba dheacair dom é seo a chreidiúint, agus dóbair gur bhris mo ghol orm nuair a chuala an scéal uafásach seo. Chiúnaigh mo mháthair trí chur in iúl dom gur i gCeanada amháin a bhí i gceist aici, agus go raibh an teanga á labhairt in Éirinn fós. Is mar sin a thosaigh mo shuim agus mo dhúil sa Ghaeilge, agus thar na blianta mhéadaigh mo mhian chun an teanga a fhoghlaim. Ach raibh mórán áiseanna ar fáil chun an méid sin a dhéanamh in Toronto na laethanta sin: go bhfios dom, raibh ranganna le fáil leabhair le ceannach, easnamh a ghoill go mór orm.

Agus bliana déag d’aois, thug faoi deara leabhar, Teach Yourself Irish, le Myles Dillon agus Donncha Ó Cróinín, ar díol i siopa. Gheit mo chroí le háthas: faoi dheireadh, bheinn in ann mistéiríÉamonn an Chnoica fhuascailt! Cheannaigh an leabhar gan mhoill ina dhaidh sin agus abhaile liom le mo stór nua-aimsithe.

Is é seo an modh féinteagaisc a chuir romham: tar éis gach ceacht a chur de ghlanmheabhair, théinn ar ais chun na ceachtanna uile a tháinig roimhe a athdhéanamh sula dtosaínn ar cheann eile. Tar éis mhí, bhí gach uile cheacht sa leabhar críochnaithe agam, agus chuaigh tríd arís - faoi dhó, faoi thrí - gur thit an leabhar as a chéile ar fad. Cheannaigh cóip eile ansin, agus thosaigh arís. raibh an dara rogha agam ag an am sin, gan ranganna, gan leabhair Ghaeilge, gan Ghaeilgeoirí. raibh aon Ghaeilge le fáil agam taobh amuigh den leabhar beag ionúin sin, ach bhí sásta go leor.

De réir a chéile, leathnaigh an domhan Gaeilge romham. Osclaíodh siopa Éireannach sa chathair, agus bhí leabhair Ghaeilge ar díol ann: foclóirí, úrscéalta, filíocht agus drámaí. Thairis sin, bhí an athbheochan cheoil faoi lánseol, agus neart amhrán Gaeilge le coisÉamonn an Chnoicle cloisteáil agam chomh maith. Lean an scéal mar sin ar feadh deich mbliana - i mo Ghaeilgeoir bródúil aonair, agus gach aon duine in éad liom, sin mar a cheap .

Sea, bhí an-sásta liom féin agus an méid a bhí foghlamtha agam - gur casadh mo chéad fhíor-Ghaeilgeoir orm, mo léan! Labhair Gaeilge liom agus thuig é, a bheag a mhór, ach b’in é é. raibh in ann dhá fhocal a chur le chéile le labhairt leis. raibh aon chleachtadh agam ar an teanga labhartha, dar ndóigh, toisc nár ghá dom í a labhairt le haon duine riamh go dtí sin. Thit in éadóchas láithreach - raibh ionam ach bréag-Ghaeilgeoir. *Poseur! Dilettante! *

Ar ámharaí an tsaoil, chuala go raibh rang Gaeilge chun tosú sa chathair, agus chuaigh ann. go raibh caighdeán an ranga róbhunúsach dom ó thaobh na gramadaí de, thug deis dom aithne a chur ar Ghaeilgeoirí cearta, leithéidí an mhúinteora, Audrey Nic Ailpín, agus seans an teanga a labhairt le daoine beo. Théimis amach tar éis an ranga i gcomhair comhrá agus craice, agus tar éis cúpla d’fhéadfainn comhrá ceart a dhéanamh; tar éis cúpla eile chuireamair craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun in Toronto.

Ag foghlaim an cheoil

Le linn mo chuid staidéir ar an nGaeilge, bhí rudaí eile ar siúl i mo shaol, nach ionadh - bhí ag foghlaim na cruite Gaelaí, mar shampla. Dála mo chuid Gaeilge, áfach, níor sheinn riamh in áit phoiblí, go dtí gur iarr Audrey orm roinnt píosaí a chasadh ar an gcláirseach agtigín taea bhí á eagrú sa Chraobh. Bhain na daoine a bhí i láthair a lán taitnimh as mo chuid ceoil, de réir dealraimh, agus tugadh cuireadh dom chuig seisiún a bhí ar siúl i dtábhairne Éireannach cúpla trathnóna in aghaidh na seachtaine. Thosaigh dul ansin go rialta. Chláraigh i gComhaltas Ceoltóirí Éireann chom maith, agus sara bhfad bhí ag seinm le grúpa ceoil darbh ainm Kitty’s Kitchen. Thug mo chairde misneach dom amhráin Ghaeilge a cheapadh, agus fiú ceann dhó a chur ar an dlúthdhiosca a bhí á thaifeadadh againn. Rinneamar amhlaidh, agus chuir an pobal Gaeilge agus pobal an cheoil thraidisiúnta sa chathair fáilte fhial rompu.

I 1996, chuaigh go hÉirinn den chéad uair, agus ba chúis áthais dom seans a bheith agam Gaeilge na nGaeltachtaí a choisteáil. I 1998, chuaigh ar ais agus bhain an tríú háit amach ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal an Átha sa rannógAmhráin Nuacheaptha i nGaeilge”. Bhain an áit chéanna amach i 1999 sa Fhleadh in Inis Corthaidh. An bhliain dár gcionn, fuair deontas ó Chomhdháil Cheanadach na nEalaíon chun taighde agus cumadóireacht a dhéanamh in Éirinn sa cheol traidisiúnta Gaelach.

Is lárphointe tábhachtach Abhantrach Ottawa Uachtaraí, an réigiún arbh as do mo mhuintir, i dtaca leis an gceol agus leis an gcultúr Gael-Cheanadach go dtí an atá inniu ann. Baineann téamaí mhórchuid na n-amhrán a scríobhaim leis an gceantar sin, mar aon le troid na mbundúchasach i gcomhair féinrialtais, agus oidhreacht an Ghorta Mhóir i gCeanada.

Níor fhoghlaim an Ghaeilge, agus scríobhaim amhráin sa teanga sin, toisc gur bréag-Éireannach éigin ar mhaith leis seilbh a ghlacadh ar chultúr nach mbaineann leis i ndáiríre. Rinne amhlaidh toisc gur Ceanadach bródúil , duine de shliocht na nGael a tháinig go Ceanada agus a chuir le hoidhreacht chultúrtha na tíre sin. Dar liomsa nach féidir mo chuid cumadóireachta a scarúint ó chomhthéacs an ilchultúrachais, ceann de bhunphrionsabail phobal s’againne i gCeanada.

mbeinnse chun comhairle a chur ar aon duine ar mhaith leis an Ghaeilge a fhoghlaim, déarfainn leis gan mo shlíse a leanúint. Níl mórán daoine ann atá chomh diongbháilte sin agus go ndéanfaidís staidéar uaigneach fada leo féin (thugadh mo chairdetoratharorm) - agus dheanfainnse féin an tslí chéanna é, mbeadh an dara rogha agam.

Chun an fhírinne a , is é an t-aon chleachtadh de mo chuidse a mholfainn don fhoghlaimeoir ceachtanna a athdhéanamh arís agus arís eile, go mbeidh siad i bhfastó go dlúth ina inchinn. níos áiseanna ann na laethanta seo mar chúnamh don fhoghlaimeoir nua mar a bhí ann nuair a thosaigh mise - an t-idirlíon thar gach uile . Is iad an rud is tábhachtaí an dúil dhóite bheith agat an teanga a fhoghlaim, agus daoine eile a bheith agat ar féidir leo cuidiú leat sa chúram seo. Faigh daoine eile a bhfuil an teanga acu, más féidir, agus á foghlaim uathusan - agus, le cúnamh , thógfaidh deich mbliana ort dhá fhocal a chur le chéile!

níos eolais le fáil faoi Thadhg Ó Muiris agus a chuid ceoil ag: www.geocities.com/Paris/Cathedral/3638

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.